Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Cúig míorḃúilte ainmncaṁail deanta le Helisa.

1 Anois do éiġ bean áiriġ do ṁnáiḃ ṁac na ḃfáġ ċum Elisa, ġa ráḋ, Fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ mfear bás; agus atá a ḟios agad go raiḃ eagla an TIĠEARNA air do ṡeirḃíseaċ: agus ṫáinic fear na ḃfíaċ do ḃreiṫ mo ḋeise mac leis dá mbeiṫ fá ḋaóirse aige.

2 Agus a duḃairt Elisa ría, Cred ḋéanadsa ar do ṡon? innis daṁ, cred atá agad ann do ṫiġ? Agus a duḃairt sisi, Ní ḃfuil éinni ag do ḃanóglaiċ annsa tiġ, aċd pota ola.

3 Annsin a duḃairt seision, Eiríġ faġ soiṫiġe ar íasaċd amuiġ ód ċoṁarsannuiḃ uile, eaḋon soiṫiġe folṁa; ná táoḃ ré beagán.

4 Agus a nuáir ṫiucfas tú a steaċ, druidfiḋ tú an dorus ort féin agus ar do ṁacaiḃ, agus dóirtfiḋ tú annsna soiṫiġiḃ sin uile, agus cuirfe tú an soiṫeaċ lán a leaṫtaoíḃ.

5 Marsin do imṫiġ sí uáḋ, agus do ḋruid sí an dorus uirre féin agus ar a cloinn, noċ ṫug na soiṫiġe ċuice; agus do ḋóirt sí amaċ a nola.

6 Agus tárla, a nuáir do ḃádar na soiṫiġe lán, go nduḃairt sisi re na mac, Taḃair ċugam fós soiṫeaċ. Agus a duḃairt sé ría, Ní ḃfuil éantsoiṫeaċ nios mó ann. Agus do stad án ola.

7 Ann sin ṫáinic sí agus dinnis dóglaċ Dé. Agus a duḃairt seision, Imṫiġ, reac a nola, agus díol ṫfíaċa, agus tárr féin agus do ċlann suás air an ccuid oile.

8 ¶ Agus tárla lá éigin, gur ġaḃ Elisa ṫríd Ṡunem, mar a raiḃ bean ṁórḋa; gur ċoiṁeigniġ sí é diṫe aráin. Agus is marsin do ḃí, dá ṁionca dá ngéaḃaḋ annsin, go ttíaġ se a steaċ ann diṫe aráin.

9 Agus a duḃairt sisi re na fear, Féuċ anois, measuim gur duine náomṫa re Dia an tési, ġaḃus ré ar ttáoḃ go miníc.

10 Guiḋim ṫú, déunum séomra beag, ar an mballa; agus cuiriom leabuiġ annsin dó, agus bórd, agus stól, agus coinnleóir: agus as aṁluiḋ ḃías, a nuáir ṫiucfas sé ċuguinn, go ḃfillfiḋ sé annsin a steaċ.

11 Agus tárla lá éigin, ḋá ttáinic sé ann sin, agus do ċuáiḋ a steaċ don tséomra, agus do luiġ sé ann.

12 Agus a duḃairt sé re Gehasi a ṡearḃḟoġantuiġ, Goir an Tsunamiteaċsa. Agus a nuáir do ġoir sé í, do ṡeas sí as a ċoinne.

13 Agus a duḃairt sé ris, Abair ría a nois, Féuċ, do ḃí tú cúramaċ iomuinne ris an gcúramsa uile; cred atá re déanaṁ air do ṡon? an áill leaċd laḃairt ris an ríġ ad ṫimċioll, nó ré caiptín an tslóiġ? Agus do ḟreagair sisi, Ataím am ċoṁnuiġ a measg mo ḋaóine féin.

14 Agus a duḃairt seision, Cred oíle atá ré a ḋéanaṁ ar a son? Agus do ḟreagair Gehasi, Go deiṁin ní ḃfuil éanduine cloinne aice, agus atá a fear foirfe.

