Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Do ḟuaduiġ Dia na Sirianuiġ 6 Ṡumaria. 6 Lé torann ṡloiġ ó néaṁ.

1 An sin a duḃairt Elisa, Eistiġsi briaṫra an TIĠEARNA; Mar so a deir an TIĠEARNA, A máraċ timċioll na huáiresi reacfuiġear miosúr do ṗlúr ḟínealta ar ṡecel, agus ḋá ṁiosúr eórna ar ṡecel, a ngeata Ṡamária.

2 Ann sin tiġearna ar léig an ríġ a ċeann air a láiṁ do ḟreagair sé doglaċ Dé, agus a duḃairt, Féuċ, dá ndéarnaḋ an TIĠEARNA fuinnéoga ar ḟlaiṫeaṁnus, nar ḃféidir an nise ḃeiṫ mar so? Agus a duḃairt seision, Féuċ, do ċinḋ tusa led ṡúiliḃ é, aċd ní íosa tú éinní ḋé.

3 ¶ Agus do ḃádar ceaṫrar do ḋaóiniḃ luḃraiġ ag dul a steaċ an ġeata: agus a duḃradar gaċ áon re ċéile, Cred fá suiġmid annso go ḃfaġam bás?

4 Má deirmid, raċam a steaċ don ċaṫruiġ, atá an ġorta san ccaṫruiġ, agus do ġeaḃam bás annsin: agus má ṡuiġemid annso a ccoṁnuiġ, do ġeaḃam bás mar an gcéadna. Anois ar a naḋḃarsin déanam, agus teiṫiom go slóġ na Síriánaċ: ma ċuṁduiġid béo sinn, bíam béo; agus má ṁarḃuid sinn, ní ḃfuiġiom aċd bás.

5 Agus do éirġeadar súas go moċṫráṫ, do ḋul a ḃfoslungṗort na Sírianaċ: agus a núair ṫangadár gus an ccuid dob ḟaide amaċ do ċampa na Sirianaċ, féuċ, ní raiḃ éanduine ann sin.

6 Oír ṫug an TIĠEARNA ar ṡlúaġ na Sírianaċ torann mór carbad, agus torann marcṡlúaġ do ċluinsean, eaḋon torann slóiġ ṁóir: agus a duḃradar gaċ áon ré ċéile, Féuċ, dfostóiġ ríġ Israel ríġṫe na Hititeaċ ar naġaiḋ, agus ríġṫe na Négipteaċ do ṫeaċd oruinn.

7 Ar a naḋḃarsin do éirġeadar agus do ṫeiṫiadar a moċa laói, agus dfágḃadar a lóistíniġ, agus a neiċ, agus a nassuil, eaḋon an campa mar do ḃí sé, agus do ṫeiṫíadar ar son a nanma.

8 Agus á núair ṫangadar na loḃairsi don ċuid amuiġ don ċampa, do ċúadar go héanṗáillíun, agus a dúadar agus do iḃeadar ní ann, agus rugadar as sin ór, agus airgiod, agus eaduiġ, agus do imṫiġeadar agus do ḟolċadar sin; agus ṫangadar a rís, agus do ċúadar a steaċ a bpáilliún oile, agus rugadar leó as sin mar an gcéadna, agus dimṫiġedar agus dfolċadar é.

9 Ann sin a duḃairt gaċ áon ré ċéile ḋíoḃ, Ní maiṫ do nímid: is lá deiġscéul an lá a niuġ, agus atámaoidne ar ttost: má ḟanmaoid go solus na maidne, ann sin tiucfaiḋ olc éigin oruinn: anois ar a naḋḃarsin déunam, agus innsiom do ṁuinntir an ríġ.

10 Mar sin ṫangadar agus do ġoireadar ar ḋoírseóir na caíṫreaċ: agus do innisiodar ḋóiḃ, ḋa ráḋ, Ṫangamairne go campa na Siriannaċ, agus, féuċ, ní raiḃ duine annsin, nó guṫ duine, aċd eiċ ċeangailte, agus assail ċeangailte, agus na cábáin mar do ḃádar.

11 Agus do ġoir seision na doirseóiriġ oile; agus dinnseadar sin a stiġ a ttiġ an ríġ.

12 ¶ Agus deiriġ an ríġ ann sa noiḋċe, agus a duḃairt re na ṡearḃḟoġantuiḃ, Taisbeanfuiḋ mé ḋíḃ anois cred do rinneadar na Sírianuiġ oruinn. Ata a ḟios aca go ḃfuil ocras oruinne; uime sin do ċúadar amaċ as an ccampa da ḃfolaċ féin annsa maċaire, ḋa ráḋ, A núair ṫiocfuid síad amaċ as a ccaṫruiġ, béurumné orra beó, agus raċum a steaċ san ccaṫruiġ.

13 Agus do ḟreagair duine da ṁuinntir é, agus a duḃairt, Guiḋim ṫú, glacaḋ cuid éigin, cúig do na heaċaiḃ, ṁairios annsa ccaṫruiġ, (féuċ, ataid siad mar uile ṡlúaġ Israel do fágḃaḋ beó innte: féuċ, a deirim, ataíd siad mar iomadaṁlaċd na Nísraeliteaċ uile noċ do fúair bás): agus cuiream amaċ agus feuċam.

14 Do ġlacadar ar a naḋḃarsin cuingir deaċaiḃ carbuid; agus do ċuir an ríġ a ndiáiġ na Sírianaċ íad, ġa ráḋ, Eirġiḋ agus féuċaiḋ.

15 Agus do ċúadar na ndiaíġ go Iordan, agus, féuċ, do ḃi an tsliġe lán déuduiġiḃ agus do ṡoiṫiḋiḃ, noċ do ṫeilgeadar na Sírianuiġ uaṫa íona ndeiṫnios. Agus dfilleadarna teaċda, agus dinnisiodar sin don ríġ.

16 Agus do ċuáiḋ an pobal amaċ, agus do airgeadar lóistíniġ na Sírianaċ. Iondus gur reacaḋ miosúr do ṗlúr ḟínéalta ar ṡecel, agus ḋá ṁíosúr eórna air ṡecel, do reír ḃréiṫre an TIĠEARNA.

17 ¶ Agus do órduiġ an ríġ don tiġearna a léigeaḋ sé a ṫrom air a láiṁ cúram an ġeata do ḃeiṫ air: agus do ṡaltradar an pobal air annsa ġeata, agus deúg sé, mar a duḃairt óglaċ Dé, noċ do laḃair sé a nuáir ṫaínic an ríġ siós ċuige.

18 Agus tárla mar do laḃair oglaċ Dé ris an ríġ, ġa ráḋ, Biáiḋ ḋá ṁiosúr eórna ar ṡecel, agus miosúr do ṗlúr ḟínealta ar ṡecel, timċioll an namaso a máraċ an geata Ṡámaria:

19 Agus do ḟreagair an tiġearna úd óglaċ Dé, agus a duḃairt, Féuċ, dá ndéarnaḋ an TIĠEARNA fuinneóga ar ḟlaiṫeaṁnus, nar ḃfeídir a leiṫeíd sin do ḃeiṫ? Agus a duḃairt seision, Féuċ, do ċífe tusa led ṡuiliḃ é, giḋeaḋ ní íosa tú ḋé.

20 Agus is marsin deíriġ ḋó: óir do ṡaltradar an pobal air annsa ġeata, agus fuair sé bás.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan