II Rioġ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Do liaġais Elísa luḃra Naaman. 1 Anois do ḃí Naaman, caiptín slóiġ ríġ na Síria, na ḋuine mór agá ṫiġearna, agus ro onoraċ, do ḃríġ gur dá ṫaóiḃ ṫug an TIĠEARNA tárṫáil do Ṡíria: do ḃí sé mar an gcéadna na ḋuine neartṁar a ngaisgiḋ, aċt do ḃí sé na loḃar. 2 Agus do ċuádar na Sírianuiġ amaċ na ccuideaċduiḃ, agus ṫugadar bráiġe leó as tír Israel cailín beag; agus do ḃí sí ag feiṫioṁ ar ṁnáoi Náaman. 3 Agus a duḃairt sí re na maiġistreás? Do ḃfeárr liom go mbeiṫ mo ṫiġearna ag an ḃfáiġ atá a Samária! óir dó leiġisioḋ sé on luḃra é. 4 Agus do ċuáiḋ duine a steaċ, agus dinnis dá ṫiġearna, ġa ráḋ, Is marso agus marso a deir an cailín atá do ṫír Israel. 5 Agus a duḃairt ríġ na Síria, Gluáis, imṫiġ roṁad, agus cuirfiḋ misi litir ċum ríġ Israel. Agus do ġluáis seision, agus rug leis deiċ ttallunna airgid, agus sé ṁíle píosa óir, agus deiċ naṫarruiġ éaduiġ. 6 Agus ṫug lé an litir go ríġ Israel, ġa ráḋ, Anois a núair ṫiucfas an litirsi ċugad, féuċ, do ċuir mé mo ṡearḃḟoġantuiġ Náaman ċugad, ċor go leiġeostá é óna luḃra. 7 Agus tárla, a nuáir do léiġ ríġ Israel an litir, gur ḃris sé a eádaċ, agus go nduḃairt, An Día misi, do ṁarḃaḋ agus do ḋéanaṁ beó, as a ccuirionn an fearso ċugam do ṡlánuġaḋ duine óna luḃra? ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, meusuiḋ, agus féuċuiḋ ciondus íarruis sé cionfáṫa ċugam. 8 ¶ Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúaluiḋ Elísa óglaċ Dé gur ḃris ríġ Israel a éadaċ, do ċuir sé ċum an ríġ, ġa ráḋ, Cred fár ḃris tú héadaċ? tigeaḋ sé anois ċugamsa, agus biáiḋ a ḟios aige go ḃfuil fáiġ ann Israel. 9 Ann sin ṫáinic Náaman gun a ṁarcṡluaġ agus gun a ċarbad, agus do ṡeas sé ag dorus tiġe Elisa. 10 Agus do ċuir Elisa teaċdaire ċuige, ḋá ráḋ, Imṫiġ agus niġ ṫú feín ann Iordan seaċd nuáire, agus tiucfaiḋ ṫfeóil ċugad a rís, agus biáiḋ tú glan. 11 Aċt do ġaḃ fearg Náaman, agus dimṫiġ roiṁe, agus a duḃairt sé, Féuċ, do ṡaóil mé, go ttiucfaḋ sé amaċ ċugam go deiṁin, agus go seasfaḋ, agus go ngoirfeaḋ air ainm a ṪIĠEARNA Dé, agus go mbúailfeaḋ a láṁ ós cionn a noṫair, agus an loḃar do ṡlánuġaḋ. 12 Naċ féarr Abána agus Parṗar, aiḃne Ḋamascus, ná a ḃfuil duisgeaḋuiḃ a Nisrael? naċ ḃféuduim ionnlaḋ ionta sin, agus ḃeiṫ glan? Marsin do ḟill sé agus dimṫiġ roiṁe a ḃfeirg. 13 Agus ṫangadar a ṁuinntir ċuige, agus do laḃradar ris, agus a duḃradar, O a aṫair, dá nabraḋ an fáiḋ riot ní mór éigin do ḋéanaṁ, naċ déantá é? naċ ro ṁó ná sin, a nuáir a deir sé riot, Ionnail, agus bí glan? 14 Ann sin do ċúaiḋ sé síos, agus do ṫom sé é feín seaċd nuáire ann Iordan, do reír mar a duḃairt óglaċ Dé: agus ṫaínig a ḟeóil a rís mar ḟeóil leiniṁ ḃig, agus do ḃí sé glan. 15 ¶ Agus dfill sé ċum óglaiċ Dé, é féin agus a ċuideaċa uile, agus ṫáinic, agus do ṡeas sé dá laṫair: agus a duḃairt sé, Féuċ, anois aiṫniġim naċ ḃfuil Día air biṫ air an ttaluṁ uile, aċd a Nisrael: anois ar a naḋḃarsin, guiḋum ṫú, glac tioḋlacaḋ ód ṡearḃḟoġantuiġ. 