Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Do ṫairrġir Elisa ar ġorta ṡeaċd blíaḋna. 10 Ar ḃás Ḃenhadad. 13 Agus ar Hasael do ḃeiṫ na rí.

1 Ansin do laḃair Elisa ris an ṁnáoi, ar aiṫḃeoġuiḋ sé a mac, ġá raḋ, Eiriġ, agus imṫiġ ṫusa agus muinntir do ṫiġe, agus déana cuáirt giḋ bé áit a ḃféudfa tú coṁnuiḋe: óir do ġoir an TIĠEARNA air ġorta; agus tiucfaiḋ sí mar an gcéadna ar an ttír seaċd mblíaḋna.

2 Agus déiriġ an ḃean, agus do rinne do réir ḃréiṫre óglaiċ Dé: agus dimṫiġ sí maille re muinntir a tiġe, agus do rinne si coṁnuiḋe a ccríċ na Ḃṗilistineaċ seaċd mblíaḋna.

3 Agus tárla a ccionn na seaċd mblíaḋan, gur ḟill an ḃean as críċ na Ḃṗilistineaċ: agus do ċuáiḋ amaċ do ġairm air an ríġ fá na tiġ agus fá na fearann.

4 Agus do coṁráiḋ an ríġ ré Gehasi searḃḟoġantuiġ óglaiċ Dé, ġa raḋ, Guiḋim ṫú, innis daṁ, na huile neiṫe móra dá ndéarna Elisa.

5 Agus tárla, mar do ḃí sé dá innsin don ríġ mar do aiṫḃeoġuiġ sé duine marḃ, féuċ, gur éiġ an ḃean, ar aiṫḃeoġuiḋ sé a mac, ar an ríġ ar son a tiġe agus a fearuinn. Agus a duḃairt Gehasi, O mo ṫiġearna, a ríġ, sí so an ḃean, agus sé so a mac ar aiṫḃeoġuiḋ Elisa é.

6 Agus a nuáir dfíafruiġ an ríġ don ṁnaói, do innis sí ḋó. Marsin dórduiġ an ríġ oifigeaċ áiriġ ḋi, ġa ráḋ, Aisig gaċ ar ḃuáin léiṫ, agus toraḋ a fearuinn uile ón ló fá ar ḟág sí an fearann, gus a nois.

7 ¶ Agus ṫáinic Elisa go Damascus; agus do ḃí Ben‐hadad ríġ na Síria tinn; agus do hinnseaḋ ḋó, ḋá ráḋ, Ṫáinic óglaċ Dé annso.

8 Agus a duḃairt an ríġ ré Hasael, Glac tioḋlacaḋ ad láiṁ, agus imṫiġ, a ccoinne óglaiċ Dé, agus fíafruiġ don TIĠEARNA maille leis, ġa ráḋ, An néireoċuiḋ misi as an ttinneas so?

9 Marsin do ċuáiḋ Hasael na ċoinne, agus tioḋlacaḋ leis, eaḋon do gaċ uile ní maiṫ dá raiḃ an Damascus, úalaċ ḋa ḟiṫċíod cáṁall, agus ṫáinic sé agus do ṡeas da laṫair, agus a duḃairt, Do ċuir do ṁac Ben‐hadad ríġ na Siria misi go nuige ṫú, ġa ráḋ, An ttiucfa mé ón ttinneas so?

10 Agus a duḃairt Elisa ris, Eiríġ, abair rís, Is féidir leaċd go deṁin teaċd as: giḋeaḋ do ṫaisbéin an TIĠEARNA ḋaṁsa go ḃfuiġe sé bás ar gaċ éanċor.

11 Agus gioḋ gur ṡocraiḋ se a ġnúis go tromḋa, agus gur ċonnuiṁ leis no go raiḃ naire air: fá ḋeoiġ do ġuil óglaċ Dé.

12 Agus a duḃairt Hasael, Cred fa nguilionn mo ṫiġearna? Agus do ḟreagair seision, Do ḃríġ go ḃfuil a ḟíos agum an tolc do ḋéanas tusa do ċloinn Israel: cuirfiḋ tú a ndaingneaċa láidre tre ṫeine, agus muirfiḋ tú a ndaoine óga leis an gcloiḋeaṁ, agus scriosfuiḋ tú a cclann, agus scoiltfiḋ tú a mná torrċa.

13 Agus a duḃairt Hasael, Aċd cred, an madraḋ do ṡearḃḟoġantuiġ, ás a ndéanaḋ sé an ní mórsa? agus do ḟreagair Elisa é, Do ṫaisbéin an TIĠEARNA ḋaṁsa go mbia tusa ad ríġ ós cionn na Siria.

14 Marsin dimṫiġ sé ó Elisa, agus ṫáinic sé go nuige a ṁaiġistir; noċ a duḃairt ris, Cred a duḃairt Elisa riot? Agus do ḟreagair seision, Dinnis sé ḋaṁ go ttiucfasa as go deiṁin.

15 Agus tárla ar na ṁáraċ, gur ġlac sé éadaċ reaṁar, agus gur ṫum a nuisge é, agus gur leaṫnuiġ ar a aġaiḋ é, iondus gur éug sé: agus do ríoġaḋ Hasael na áit.

16 ¶ Agus annsa ccúigeaḋ blíaḋain do Ióram mac Ahab ríġ Israel, ar mbeiṫ do Iehosaṗat an tansin na ríġ Iúdah, do ṫosuiġ Iehoram mac Iehosaṗat ríġ Iudah a rioġaċd.

17 Ḋá ḃlíaḋain agus tríoċad do ḃí sé daóis a nuáir do ṫosuiġ sé ríġe; agus do ḃí na ríġ oċd mblíaḋna ann Ierusalem.

18 Agus do ṡiuḃail sé a sliġe ríġṫe Israel, mar do rinne tiġ Ahab: óir do bí inġean Ahab a ḃean: agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA.

19 Giḋeaḋ nior ḃáill leis an TTIĠEARNA Iúdah do scrios a nonoír ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, mar do ġeáll sé go ttiuḃraḋ solus dó a ccoṁnuiġe, agus dá ċloinn.

20 ¶ Iona laéṫiḃsion do ċúaiḋ Edom ó ḃeiṫ fáoi láiṁ Iúdah, agus do rinneadar ríġ orra féin.

21 Marsin do ċuáiḋ Ióram anonn go Sair, agus na carbuid uile leis: agus déiriġ sé san noiḋċe, agus do ḃúail na Hedomítiġ noċ ṫáinic gaċa táoḃa ḋe, agus do ṫeiṫeadar caiptíniġ na ccarbad: agus an pobal dá bpáilliúnuiḃ.

22 Giḋeaḋ dimṫiġ Edom ó ḃeiṫ fáoi láiṁ Iúdah gus a niuġ. Ann sin dfill Libnah uáṫa a núair ċéadnasin.

23 ¶ Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ióram, agus a nuile ní dá ndéarna sé, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?

24 Agus do ċoduil Ióram agá aiṫriḃ, agus haḋlaiceaḋ é a ḃfoċair a aiṫreaḋ a gcaṫruiġ Ḋáiḃi: agus do ríoġaḋ Ahasiah a ṁac na áit.

25 ¶ Annsa dara blíaḋuin déug do Ióram ṁac Ahab ríġ Israel do ṫosuiġ Ahasiah mac Iehóram ríġ Iúdah ríaġlaḋ.

26 Ḋá ḃlíaḋuin agus fiṫċe daóis do ḃí Ahasiah a nuáir do ṫosuiġ sé ríġe; agus do ḃí na ríġ áon blíaḋuin aṁáin ann Ierusalem. Agus dob é ainm a ṁaṫair Ataliah, inġean Omri ríġ Israel.

27 Agus do ṡiuḃail sé a sliġe ṫiġe Ahab, agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinne tiġ Ahab: óir fa clíaṁuin do ṫiġ Ahab é.

28 ¶ Agus do ċuáiḋ sé le Ióram mac Ahab ċum cogáiḋ a naġaiḋ Hasael ríġ na Síria a Ramot‐gílead; agus do loiteadar na Sírianuiġ Ióram.

29 Agus do ċuáiḋ an ríġ Ióram ar ais go Iesreel dá leiġios ó na cneaḋuiḃ ṫugadar na Síríanuiġ air a Rámot, a nuáir do ṫroid sé á naġaiḋ Hasael ríġ na Síria. Agus do ċúaiḋ Ahasiah mac Ióram ríġ Iudah síos dféuċuin Ióram ṁic Ahab go Iesreel, do ḃríġ go raiḃ sé tinn.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan