II Rioġ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Na Sirianuiġ ag fóleanṁuin Elísa, 19 tug sé iad a laṁuiḃ rí Israel, 30 neaċ do iarr da eís sin, Elisa ċur ċum báis. 1 Agus a duḃradar mic na ḃfáġ re Helisa, Féuċ anois, atá an náit iona ccoṁnuiġemid ad ḟoċair ro ċuṁang aguinn. 2 Guiḋmid ṫú, imṫiġeamuid, go Iordan, agus taḃraḋ gaċ áon aguinn táoḃan leis as sin, agus déanam áit ḋúinn féin ann sin, iona mbíam ar ccoṁnuiġ. Agus do ḟreagair seision, Eirġiḋ roṁuiḃ. 3 Agus a duḃairt aon díoḃ, Guiḋim ṫú, bí aontaḋaċ, agus tárr féin lé do ṡeirḃíseaċuiḃ. Agus do ḟreagaír seision, Raċad. 4 Ann sin do ċuáiḋ sé léo. Agus a núair ṫangadar go Iordan, do ġearradar aḋmad. 5 Aċd mar do ḃí duine aca ag leagaḋ croinn, do ṫuit íarran na tuáiḋe ann sa nadḃuinn: agus do éiġ seision, agus a duḃairt, Uċ, a ṁaiġistir! óir air íasaċd do tugaḋ í. 6 Agus a duḃairt óglaċ Dé ris, Cáit ar ṫuit sí? Agus do ṫaisbéin sé a náit ḋó. Agus do ġéarr seísion maide, agus do ṫeilg ann é; agus do ṡnáṁ an tíarann. 7 Uimesin ar seision, Tóg súas ċugad é. Agus do ċuir sé a láṁ amaċ, agus do ṫóg ċuige é. 8 ¶ Ann sin do rinne ríġ na Síria cogaḋ a naġaiḋ Israel, agus do rinne se coṁairle re ná ṁuinntir, ḋá ráḋ, Annsa náitsi agus annsa náitsi ḃías mo ċampa. 9 Agus do ċuir óglaċ Dé fios ċum ríġ Israel, ġa ráḋ, Bí ar do ċoíṁéud gan gaḃáil ann a leiṫeíd so dáit; óir ṫangadar na Sírianuiġ a núas annsin. 10 Agus do ċuir ríġ Israel gus a náit dinnis óglaċ Dé ḋo agus a ttug raḃaḋ ḋo dá ṫaóiḃ, agus do ḋídin sé é feín air sin, ní éanúair no fá ḋó. 11 ¶ Ar a naḋḃarsin do ḃí croiḋe ríġ ná Siria ro ḃúaiḋearṫa fán níse; agus do ġoir sé amaċ a ṁuinntír, agus a dúḃairt riú, Naċ ttaisbéantaoí ḋaṁsa cía aguinn atá ar son ríġ Israel? 12 Agus a duḃairt óglaċ dá ṁuinntir, Ni ḃfuil éanduine, a ṫiġearna mo ríġ: aċ Elisa, an fáiġ atá ann Israel, inniseas do ríġ Israel na bríaṫra laḃras tusa ann do ṡeómra leapṫa. 13 Agus a duḃairt seision, Imṫiġiḋ, agus braíṫiġ cáit a ḃfuil sé, go ccuirinnsi dá ṫaḃaírt ċugam. Agus do hinnseaḋ ḋó, ḋa raḋ, Feúċ, atá sé ann Dótan. 14 Uimesin do ċuir seision ann sin eiċ, agus carbuid, agus slúaġ mór: agus ṫangadar san noíḋċe, timċioll na caiṫreaċ fá gcúairt. 15 ¶ Agus an tan do éiriġ searḃḟoġantuiġ óglaiċ Dé go muċ, agus do ċuáiḋ amaċ, féuċ, do ḃí slúaġ timċioll na caiṫreaċ maille re heaċuiḃ agus le carbaduiḃ. Agus a duḃairt a ṡearḃḟoġantuiġ ris, Mo ṫrúaiġe, a ṁaiġistir! ered ḋéanam? 16 Agus do ḟreagair seision, Ná bíoḋ eagla ort: óir an drong atá linne is mó íad náid a ḃfuil leósan. 17 Agus do ġuiḋ Elisa, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, foscuil a ṡuile, go ḃfaiciġ sé. Agus dfoscuil an TIĠEARNA súile an nógánuiġ; agus do ċonnairc sé: agus, feúċ, do ḃí an slíaḃ lán do eaċuiḃ agus do ċarbaduiḃ tinntiġe timċioll Elisa fá ccuáirt. 18 ¶ Agus a núair ṫangadar a núas ċuige, do ġuiḋ Elisa an TIĠEARNA, agus a duḃairt, Gúiḋim ṫú, búail an ṁuinntirse, le daille. Agus do ḃúail sé íad lé daille do réir ḟocail Elisa. 19 Agus a duḃairt Elisa riu, Ní hí so an tsliġe, ni mo sí so an ċaṫair: leanuiḋ misi, agus béaruiḋ mé siḃ go nuige an duine íarṫaói. Aċd do ṫreóruíġ sé go Samária íad. 20 Agus tárla, an tan ṫangadar a steaċ go Samária, go nduḃairt Elisa, A ṪIĠEARNA, foscuil súile na muinntirese, go ḃfaicfid siád. Agus dfoscuil an TIĠEARNA a súile, agus do ċonncadar; agus féuċ, go raḃadar a lár Ṡamária. 21 Agus a duḃairt ríġ Israel ré Elisa, a núair do ċonairc sé íad, A aṫair, an mbúailfiḋ mé íad? an mbúaílfiḋ mé íad? 22 Agus do ḟreagair sé, Ní ḃuáilfiḋ tú íad: an mbúailfeá an luċd do ġaḃ tú na bpríosúnaċaiḃ led ċloiḋeaṁ agus led ḃoġa? cuir arán agus uisge na ḃfiáġnuise, ċor go níosuid agus go niḃid ní, agus go ttéiġid ċum a maiġistir féin. 23 Agus do ġléas sé bíaḋ mor ḋóiḃ: agus a nuáir a duádar bíaḋ agus do íḃeadar deoċ, do ċuir sé ar siuḃal, ċum a maiġistir íad. Marsin ni ṫangadar buiḋne Ṡíria ó sin amaċ go tír Israel. 24 ¶ Agus tárla na ḋíaiġ so, gur ċruinniġ Ben‐hadad ríġ na Síria a ṡlúaġ uile, agus go ndeaċaiḋ súas, agus gur ṡuiġiḋ a ṡlúaġ ag Samária. 25 Agus do ḃí gorta ṁór a Samária: agus, féuċ, do ḃádar na bun, nó go reacṫáoi ceann asuil ar ċeiṫre fiṫċíd píosa airgid, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do sbrogaille coluim gun a ṡalċar ar ċúig ṗíosa airgid. 26 ¶ Agus mar do ḃí ríġ Israel ag gaḃaíl ṫort ar an mballa, do éiġ bean air, ġa ráḋ, Caḃair so, mo ṫiġearna a ríġ. 27 Agus a duḃairt seision, Muna ḃfurtuiġeann an TIĠEARNA ort, ciondus ḟéaduimsi furtaċd ort? ann as urlár an sciobóil, nó as cantaóir an nfíona? 28 Agus a duḃairt an ríġ ría, Cred do imṫiġ ort? Agus do ḟreagair sisi, An ḃeansa a duḃairt riom, Taḃairsi do ṁac, go niṫiom é a niuġ, agus íosam mo ṁacsa a máraċ. 29 Marsin do ḃruiṫeamar mo ṁacsa, agus a duámar é: agus a duḃarit misi ria ar na ṁáraċ, Taḃairse do ṁac ḋúinn go niṫiom é: agus dfoluiġ sisi a mac féin. 30 ¶ Agus tárla, a nuáir do ċúaluiḋ an ríġ bríaṫra na mná, gur réub sé a éadaċ; agus do ġaḃ ṫort ar an mballa, agus daṁairc an pobal air, agus, féuċ, do ḃí saicéadaċ táoḃ a stiġ ar a ċorp. 31 Ann sin a duḃairt sé, Go ndéarna Día marsin riomsa agus nios mo fós, má ṡeasann ceann Elisa ṁic Saṗat air a núiġ. 32 Aċt do ḃí Elisa na ṡuíḋe iona ṫiġ, agus na sinnsir na suíḋe na ḟoċair; agus do ċuir an ríġ duine uaḋ ḋá raiḃ ag feiṫioṁ air: aċ suil ṫáinig an teaċdaire ċuige, a duḃairt sé ris na seanuiḃ, Féuċuiḋsi mar do ċuir an macsa an dúnṁarḃṫóra duine do ḃuain mo ċinn diomsa? taḃruiġ dá ḃur naire, a núair ṫiocfas an teaċdaire, druidiġ an dorus, agus congṁuiḋ go dainginn é ag an ndorus: naċ ḃfuil torann cos a ṁaiġistír na ḋiáiġ? 33 Agus an fad do ḃí sé fós ag coṁráḋ ríu, féuċ, ṫáinic an teaċdaire a núas ċuige: agus duḃairt seision, Féuċ, is ón TIĠEARNA ṫig an tólesa; cred fá mbéinnsí ag feiṫioṁ ar an TTIĠEARNA ni as faide? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society