Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Aċṁúsan Nátan do Ḋaiḃi. 13 Dadṁuiġ Daiḃi a ṗeacaḋ.

1 Agus do ċuir an TIĠEARNA Nátan ċum Dáiḃi. Agus ṫáinic sé ċuige, agus a dúḃairt ris, Do ḃádar dias fear a néanċaṫruiġ; fear aca saiḋḃir, agus an fear oile boċd.

2 Do ḃí móran tréud agus ealḃann ag an duine ṡaiḋḃir:

3 Aċt ag an duine ḃoċd ní raiḃ aċ aṁáin, éanúan beag bainionn, noċ do ċeannuiġ se agus do ḃeaṫuiġ sé: agus dfás sé súas maráon ris féin, agus re na ċloinn; do iṫeaḋ sé ḋá ḃiaḋ, agus do iḃioḋ sé as a ċupán fein, agus do luiġeaḋ sé iona ḃrollaċ, agus do ḃí aige mar inġin.

4 Agus ṫáinic fear sliġeaḋ ċum an duine ṡaiḋḃir, agus do ċoigil sé buáin re na ṫréud féin, no re na ealḃa féin, do ḋeasúġaḋ neiṫe don noiḋe noċ ṫáinic ċuige; aċd do ġáḃ sé úan an duine ḃoiċd, agus do ḋeasuiġ é don duine ṫáinic ċuige.

5 Agus do las fearg Ḋáiḃi go mór a naġaiḋ an duine; agus a duḃairt re Nátan, Mar ṁairios an TIĠEARNA, an té do rinne sin geaḃuiġ sé bas go deiḃin:

6 Agus cáiṫfiḋ sé ceiṫre huáin do ṫaḃairt san nuan, do ċionn go ndéarna sé an ní so, agus do ḃríġ naċ raiḃ trócaire ann.

7 ¶ Agus a duḃairt Nátan re Dáiḃi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do unguiḋ misi ṫú ad ríġ ós cionn Israel, agus do ṡáor mé ṫú as láiṁ Ṡauil;

8 Agus ṫug mé tiġ do ṁaiġistir ḋuit, agus mná do ṁaiġistir ann huċd, agus ṫug mé tiġ Israel agus Iúdah ḋuit; agus dá mbuḋ ḃeag leaċd sin, do ḃéaruinn duit ós a ċionn sin a leiṫeid agus a leiṫéid oile so do neiṫiḃ.

9 Créd fár ṫarcuisniġ tú aiṫne an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ uile dá laṫaír? do ṁarḃ tú Uriah an Hititeaċ leis an ccloiḋeaṁ, agus ṫug tú a ḃean da beiṫ na mnáoi agad féin, agus do ṁarḃ tú é le cloiḋeaṁ ċloinne Ammon.

10 Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.

11 Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, tóigfe misi olc súas ad aġaiḋ amaċ as do ṫiġ féin, agus beanfa mé do ṁná ḋíot as coinne do ṡúl, agus do ḃéara mé dot ċoṁarsuinn íad, agus luiḋfiḋ sé led ṁnáiḃ a raḋarc na gréinesi.

12 Oír do rinne tusa a ḃfolaċ é: aċd do ḋéana misi an nísi as coinne Israel uile, agus as coinne na gréine.

13 Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.

14 Giḋeaḋ, do ċionn go ttug tú leis an ngníoṁso cúis ṁór dá náṁuid an TIĠEARNA do scanniuġaḋ, an leanaṁ fós do rugaḋ ḋuit, do ġeaḃa sé bás go deiṁin.

15 ¶ Agus dimṫiġ Nátan dá ṫiġ. Agus do ḃúail an TIĠEARNA an leanaṁ, noċ rug bean Uriah do Ḋáiḃi, agus do ḃí sé ro ṫinn.

16 Uime sin do ġuiḋ Dáiḃi Día fá an leanaṁ; agus do ṫroisg Dáiḃi, agus do ċuáiḋ a steaċ, agus do luiḋ feaḋ na hoiḋċe ar an talaṁ.

17 Agus déirġeadar sinnsir a ṫiġe, agus do ċúadar mar a raiḃ sé, da ṫógḃáil suás don talaṁ: aċ níor ḃáill leis, agus ní dúaiġ sé arán leó.

18 Agus tárla an seaċdṁaḋ la, go ḃfuáir an leanaṁ bás. Agus do ḃí eagla ar ṁuinntir Dáiḃi a innisin dó go ḃfuáir an léanaṁ bás: óir a duḃradar, Féuċ, an fad do ḃí an leanaṁ fós beó, do laḃramar ris, agus níor éist sé ar nguṫ: ga ṁéid marsin ċráíḋfeas sé é féin, ma innseamuid dó go ḃfuair an leanaṁ bás?

19 Aċd a núair do ċonnairc Dáiḃi a ṡeirḃísiġ ag cogarnuiġ, do aiṫin Dáiḃi go ḃfuáir an leánaṁ bás: uime sin a duḃairt Dáiḃi re na ṡeirḃíseaċuiḃ, An ḃfúair an lenaṁ bás? Agus a duḃradarsan, Fuair sé bás.

20 Ann sin déiriġ Dáiḃi don taluṁ, agus dionnuil sé, agus do ċuir ola air féin, agus do áṫruiġ a éadaċ, agus ṫáinic go tiġ an TIĠEARNA, agus do aḋuir: ann sin ṫáinic sé ḋá ṫiġ féin; agus a nuáir do íarr, do ċuireadar arán ann a ḟiaḋnuise, agus dúaiġ sé e.

21 Ann sin a duḃradar a ṡerḃísiġ ris, Cred an ní so do rinne tú? do ṫroisg tú agus do ġuil tú ar son an leiniḃ, an feaḋ do ḃí sé beó; aċd a nuáir deug an leanaṁ, déiriġ tú agus duáiġ tú arán.

22 Agus a duḃairt seisien, An feaḋ do ḃí an leanaṁ fós beó, do ṫroisg mé agus do ġuil mé: óir a duḃairt mé, Cía agá ḃfuil a ḟios naċ bíaṫ Día grásaṁuil riom, go maḋ toil leis an leanaṁ da ṁarṫuinn?

23 Aċd a nois ó fuáir sé bás, créd fa ttroisgfinn? an ḃféaduim a ṫaḃairt ar ais a rís? raċaiḋ misi go nuige eision, aċd ní ḟillfe seision ċugamsa.

24 ¶ Agus do ḃí Dáiḃi ag déanaṁ sóláis dá ṁnáoi Bat‐seba, agus do ċuáiḋ sé a steaċ mar a raiḃ si, agus do luiḋ lé: agus rug sí mac ḋó, agus tug sé Solaṁ dainm air: agus dob ionṁuin leis an TIĠEARNA é.

25 Agus do ċuir sé le láiṁ Nátan an fáiḋ; agus do ġoír sé Iedidiah dainm ḋe ar son an TIĠEARNA.

26 ¶ Agus do ṫroid Ióab a naġaiḋ Rabbah caṫair ċloinne Ammon, agus do ġaḃ se an ċaṫair ríoġa.

27 Agus do ċuir Ióab teaċda ċum Dáiḃi, agus a duḃairt, Do ṫroid mé a naġaiḋ Rabbah, agus do ġaḃ mé caṫair na nuisgeaḋ.

28 Anois ar a naḋḃarsin cruinniġ an ċuid oile don ṗobal a gcionn a ċéile, agus suiġ ré haġaiḋ na cáiṫreaċ, agus bean amaċ í: deagla go mbeanfuinsi amaċ an ċaṫair, agus go ngoirfiḋe asam í.

29 Agus do ċruinniġ Dáiḃi an pobal uile a gcionn a ċéile, agus do ċuáiḋ sé go Rabbah, agus do ṫroid na haġaiḋ, agus do ġaḃ sé í.

30 Agus do ḃean sé coróin a ríġ ḋá ċeann, (bá hé a coṁṫrom tallann óir maille ris na cloċaiḃ búaḋa): agus do cuireaḋ ar ċeann Ḋáiḃi í. Agus ṫug sé leis amaċ éadáil na caiṫreaċ a níomarcuiġ ṁóir.

31 Agus ṫug sé amaċ na daóíne do ḃí san ccaṫruiġ sin, agus do ċuir sé íad fá ṫuiriosguiḃ, agus fa ḃracaḋuiḃ íaruinn, agus fa ṫúaġuiḃ íaruinn, agus ṫug orra dul a sórn áiṫċe na mbríceaḋ: agus mar so do rinne sé ré caiṫreaċaíḃ ċloinne Ammon uile. Mar sin dfill Dáiḃi agus an pobal uile go Hierusalem.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan