II Rioġ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Do innis Elísa do rioġaiḃ Israel, Iudah, agus Edom, go buaġuḋeáḋ iad ar ṁuinntir Ṁoab. 1 Anois do ṫosuiġ Iehoram mac Ahab a rioġaċd ós cionn Israel a Samária an toċdṁaḋ ḃaḋan déug do Iehosaṗat ríġ Iúdah, agus do ḃí ná ríġ ḋá ḃlíaḋuin déug. 2 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA; aċt ní cosṁuil re na aṫair, nó ré na ṁaṫair: óir do ċuir seision úaḋ íoṁáiġ Ḃaal noċ do rinne a aṫair. 3 Ar a ṡon sin do ṫéann sé ris na peacaḋuiḃ do rinne Ieroboam mac Nebat, noċ ṫug ar Israel peacaḋ ḋéanaṁ; mor ḋealuiġ se riú sin. 4 ¶ Agus do ḃí Mesa ríġ Moab na ṁaiġistir cáoraċ, agus do ḃeireaḋ do ríġ Israel céud míle úan, agus céud mile reiṫe, gun a noluinn. 5 Agus tárla, a núair déug Ahab, go ndeaċuiḋ ríġ Moab a gcogaḋ ar ríġ Israel. 6 ¶ Agus do ċuáiḋ an ríġ Iehoram amaċ as Samária a núair ċéadna, agus do airiṁ sé Israel uile. 7 Agus dimṫiġ sé agus do ċuir sé fios go Iehosaṗat ríġ Iúdah, ḋa ráḋ, Do ċuáiḋ ríġ Móab a gcogaḋ am aġaiḋ: an raċa tú liom do ċaṫuġaḋ a naġaiḋ Ṁóab? Agus a duḃairt seision, Raċad: ataimse mar atá tusa, mo ḋáoine mar do ḋáoine, agus mo ṁarcṡlúaġ mar do ṁarcṡluáġ. 8 Agus a duḃairt sé, Cia an tsliġe a raċum súas? Agus do ḟreagair seision, An tsliġe tré ḟásaċ Edom. 9 Mar sin do imṫiġ ríġ Israel, agus ríġ Iúdah, agus ríġ Edom: agus do ċúadar aisdior ṡeaċd lá timċioll: agus ní raiḃ uisge aca don tsluaġ, nó don náirneis do lean íad. 10 Agus a duḃairt ríġ Israel, A ṫruáiġe! gur ġoir an TIĠEARNA na trí ríġṫe so a ccionn a ċéile, dá seaċad a laiṁ Ṁóab! 11 Agus a duḃairt Iehosaṗat, Naċ ḃfuil annso fáiġ leis an TTIĠEARNA, go ḃfiafruiġeamis aigan TIĠEARNA ris? Agus do ḟreagair duine do ṁuinntir ríġ Israel é agus a duḃairt, Atá annso Elisa mac Saṗat, noċ do ḋóirt uisge ar láṁuiḃ Elias. 12 Agus a duḃairt Iehosaṗat, Atá bríaṫar an TIĠEARNA maille ris. Ann sin do ċuáiḋ ríġ Israel, agus Iehosaṗat, agus ríġ Edom síos go nuige é. 13 Agus a duḃairt Elisa ré ríġ Israel, Cred atá agumsa ré ḋéanaṁ riotsa? imṫiġ go fáiġiḃ haṫar, agus go fáiġiḃ do ṁáṫar. Agus a duḃairt ríġ Israel ris, Ní heaḋ: óir do ġoir an TIĠEARNA na trí ríġṫesi a ccionn a ċéile, dá seaċad a láiṁ Ṁoab. 14 Agus a duḃaírt Elisa, Mar ṁairios TIĠEARNA na slóġ, da laṫair a seasuim, muna ḃféuċuinn go deiṁin, do Iehosaṗat ríġ Iúdah do ḃeiṫ a laṫair, ní ḟéuċuinn leaṫ riotsa, agus ní ḟaicḟinn tú. 15 Aċt a nois táḃair fear seanma ċugam. Agus tárla, a nuáir do ṡinn an fear seanma, go ttáinic láṁ an TIĠEARNA fairsion. 16 Agus a duḃairt sé, Is marso a deir an TIĠEARNA, Déanuiḋ an gléannsa lán do ḋiógaċaiḃ. 17 Oir is marso a deir an TIĠEARNA, Ní ḟaicfiḋe gáoṫ, agus ni mó ċífiḋe fearṫuinn; giḋeaḋ líonfuiḋear an gleannsa duisge, lé a ḃféudfuiġ dól, siḃ feín araon, agus ḃur náirneís, agus ḃur nainṁintiġ. 18 Agus ní ḃfuil annso aċt ní éattrom a raḋarc an TIĠEARNA: séaċóduiġ sé na Moabitiġ fós ion ḃur láiṁ. 19 Agus búailfiḋṫe gaċ éanċaṫair ḋaingion, agus gaċ éanċaṫair ṫoġṫa, agus leag fuiḋe gaċ éan ċrann maiṫ, agus stopfuiḋe gaċ uile ṫobar uisce, agus millfiḋe gaċ éanċuid ṁaiṫ ḟearamn lé cloċaiḃ. 20 ¶ Agus tárla ar maidin, a núair do hofrálaḋ an níoḋbairt ḃíḋ, féuċ, go ttáinic uisge a sliġe Edom, agus do líonaḋ an tír le huisge. 21 Agus a núair do ċúaladar na Moabitíġ uile go ttangadar na ríġṫe súas do ṫroid na naġaiḋ, do ċruinniġeadar an ṁeid re ttáinic arm iomċar, agus ós a ċionn, agus do ṡeasadar ar an leiṫimiol. 22 Agus do éirġeadar súas go moċ ar maidin, agus do lonnruiġ an ġrían ar a nuisge, agus do ċonncadar na Móabitiġ an tuisge don ttaóiḃ oile ċoiṁḋearg re fuil: 23 Agus a duḃradar, Is fuil so: atáid na ríġṫe marḃ go deiṁin, agus do ḃuaileadar féin a ċéile: anois ar a naḋḃarsin, a Ṁóab, ċum na héadala. 24 Agus a nuáir ṫangadar go foslungport Israel, do éirġeadar na Hisraelítiġ súas agus do ḃuáileadar na Móabitiġ, iondus gur ṫeiṫeadar rompa: aċt do ċúadar ar a naġaiḋ búalaḋ na Móabíteaċ, air fad gus a ttír féin. 25 Agus do ḃriseadar síos na caiṫreaċa, agus ar gaċ uile ṗíosa ṁaiṫ ḟearuinn do ċaiṫ gaċ éanduine a ċloċ, gur líonadar é; agus do stopadar a nuile ṫobar uisge, agus do ġearradar na croinn ṁaiṫe uile: aṁáin ann Cirharaset dfágḃadar a cloċa; aċt ċeana do ċúadar luċd na ccránn ttáḃuill na ttimċioll, agus do ḃuáileadar í. 26 ¶ Agus an tan do ċonnairc ríġ Ṁóab an caṫ ro ḋóirb do rug sé leis seaċt ccéud fear do ṫarruing cloiḋeaṁ, do ḃriseaḋ tre ċáċ go ríġ Edom: aċt níor ḟéadadar. 27 Ann sin do ġlac sé a ṁac fa sine do ḃiaḋ na oiġre air san rioġaċd, agus do íoḋbuir é mar ofrail loisge ar an mballa. Agus do ḃí diombúaḋ roṁór a naġaiḋ Israel: agus do imṫiġeadar úaḋ, agus dfilleadar dá ndúiṫċe féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society