II Rioġ 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIV. Cionfáṫ ḃraiġdionus Ḃaibiloin. 1 Iona láeṫiḃsion ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babiloine súas, agus iar mbeiṫ do Iehoiacim na ṡearḃḟoġantuiġ ḋó ar feaḋ ṫrí mbliaḋan: annsin do iompóiġ sé agus do ċuáiḋ a ccogaḋ na aġaiḋ. 2 Agus do ċuir an TIĠEARNA buiḋne do na Ċaldeeanaċaiḃ, agus buiḋne do na Sirianaċaiḃ, agus buiḋne do na Móabíteaċáiḃ, agus buiḋne do ċloinn Ammon, agus do ċuir sé íad a naġaiḋ Iúdah dá sgríos, do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé tre na ṡearḃḟoġantuiḃ na faiġe. 3 Go deiṁin is lé haiṫne an TIĠEARNA ṫáinic so ar Iúdah, dá náṫarraċ as a raḋarc, ar son ṗeacaiḋ Ṁanasseh, do réir a nuile ní dá ndéarna sé; 4 Agus mar an gcéadna ar son na fola neiṁċiontuiġ noċ do ḋoirt sé: (óir do lión sé Ierusalem le fuil neiṁċiontuiġ); naċ maiṫfeaḋ an TIĠEARNA. 5 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iehoiacim, agus a nuile ní dá ndéarna sé, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iudah? 6 Mar sin dó ċoduil Iehoiacim a ḃfoċair a aiṫreaḋ: agus do ḃí Iehoiaċin a ṁac na ríġ na áit. 7 ¶ Agus ní ṫáinic ríġ na Hégipte a rís nios mó as a ṫír féin: óir do ġaḃ ríġ na Babilóine ó ṡrúṫ na Hégipte go nuige a naḃuinn Euṗrates an ṁéid do ġaḃ le ríġ na Hégipte. 8 ¶ Do ḃí Iehoiaċin oċd mblíaḋna déug daóis a núair do ṫosuiġ a ríġe, agus do rioġaiḋ ann Ierusalem trí ṁí. Agus do bé ainm a ṁaṫar Nehusta, inġean Elnatan ó Ierusalem. 9 Agus do rinne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir a nuile ní da ndéarnuiḋ a aiṫre. 10 ¶ Annsa namsa ṫangadar muinntir Nebuċadnessar ríġ na Babilóine súas a naġaiḋ Ierusalem, agus do ċuireadar slúaġ timċioll air an ccaṫruiġ. 11 Agus ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babilóine a naġaiḋ na caiṫreaċ, agus do ṡuiġ a ṁuinntir na bun. 12 Agus do ċuáiḋ Iehoiaċin ríġ Iúdah amaċ ċum ríġ na Babilóine, é féin, agus a ṁaṫair, agus a ṡearḃḟoġantuiġe, agus a ṗrionnsaḋa, agus a oifigiḋ: agus do ġaḃ ríġ na Babilóine é annsa noċdṁaḋ bliaḋuin dá riġe. 13 Agus rug sé leis as sin ionnṁus ṫiġe an TIĠEARNA uile, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus do ġéarr sé na mbloḋuiḃ a nuile ṡoiṫeaċ óir do rinne Solaṁ ríġ Israel a tteampall an TIĠEARNA, mar a duḃairt an TIĠEARNA. 14 Agus do rug sé Ierusalem uile leis, agus na prionnsaḋa uile, agus an nuile ḋuine árraċda a ngaisgiḋ, eaḋon deiċ míle bráiġe, agus an luċd ceirde uile agus na gaiḃne: níor ḟan duine, aċd an luċd buḋ boiċde do ḋáoine na tíre. 15 Agus rug sé Iehoiaċin leis don Ḃabilóin, agus maṫair an ríġ, agus mná an ríġ, agus oifigiḋ, agus cuṁaċduiġ na tire, rug sé íad sin leis a mbraiġdionus ó Ierusalem don Ḃabilóin. 16 Agus a nuile ḋuine cuṁaċdaċ, seaċd míle fear, agus luċd ceirde agus gaiḃne míle, gaċ a raiḃ láidir abuiḋ ċum cogaiḋ, rug ríġ na Babilóine leis íad a láiṁ don Ḃabilóin. 17 ¶ Agus do rinne ríġ na Babilóine ríġ do Ṁattaniah dearḃraṫair a aṫar iona áit, agus do aṫruiġ sé a ainm go Sedeciah. 18 Do ḃí Sedeciah blíaḋuin agus fiṫċe daóis a nuáir do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do rioġaiḋ éainḃlíaḋuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Hamutal inġean Ieremiah ó Libnah. 19 Agus do rinné sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, do reír gaċ einneiṫe dá ndearnuiḋ Iehoiaċín. 20 Oír is tré ḟeirg an TIĠEARNA ṫáinic sin a ccríċ air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur ṫeilg sé amaċ as a raḋarc íad, go ndeaċuiḋ Sedeciah a ccogaḋ a naġuiḋ ríġ na Babíloine. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society