II Rioġ 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXV. Braiġdionus Ḃaibioloin 70 bliaḋan. 1 Agus tárla annsa naóṁaḋ blíaḋuin dá rioġaċd, annsa deiċṁaḋ mí, ar an deiċṁaḋ lá don ṁí, go ttáinic Nebuċadnessar ríġ na Babílóine, é feín, agus a ṡlúaġ uile, a naġaiḋ Ierusalem, agus do ṡuiġiḋ se a ṡlúaġ na bun; agus do rinneadar puirt na haġuíḋ timċioll fa ccuairt. 2 Agus do ḃádar a mbun na caiṫreaċ nó go ttáinic an táonṁaḋ blíaḋan déag do ríġe Ṡedecíah. 3 Agus ar an náoṁaḋ lá don ċeaṫraṁaḋ mí, do ḃúaḋuiġ an ġorta annsa ccaṫruiġ, agus ní raiḃ éinġreim aráin ag muinntir na tíre. 4 ¶ Agus do briseaḋ an ċaṫair súas, agus do ṫeiṫeadar luċd an ċoguiḋ eile san noíḋċe a sliġe an ġeata eidír an dá ḃalla, noċ atá láiṁ re gáirdin an ríġ: (anois do ḃádar na Caildeánuiġ a naġaiḋ na caiṫreaċ timċioll fa ccuáirt): agus dimṫiġ an ríġ annsa tsliġe leaṫ ris an réiteaċ. 5 Agus do leanadar slúaġ na Gcaildeánaċ a ndiaiġ an ríġ, agus rugadar air a réiteaċ Ieriċo: agus do ḃí a ṡlúaġ uile spréiḋte úaḋ. 6 Mar sin do ġaḃadar an ríġ, agus rugadar súas go ríġ na Babalóine é go Riblah; agus rugadar breiṫeaṁnus air. 7 Agus do ṁarḃadar mic Ṡedeciah as coinne a ṡúl, agus do ḃeanadar a ṡúile as Sedeciah, agus do ċeangladar é le boltaiġiḃ práis, agus rugadar leó don Ḃabilóin é. 8 ¶ Agus annsa ccuigeaḋ mí, ar an seaċdṁaḋ lá don ṁí, (noċ ar ḃí sin an naoṁaḋ blíaḋuin déug do Nebuċadnessar ríġ na Babilóine), ṫainic Nebusar‐adan, caiptín an ġárda, searḃḟoġantuiġ do ríġ na Babilóine, go Hierusalem: 9 Agus do loisg se tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ, agus tiġṫe Ierusalem uile, agus tiġ gaċ éanduine ṁóir do loisg sé lé teine. 10 Agus slúaġ na Ccaildeánaċ uíle do ḃí a ḃfoċair ċaiptín an ġárda, do ḃriseadar síos ballaḋa Ierusalem timċioll fa ccuairt. 11 Anois an ċuid oile do na dáoiniḃ do ḟágḃaḋ annsa ccaṫruiġ, agus na teiṫṁiġ dimṫiġ rompa go ríġ na Babilóine, maille ré fuiġioll an ṗobuil, do rug Nebusar‐adan caiptin an ġárda leis íad, 12 Aċt dfág caiptín an ġárda cuid do ḃoċduiḃ na tíre do ḃeiṫ ag deasuġaḋ fíneaṁna agus na luċd sáoṫair. 13 ¶ Agus do ḃriseadar na Caldeánuiġ a mbloḋuiḃ na pileir ṗráis do ḃí a ttiġ an TIĠEARNA, agus na básuiḋe, agus a nfairge ṗrais do ḃí a ttíġ an TIĠEARNA, agus rugadar an bprás leó don Ḃabilóin. 14 Agus rugadar leó na potaḋa, agus na slúaiste, agus na glantóiriġ, agus na líaċa, agus na huile ṡoiṫiġe práis lé ḃfriṫeolaidis. 15 Agus rug caiptín an ġarda leis na hioġne gríosaiḋ, agus na bullaḋa, agus gaċ a ndéarnaḋ dór, an ór, agus dairgiod, an airgiod. 16 An dá ṗiléir, a nfairge, agus na básaḋa noċ do rinne Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA; ní raiḃ coimse ar ṗrás na soiṫeaċso uile. 17 Do bé áirde éan ṗiléir aṁáin oċd ccuḃaid déug, agus buḋ ṗrás an clúdaḋ do ḃí air: agus do bé áirde an ċlúduiġ trí cuḃaid; agus do ḃí an líonobair ḟiġte, agus an pomegranat ar an gceann tímċioll fa ccuairt, uile do ṗrás: agus do ḃí a leiṫeid so air an dara piléar gun a obair ḟiġte. 18 ¶ Agus do ġaḃ caiptín an ġárda Seraiah an tárdṡagart, agus Seṗaniah an dara sagart, agus triúr coiṁéuduiġ an doruis: 19 Agus rug sé leis as an gcaṫruiġ oifigeaċ, do cúireaḋ ós ċionn an luċd cogaiḋ, agus cúigear do na daóiniḃ do ḃíoḋ a laṫair an ríġ, noċ fríṫ annsa ccaṫruiġ, agus scriḃneóir prinnsiopalta an tslóiġ, noċ dairṁeaḋ daóine na tíre, agus trí fiṫċid fear do ṁuinntir na tíre fríṫ annsa ccaṫruiġ. 20 Agus do ġlac Nebusaradan caiptín an Ġárda íad so, agus ṫug leis íad go ríġ na Babiloine go Riblah: 21 Agus do ḃuáil ríġ na Babilóine íad, agus do ṁarḃ sé íad ann Riblah a ttir Hamat. Mar sin rugaḋ Iúdah ar siuḃal as a ttír féin. 22 ¶ Agus ar son na ndaóine dfan a ttír Iúdah, noċ do ḟág Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, ós a ccionn sin fós dórduiġ sé Gedaliah mac Ahicam, ṁic Saṗan, na uaċdarán. 23 Agus an tan do ċúaladar caiptíniġ na slóġ uile, íad féin agus a muinntir, go ndéarna ríġ na Babilóine uaċdarán do Ġedaliah, ṫangadar ċum Gedaliah go Mispah, eaḋon Ismael mac Netaniah, agus Iohanán mac Careáh, agus Seraiah mac Tanhumet an Netoṗatíteaċ, agus Iaasaniah mac an Ṁaaċatitiġ, íad féin agus a ndaóine. 24 Agus do ṁionnuiġ Gedaliah ḋóiḃ, agus dá ndaóiniḃ, agus a duḃairt ríu, Ná bíoḋ eagla oruiḃ ḃeiṫ ḃur searḃḟoġantuiḃ ag na Caildeánaċaiḃ: áitiġiḋ annsa ḃfearann, agus freastaluiġ ríġ na Babilóine; agus raċaiḋ go maiṫ ḋaóiḃ. 25 Agus tárla annsa seaċdṁaḋ mí, go ttainic Ismael mac Netaniah, ṁic Elisama, don tsíol rióġa, agus deiṫneaṁar fear leis, agus do ḃuáil sé Gedaliah, gur éug sé, agus na Iúduiġe agus na Caildeanuiġ do ḃí na ḟoċair a Mispah. 26 Agus do éirġeadar an pobal uile, eidir ḃeag agus mór, agus caiptíniġ na slóġ, agus do ċúadar don Négipt: óir do ḃí eagla na Ccaildeánaċ orra. 27 ¶ Agus tárla an seaċdṁaḋ bliaḋuin déug ar ḟiṫċid do ṗríosunaċd Iehoiaċin ríġ Iúdah, annsa dara mí déug, ar an seaċdṁaḋ lá fiṫċiod don ṁí, gur ṫóg Eḃilmerodaċ ríġ na Babilóine annsa ḃlíaḋuin ar ṫosuiġ a ríġe ceann Iehoiaċin riġ Iudah súas as príosún; 28 Agus do laḃair sé go cinéulta ris, agus do ċuir a ċaṫaóir ríoġa ós cionn ċaṫaóireaċ ríġṫe oile do ḃí na ḟoċaír a Mbabilóin; 29 Agus do aṫruiġ sé a ċulaiḋ príosúntaċda: agus a duáiġ sé arán dá laṫair do ġnáṫ ar feaḋ uile láeṫeaḋ a ḃeaṫa. 30 Agus bá hé a ḃeaṫa, beaṫa do hórduġeaḋ ḋó go gnáṫaċ ón ríġ, cuid laéṫeaṁuil a naġaiḋ gaċ laói, ar feaḋ uile láeṫeaḋ a ḃeaṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society