II Samuel 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Do ṡáruiġ Hánun reaċd na nríġeaċd. 6 Agus ḋíoġla air é. 1 Agus tárla na ḋíaiġ so, go ḃfuair ríġ ċloinne Ammon bás, agus gur ríoġaiḋ Hanun a ṁac ann a áit. 2 Ann sin a duḃairt Dáiḃi, Taisbeanfuiḋ mé muinntearḋus do Hanun ṁac Nahas, mar do ṫaisbéin a aṫair cinéul daṁsa. Agus do ċuir Dáiḃi daóine ḋá ṡerḃíseaċaiḃ dá ṁeisniuġaḋ ar son a aṫar. Agus tangadar séirḃísiġ Ḋáiḃi a steaċ go dúiṫċe ċloinne Ammon. 3 Agus a duḃradar prionnsuiḋe ċloinne Ammon ré Hanun a ttiġearna, An sáoileann tusa go ttugann Dáiḃi onóir dot aṫair, as a ccuirfeaḋ sé daóine dot ṡólásuġaḋ? naċ é aḋḃar far ċuir Dáiḃi a ṡeirḃísiġ ċugad, do spíonaḋ na caiṫreaċa, agus dá braṫ, agus dá scrios. 4 Ar a naḋḃarsin do ġlac Hanun serḃísiġ Ḋáiḃi, agus do ḃeárr ḋíoḃ leaṫ a ḃféasóg, agus do ġéarr a néaduiġe iona lár go nuige a mása, agus do ċuir ar siuḃal íad. 5 A núair do innisiodar sin do Ḋáiḃi, do ċuir sé aírrcís orra, do ċionn go raiḃ náire ṁor ar na daoiniḃ: agus a duḃairt an riġ riú, Fanuiḋ ann Ieriċo nó go ḃfásuiḋ ḃur ḃféasóga, annsin filliġ. 6 ¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear. 7 Agus a nuáir do ċúala Dáiḃi sin, do ċuir se amaċ Ióab, agus slúaġ na ndáoine árraċda uile. 8 Agus tangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a ndul a steaċ an ġeata: agus do ḃádar Sirianuiġ Ṡoba, agus Rehob, agus Iṡtob, agus Ṁaacah, leó féin sa maċaire. 9 A núair do ċonnairc Ióab go raiḃ aġaiḋ an ċaṫa air roiṁe agus na ḋiáiġ, do ṫoġ sé amaċ roġa ḟear Israel, agus do ċuir a naġaiḋ na Sírianaċ iad a nórduġaḋ: 10 Agus ṫug se an ċuid oile don tslúaġ a láiṁ Abisai a ḋearḃraṫair, dá ccur a nórduġaḋ a naġaiḋ ċloinne Ammon. 11 Agus a duḃairt sé, Má ḃíd na Sírianuiġ ro láidir ḋaṁsa, tárrsa ċuidiuġaḋ riom: agus má ḃíd clann Ammon roláídir ḋuitsi, ansin raċadsa ċuidiuġaḋ riot. 12 Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus foillsiġeam sinn féin ar ḃfearuiḃ ar son ar bpobail, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is maiṫ ann a raḋarc féin. 13 Agus do ḋruid Ióab láiṁ riú, agus na dáoine do ḃí na ḟoċair, go nuige an gcaṫ a naġaiḋ na Sírianaċ: agus do ṫeiṫeadar roiṁe. 14 Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ṫeiṫeadar na Sírianuiġ, ansin do ṫeiṫeadarsan mar an gcéadna roiṁe Abisai, agus do ċúadar a steaċ san ċaṫruiġ. Mar sin dfill Ióab ó ċloinn Ammon, agus ṫáinic sé go Hierusalem. 15 ¶ Agus a nuáir do ċoncadar na Sírianuiġ gur búaileaḋ íad féin le Hisrael, do ċruinniġeadar íad féin a cceann a ċéile. 16 Agus do ċuir Hadareser teaċda uaḋa, agus ṫug amaċ na Sírianuiġ noċ do ḃí táoḃ ṫall don naḃuinn: agus tangadar go Helam; agus Sobaċ Caiptín slóiġ Hadareser rompa. 17 Agus a nuáir do hinnseaḋ sin do Ḋáiḃi, do ċruinniġ sé Israel uile a gcionn a ċéile, agus do ċuáiḋ sé anonn tar Iórdan, agus ṫáinic go Helam. Agus do ċuireadar na Sirianuiġ íad féin a norduġaḋ a naġaiḋ Ḋáiḃi, agus do ṫroideadar ris. 18 Agus do ṫeiṫeadar na Sírianuiġ roiṁe Israel; agus do ṁarḃ Dáiḃi luċd ṡeaċd ccéud carbad do na Sírianaċaiḃ, agus ḋá ḟiṫċid míle marcaċ, agus do ḃuáil sé Sóbaċ caiptín a slóiġ, noċ fuair bás ann sin. 19 Agus a nuáir do ċoncadar na ríġṫe uile do ḃí na serḃiseaċaiḃ ag Hadareser, gur buaileaḋ íad féin roiṁe Israel, do rinneadar síoṫċaín ré Hisrael, agus do rinneadar serḃis dóiḃ. Mar sin dob eaguil leis na Sírianaċaiḃ congnaṁ ar biṫ do ṫaḃairt nios mó do ċloinn Ammon. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society