II Rioġ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Ata Iehu na sciúrsa ar Ahab, ar son a neíṁḋiaġaċd. 1 Agus do ġoir Elisa an faíġ air aon do ċloinn na ḃfáġ, agus a duḃairt sé ris, Criosluiġ súas do ċáol, agus glac an bocsa olasa ann do laíṁ, agus imṫiġ go Rámot‐ġílead; 2 Agus a nuáir ṫiucfas tú annsin, íarr Iehu mac Iehosaṗat ṁic Nimsi annsin, agus imṫiġ a steaċ, agus taḃair air éirġe ó ḃeiṫ a measc a ḋearḃraiṫreaċ, agus beir leaċd go seómra a ḃfad a steaċ é; 3 Annsin glac an bocsa ola, agus dóirt ar a ċeann é, agus abair ris, Is marso deir an TIĠEARNA, Do ungaíḋ mé ṫú ad ríġ ós cionn Israel. Annsin foscuil an dorus, agus teiṫ, agus ná déan coṁnuiġe ann. 4 ¶ Marsin do ċuáiḋ an tóganaċ sin, eaḋon an tógánaċ an fáiḋ, go Rámot‐ġílead. 5 Agus a nuáir ṫáinic sé, feuċ, do ḃádar caiptiniġ an tslóiġ na suiḋe; agus a duḃairt seision, Atá teaċdaireaċd agum ċugad, a ċaiptín. Agus a duḃairt Iehu, Cia aguinn dínn uile? agus a duḃairt seision, Atá ċugadsa, a ċaiptín. 6 Agus déiriġ seision, agus do ċuáiḋ don tiġ; agus do ḋóirt sé a nola ar a ċeann, agus a duḃairt ris, Is marso déir an TIĠEARNA Día Israel, Do úng mé ṫú ad ríġ ós cionn ṗobuil an TIĠEARNA, eaḋon ós cionn Israel. 7 Agus búailfiḋ tú tiġ Ahab do ṁaiġistir, ar ċor go ndioġóla misi fuil mo ṡerḃíseaċ na ḃfáġ, agus fuil ṡerḃíseaċ an TIĠEARNA uile as láiṁ Iesebel. 8 Oír scriosfuiġṫear tiġ Ahab uile: agus gearrfa mé ó Ahab an té ṁúnas a naġaiḋ an ḃalla, agus an té ḋruidṫear súas agus atá ar fágḃáil ann Israel: 9 Agus do ḋéana mé tiġ Ahab cosṁuil re tiġ Ieroboam ṁic Nébat, agus cosṁuil re tiġ Ḃaasah ṁic Ahiiah: 10 Agus íosuid na madruiḋ Iesebel a mír Iesreel, agus ní ḃiáiḋ áonduine aḋlacas í. Agus dfoscuil se an dorus, agus do ṫeiṫ sé. 11 ¶ Ann sin ṫáinic Iehu amaċ ċum serḃíseaċ a ṫiġearna: agus a duḃairt duine ris, An ḃfuil gaċ éinní go maiṫ? cred fá ttáinic an fear buile so ċugad? Agus á duḃairt sé ríu, Atá fios an duinesi agus a ċoṁráiḋ aguiḃsi. 12 Agus a duḃradarsan, As bréagaċ sin; innis dúinn anois. Agus a duḃairt seision, Marso agus marso do laḃair sé riomsa, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ung mé ṫú ad ríġ ós cionn Israel. 13 Ann sin do ḋeiṫfriġeadarsan, agus do ġlac gaċ aon a éadaċ, agus do ċuireadar faói é ar uaċdar na staiġreaġa agus do ṡéideadar ré stocaiḃ, ġa ráḋ, Sé Iehu an ríġ. 14 Marsin do ċuáiḋ Iehu ṁac Iehosaṗat ṁic Nimsi a naġaiḋ Ióram. (Anois do ċoiṁéad Ióram Ramot‐gilead, é féin agus Israel uile, ar eagla Hasael ríġ na Síria. 15 Aċt dfill an ríġ Ióram dá leiġios go Iesreel ó na cneaḋaiḃ ṫugadar na Sírianuiġ ḋó, a nuáir do ṫroid sé ré Hasael ríġ na Síria.) Agus a duḃairt Iehu, Mas é so is inntinn daóiḃ, annsin ná himṫiġeaḋ éanduine agus na leigiḋ éanduine do ḋul amaċ as an gcaṫraiġ do raċaḋ da innisin an Iesreel. 16 ¶ Marsin dimṫiġ Iehu a ccarbad, agus do ċuáiḋ go Iesreel; (óir is ann sin do ḃí Ióram na luiḋe.) Agus ṫáinic Ahasiah ríġ Iúdah a núas dféaċuin Ióram. 17 Agus do ṡeas fear faire ar ṫor ann Iesréel, agus do ċonnairc sé cuideaċda Iehu ag teaċd, agus a duḃairt, Do ċím cuideaċda. Agus a duḃairt Ióram, Faġ marcaċ, agus éirġeaḋ na ccoinne, agus abraḋ, An síoṫċáin í? 18 Mar sin do ċuáiḋ duine ar eaċ do ṫeagṁáil ris, agus a duḃairt sé, Is mar so a deir an ríġ, An síoṫċáin í? Agus a duḃairt Iehu, Cred atá uaitse ar ṡioṫċáin? tárr táoḃ ṡíar ḋíom. Agus dinnis fear na faire, ḋa ráḋ, Do ċuáiḋ an teaċdaire go nuige íad, aċt ní ḃfuil sé ag teaċd a rís. 19 Ann sin do ċuir sé an dara duine amaċ ar eaċ, noċ ṫáinic ċugṫasan, agus a duḃairt, Is marso a deir an ríġ, An síoṫċáin í? Agus do ḟreagair Iehu, Cred atá uáitsi ar síoṫċáin? tárr táoḃ ṡíar ḋíom. 20 Agus dinnis fear na faire, ġa ráḋ, Ṫáinic sé go nuige íad, agus ní ḃfuil sé ag teaċd a rís: agus is cosṁuil an tarruingso lé tarruing Iéhu ṁic Nimsi; óir tairrngiḋ sé go dasaċdaċ. 21 Agus a duḃairt Ióram, Bíṫí réiḋ. Agus do hinnleaḋ a ċarbad ḋo. Agus do ċuáiḋ Ióram ríġ Israel agus Ahasiah ríġ Iúdah amaċ, gaċ áon ann a ċarbad, agus do ċúadar amaċ a naġaiġ Iéhu, agus tárla ris íad a ḃfearann Nábot an Tiesreliteaċ. 22 Agus tárla, a nuáir do ċonnairc Ióram Iehu, go nduḃairt sé, An síoṫċáin, a Iéhu? Agus do ḟreagair seision, Cred í an tsióṫċáin, an fad ḃías stríopaċus do ṁaṫarsa Iesebel agus a piséoga coiṁlíonṁar sin? 23 Agus do iompóiġ Ióram a láṁ, agus do ṫeiṫ sé, agus a duḃairt ré Ahasiah, Atá feall ann, ó Ahasiah. 24 Agus do ṫarruing Iehu boġa le na neart iomlán, agus do ḃúail sé Iehóram idir a riġiḃ, agus do ċuáiḋ án tsoiġead amaċ agá ċroiḋe, agus do ṫuit sé síos iona ċarbad. 25 Ann sin a duḃairt Iehu re Bidcar a ċaiptín, Tóg suás, agus teilg é a bpoirsion ḟearuinn Nábot an Tiesreeliteaċ: óir cuiṁniġ, a nuáir do ḃi misi agus tusa ag marcuiġeaċd a ḃfoċair a ċéile a ndíaiġ Ahab a aṫar, gur leag an TIĠEARNA an túalaċsa air; 26 Go deiṁin do ċonnaírc mé a né fuil Nábot, agus fuil a ṁac, ar sa an TIĠEARNA; Agus cúiteoċuiḋ mé riotsa annsa náitsi, ar sa an TIĠEARNA. Anois ar a naḋḃarsin tóg agus teilg é annsa ġárrḋa, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA. 27 Aċd an tan do ċonnairc Ahasiah ríġ Iúdah sin, do ṫeiṫ sé a sliġe tiġ an ġáirdín. Agus do lean Iehu na ḋiáiġ, agus a duḃairt, Buaíliḋ eision mar an gcéadna annsa ċarbad. Agus do rinneadar sin ag árd Gur, noċ atá láiṁ ré Ibleam. Agus do ṫeiṫ sé go Megiddo, agus fúair sé bás annsin. 28 Agus rugadar a ṡearḃḟoġantuiġe leó a ccarbad é go Hierusalem, agus do haḋlaiceaḋ iona ṫúama é a ḃfoċair a aiṫreaḋ a ccaṫruiġ Ḋáiḃí. 29 Agus annsa naónṁaḋ bliaḋuin déug do Ióram mac Ahab do ṫósuiġ Ahasiah a rioġaċd ós cionn Iúdah. 30 ¶ Agus a núair ṫáinic Iehu go Hiesreel, do ċúala Iesebel é; agus do ḋealḃ si a haġaiḋ, agus do ḋeaġṁaisiġ a ceann, agus dféuċ sí amaċ a ḃfuinneóig. 31 Agus ar tteaċd do Iehu a steaċ san ngeata, a duḃairt sí, An ḃfúair Simri sioṫċaín, noċ do ṁarḃ a ṁaiġistir? 32 Ann sin do ṫóg seision a aġaiḋ súas ċum na fuinneóige, agus a duḃairt, Cía atá dom ṫáoḃsa? cia hé? Agus dféuċadar annsin amaċ air días nó triúr do na cúirtoriḃ. 33 Agus a duḃairt seision, Teilgiḋ a núas í. Annsin do ṫeilgeadar siós í: agus do spréiġ cuid dá fuil ar an mballa agus ar na heaċaiḃ: agus do ṡaltair sé fáoi na ċosuiḃ í. 34 Agus an tan ṫainic sé a sdeaċ, dúaiġ sé bíaḋ agus diḃ sé deoċ, agus a duḃairt, Eirġiḋe, féuċuiḋ anois an ḃean ṁalluiġse, agus aḋluiciḋ í: óir is inġean ríġ í. 35 Agus do ċuádar dá haḋlacaḋ: aċd ni ḃfúaradar nios mó ḋi ná an ċloigionn, agus na cosa, agus cláir a dearnann. 36 Uime sin ṫangadar a rís, agus dinnsiodar ḋó. Agus a duḃairt seision, Sé so briaṫar an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé tre na ṡearḃḟoġantuiġ Elias an Tisbiteaċ, ġa ráḋ, A bpoirsiún Iesreel íosuid na madruiġ feóil Iesebel: 37 Agus biáiḋ conablaċ Iesebel aṁuil áoileaċ ar aġaiḋ na talṁan a ngárḋa Iesreel; iondus naċ aibeóruid siád, Si so Iesebel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society