16 Aċd a duḃairt seision, Mar ṁairios án TIĠEARNA, a laṫair a ṡeasuim, ní ġlacfa mé éainní úait. Aċd do ḃí sé ḋá ṡáruġaḋ ionnus go nglacfaḋ; agus do ḋíult seision é. 17 Agus a duḃairt Naáman, Maiseaḋ naċ ttiuḃarṫar dot ṡearḃḟoġantuiġ eire dá ṁúille do ċréafóig? óir ní ofráilfiḋ do ṡearḃḟoġantuiġ ó so amaċ ofráil loisge nó íoḋbuirt do ḋeeiḃ ar biṫ oile, aċd don TIĠEARNA. 18 Ann sa níse go ttuga an TIĠEARNA maiṫeaṁnus dot ṡearḃḟoġantuiġ, a nuáir raċus mo ṁaiġistir go tiġ Rimmon do ḋéanaṁ aḋarṫa annsin, agus go luiḋfe sé ar mo láiṁse, agus go ccromṫuiḋ misi me fein a ttiġ Rimmon: a núair ċromṫas misi mé féin sios á ttiġ Rimmon, go ttuga an TIĠEARNA maiṫeaṁnus dot ṡearḃḟoġantuiġ annsa níse. 19 Agus a duḃairt seísion ris, imṫiġ a síoṫċáin. Marsin dimṫiġ sé úaḋ beagán don tsliġe, 20 ¶ Aċd a dúḃairt Gehasi, searḃḟoġantuiġ Elisa oglaiċ Dé, Féuċ, do ċoigil mo ṁaiġistir Náaman an Sirianaċ, naċ ar ġlac sé as a láiṁ an níse ṫug sé leis: aċd, mar ṁairios an TIĠEARNA, ríṫfiḋ misi na ḋiáiġ, agus beanfuíḋ mé ní éigin de. 21 Mar sin do lean Gehasi Náaman. Agus a núair do ċonnairc Náaman ag riṫ na ḋíaiġ é, ṫáinic sé a núas as a ċarbad na ċoinne, agus a duḃairt, An ḃfuil gaċ éinní go maiṫ? 22 Agus a duḃairt seísion, Atáid go maiṫ uile. Do ċuir mó ṁaiġistir mé, ḋa raḋ, Féuċ, ṫáinig ċugam anois ó ṡliaḃ Eṗraím días óganaċ do ṁacaiḃ ná ḃfáġ: guiḋim ṫú, taḃair ḋóiḃ, tallann airgid, agus ḋá aiṫearraċ culáḋaċ. 23 Agus a duḃairt Náaman, Bí súaiṁneaċ, beír leaċd ḋá ṫallann. Agus do ċoiṁéigniġ sé é, agus do ċeangail sé ḋá ṫallann airgid an ndá ṁála, agus ḋá ċulaiḋ éuduiġ, agus do ċuir ar ḋís dá ṁuinntir íad; agus do iomċradár roíṁe íad. 24 Agus a nuáir ṫáinic sé ċum an tuir, do ġlac sé as a láṁuiḃ íad, agus do ṫaísgiḋ a ttiġ áiriġ íad: agus do léig do na daóiniḃ imṫeaċd, agus do imṫiġeadar. 25 Aċt do ċúaiḋ seision asteaċ, agus dó ṡeas a laṫáir a ṁaiġistir. Agus a duḃairt Elisa ris, Cáit as a ttáinic tusa, a Ġehasi? Agus a duḃairt seision, Ní ḋeaċaiḋ hóglaċ a néan ḃall. 26 Agus a duḃairt seísion rís, Naċ deaċaiḋ mo ċroiḋesi leaċd, a nuáir do ḟill an tóglaċ a rís ó na ċarbad do ṫeagṁáil duit? An am airgid do ġlacaḋ so, agus éaduiġ do ġlacaḋ, agus gáirdíniġ ola, agus fíneaṁna, agus cáoraċ, agus daṁ, agus seirḃíseaċ fear, agus ban? 27 Ar a naḋḃarsin ceangoluiḋ luḃra Náaman díotsa, agus dot ṡlioċd go bráṫ. Agus do ċúaiḋ sé amaċ as a ḟiaḋnuise na loḃar coiṁġeál re sneaċda. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society