15 Agus a duḃairt seision, Goir í. Agus a nuáir do ġoir sé í, do ṡeas sí annsa dorus.

16 Agus a duḃairt seision, Timċioll a namasa, do réir aimsire na beaṫa, biáiḋ mac agad. Agus a duḃairt sisi, Ní heaḋ, ó mo ṫiġearna, a óglaiċ Dé, ná déana bréug red ḃanóglaiċ.

17 Agus do toirċeaḋ an ḃean, agus rug sí mac annsa namsin a duḃairt Elisa ría, do réir aimsire na beaṫa.

18 ¶ Agus a nuáir do ḟás an leanaṁ, tárla lá, go ndeaċuiḋ sé amaċ ċum a aṫar gus an meṫill ḃúana.

19 Agus a duḃairt sé ré na aṫair, Mo ċeann, mo ċeann. Agus a duḃairt seision ré búaċuill, Beir ċum a ṁaṫar é.

20 Agus a nuáir do rug sé air, agus ṫug ċum a ṁaṫar é, do ṡuiġ sé ar a glúiniḃ go meaḋon laói, agus fuáir sé bás annsin.

21 Agus do ċuáiḋ sisi súas, agus do ċuir na luiḋe ar leabuiġ óglaiċ Dé é, agus do ḋruid sí an dorus air, agus do ċuáiḋ sí amaċ.

22 Agus do ġoir sí air a fear, agus a duḃairt, Guiḋim ṫú, cuir ċugam, aon do na hóganaċaiḃ, agus aon do na hasaluiḃ, go riṫe mé go hóglaċ Dé, agus go ttí me a ris.

23 Agus a duḃairt seision, Cred as a raċfá ċuige a niuġ? ní ré núaḋ, nó saóire atá ann. Agus a duḃairt sisi, Biaiḋ go maiṫ.

24 Ann sin do ċuir sí díalláoid ar assal, agus a duḃairt ré na hóglaċ, Tarruing, agus gluáis roṁuinn; ná failliġ do ṁarcuiġeaċd ar mo ṡonsa, muna nabra mé ríot é.

25 Marsin do imṫiġ sí agus ṫáinic go hóglaċ Dé go slíaḃ Carmel. Agus tárla, a nuáir do ċonnairc óglaċ Dé í a ḃfad uaḋ, go nduḃairt sé ré Gehasi a óglaċ, Féuċ, sí súd an Tsunamíteaċ:

26 Guiḋim ṫú, rioṫ anois, na coinne, agus abair ría, An ḃfuiltear go maiṫ agad? an ḃfuiltear go maiṫ ag ṫfear? án ḃfuil an leanaṁ go maiṫ? Agus do ḟreagair sisi, Atáṫair go maiṫ.

27 Agus a nuáir ṫáinic sí go hóglaċ Dé gus an ccnoc, rug sí ar ċosuiḃ air: aċt ṫáinic Gehasi a ngar dá ccur úaḋ. Agus a duḃairt óglaċ Dé, Léig ḋi; óir atá a hanum ar na ċráḋ innte: agus do ċeil an TIĠEARNA orumsa é, agus níor innis sé ḋaṁ é.

28 Ann sin a duḃairt sisi, Ar íarr misi mac ar mo ṫiġearna? naċ duḃairt mé, Ná meall mé?

29 Ann sin a duḃairt sé ré Gehasi, criosluiġ do ċáol, agus glac mo ḃatasa ann do láiṁ, agus imṫiġ roṁad: má ṫeagṁann éanduine riot, na beannuiġ ḋó; agus má ḃeannuiġionn éanduine ḋuit, na freagair é a rís: agus leag mo ḃata ar aġaiḋ an leiniṁ.

30 Agus a duḃairt maṫair an leiniṁ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní fúigfiḋ mé ṫú. Agus déiriġ sé, agus do lean sé í.

31 Agus do ġluáis Gehasi rompa, agus do leag sé an bata ar aġaiḋ an leiniṁ; aċd ní raiḃ guṫ, nó éisteaċd ann. Uimesin do ċuáiḋ sé na ċoinnesion a rís, agus dinnis dó, ġá ráḋ, Ní ḃfuil an leanaṁ dúisiġe.

32 Agus a nuáir ṫainic Elisa don tiġ, féuċ, do ḃí an leanaṁ marḃ, agus é na luiḋe ar a leabuiḋsion.

33 Uimesin do ċuáiḋ sé a steaċ, agus do ḋruid an dorus orra aráon, agus ġuiḋ sé an TIĠEARNA.

34 Agus do ċuáiḋ sé súas, agus do luiḋ sé ar an leanaṁ, agus do ċuir a ḃéul air a ḃéul, agus a ṡúile ar a ṡúiliḃ, agus a laṁa air a laṁaiḃ: agus do ṡín sé é féin ar an leanaṁ; agus dfás feóil an leiniṁ te.

35 Ann sin dfill sé, agus do ṡiuḃuil sé an tiġ síos agus súas; agus do ċuáiḋ sé súas, agus do ṡín sé é féin air: agus do rinne an leanaṁ sróṫfurtaċ seaċd nuáire, agus dfoscuil sé a ṡúile.

36 Agus do ġoir sé ar Ġehasi, agus a duḃairt ris, Goir an Tsunamíteaċsa. Marsin do ġoir sé i. Agus a nuáir ṫaínic sí a steaċċuige, a duḃairt seision, Tóg súas do ṁac.

37 Ann sin do ċuáiḋ sí a steaċ, agus do ṫuit sí agá ċosuiḃ, agus do ċláon í fein go nuige an taluṁ, agus do ṫóg súas a mac, agus do ċuáiḋ si amaċ.

38 ¶ Agus ṫainic Elisa a rís go Gilgal: agus do ḃí gorta annsa tir; agus do ḃádar mic na ḃfáġ na suiġe na ḟiaḋnuise: agus a duḃairt seision re na óglaċ, Cuir siós an pota mór, agus bruiṫ ṗraiseaċ do ṁacaiḃ na ḃfáġ.

39 Agus do ċuáiḋ duine amaċ fán maċaire do ċnúasaċ luiḃionn, agus fuáir sé fíneaṁuin ḟíaḋuin, agus do ċruinniġ ḋe sin buinneáin lán a oċda, agus ṫainig agus do ġeárr íad a bpota na praisiġ: óir ní raiḃ a ḟios aca cred íad.

40 Ann sin do liónadar amaċ do na daoiniḃ re a iṫe. Agus tárla, a núair do ḃádar ag iṫe na praisiġ, gur éiġeadar, agus go nduḃradar, O a óglaiċ Dé, atá bás annsa bpotá. Agus níor ḟéadadar iṫe.

41 Aċt a duḃairt seision, Taḃruiġ ċugam min. Agus do ṫeilg sé san ṗota í; agus a duḃairt sé, Dóirt uáit ċum na ndaoineaḋ, go níṫid. Agus ní raiḃ doċar san ṗota.

42 ¶ Agus ṫáinic duine ó Ḃaal‐salisa, agus ṫug ċum óglaiċ Dé arán do na céad tórṫaiḃ, fiṫċe builín eórna, agus déusa iomlán arḃa iona ccáiṫleaċ féin. Agus a duḃairt seision, Taḃair do na daoiniḃ, go niṫid.

43 Agus a duḃairt a ṡearḃḟoġantuiġ, Cred, fá ccuirfinnse so a ḃfiaġnuise ċéad fear? A duḃaírt seision arís, Taḃair do na daoiniḃ go niṫid; óir is marso a deir an TIĠEARNA, Iosuid agus biáiḋ fuiġioll aca.

44 Annsin do ċuir sé sin iona ḃfiaġnuise, agus a dúadar, agus do ḃí fuiġeall aca, do reír breíṫre an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan