II Rioġ 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Do scrios Iosiah fás‐ċreideaṁ na tíre. 1 Agus do ċuir an ríġ fios amaċ, agus do ċruinniġeadár ċuige sinnsir Iudah uile agus Ierusalem. 2 Agus do ċúaiḋ an ríġ súas go tiġ an TIĠEARNA, agus daóine Iúdah uile agus uile áitreaḃuiġ Ierusalem maille ris, agus na sagairt, agus na fáiġe, agus an ṗobal uile, beag agus mór: agus do léiġ sé iona cclúasaiḃ uile ḃríaṫra leaḃair an ċunnarṫa noċ fríṫ a ttiġ an TIĠEARNA. 3 ¶ Agus do ṡeas an ríġ ag piléur, agus do rinne sé cunnraḋ a laṫair an TIĠEARNA, do ṡiuḃail a ndiáiġ an TIĠEARNA, agus a aiṫeanta agus a ḟíaḋnuiseaḋa agus a reaċda do ċoiṁéud maille ré na nuile croiḋe agus re na nuile anum, ċum bríaṫra an ċunnarṫasa do ċoiṁlíonaḋ noċ do ḃí scríoḃṫa annsa leaḃarso. Agus do ṡeasadar an pobal uile air an ccunnraḋ. 4 ¶ Agus do aiṫin an ríġ do Hilciah an tardṡagart, agus do ṡagartaiḃ an dara huird, agus do ċoíṁéuduiḃ an doruis, na huile ṡoíṫiġe do rinneaḋ do Ḃaal, agus don ġarrán, agus do ṡlúaġ neiṁe uile do ṫaḃairt amaċ as teampall an TIĠEARNA: agus do loisg sé íad táoḃ amuiċ do Ierusalem a maċairiḃ Cidron, agus rug a lúaiṫ leis go Bétel. 5 Agus do ċuir sé síos na sagairt ioḋalaḋarṫa, noċ do órduiġeadar riġṫe Iúdah do losgaḋ túise annsna háitiḃ árda a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus annsna háitiḃ fa ccuairt timċioll Ierusalem; an ṁuinntir fós do loisgeaḋ túis do Ḃaal, don ġreín, don ġealuiḋ, agus do na pláinéaduiḃ, agus do ṡlúaġ neiṁe uile. 6 Agus ṫug sé amaċ an garrán ó ṫiġ an TIĠEARNA, taoḃ amuiċ do Ierusalem, go haḃuinn Cídron, agus do loisg ag aḃuinn Cídron é, agus do rinne lúaiṫreaḋ ḋe, agus do ċaiṫ an lúaiṫreaḋ ar uáiġiḃ ċloinne an ṗobail. 7 Agus do ḃris sé síos tiġ na Sodomíteaċ, noċ do ḃí láiṁ re tiġ an TIĠEARNA, mar a ndéanaḋ na mná fiġeaċáin don ġarrán. 8 Agus ṫug sé na sagairt uile as caiṫreaċaiḃ Iúdah, agus do ṡaluiġ na háite arda mar an loisgedís na sagairt túis, ó Ġebo go Beer‐seba, agus do ḃrís síos na háite árda na ngeataḋ do ḃí a ndul a steaċ ġeata Iosua úaċdarán na caiṫreaċ, noċ do ḃí ar an láiṁ ċlé do ġeata na caiṫreaċ. 9 Giḋeaḋ ni ṫangadar sagairt na náiteaċ nárd súas go haltóra an TIĠEARNA ann Ierusalem, aċd a dúadar don narán gan loiḃín a measg a ndearḃráiṫreaċ. 10 Agus do ṫruáilliġ sé Toṗet, noċ atá a ngleann ċloinne Hinnom, iondus naċ buḋ ḟéidir lé héanduine a ṫaḃairt air a ṁac nó ar á inġin ḋul ṫríd an tteine go Moleċ. 11 Agus rug se leís ná heiċ ṫugadar ríġṫe Iúdah don ġréin, a ndul a steaċ ṫiġe an TIĠEARNA, láiṁ ré seómra Natan‐meleċ an seomradóir, noċ do ḃí san ḃaile amuiċ, agus do loisg sé carbuid na gréine le teine. 12 Agus na haltora do ḃí a mullaċ séomra úaċdaruiġ Ahas, noċ do rinneadar ríġṫe Iúdah, agus na haltóra do rinne Manasseh a ndá ċúirt ṫiġ an TIĠEARNA, do réub an ríġ, agus do ḃris síos as sin íad, agus do ċaiṫ a lúaiṫreaḋ a naḃuinn Cídron. 13 Agus do ṁill an ríġ na háite árda do ḃí as coinne Ierusalem, noċ do ḃí ar an láiṁ ḋeis do ṡlíaḃ an truailliġṫe, noċ do rinne Solaṁ ríġ Israel do Astoret aḋḟúaṫṁaireaċd na Sidónianaċ, agus do Ċemos aḋḟuáṫṁaireaċd na Móabiteaċ, agus do Mbilċon aḋfúaṫṁaireaċd ċloinne Ammon. 14 Agus do ḃris sé na híoṁáiġe a mbloḋuiḃ, agus do ġéarr sé síos na garráin, agus do líon sé a náiteaċ do ċnáṁuiḃ dáoine. 15 ¶ Tuilleaṁ fós, a naltoír do ḃí a Mbétel, agus a náit árd do rinne Ieroboam ṁac Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ, a naltóir aráon agus a náit árd do ḃrís sé síos, agus do loisg a náit árd, agus do rinne lúaiṫreaḋ ḋí, agus do loisg an garrán. 16 Agus mar do iompóiġ Iosiah é féin, do ċonnairc sé na tuamaḋa do ḃí ann sin ann sa tslíaḃ, agus do ċuir fios, agus do ṫóg na cnáṁa amaċ as na húaiġiḃ, agus do loisg ar a naltóir íad, agus do ṫrúaill í, do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA noċ dḟúagair óglaċ Dé, noċ do réuṁráiḋ na bríaṫrasa. 17 Ann sin a duḃairt sé, Cred é an tioda sin do ċím? agus do innsiodar muinntir na caiṫreaċ, Se so tuama óglaiċ Dé, noċ ṫáinic ó Iúdah, agus dfuagair na neiṫesi do rinne tusa a naġaiḋ altóra Ḃetel. 18 Agus a duḃairt seision, Léigiḋ ḋó, na corruiġeaḋ duine air biṫ a ċnaṁa. Mársin do leígeadar dá ċnáṁuiḃ úaṫa, maille re cnáṁuiḃ an nfáiġ ṫainic ó Ṡamária. 19 ¶ Agus mar an gcéadna tiġṫe na náiteaċ nárd uile do ḃí a ccaiṫreaċaiḃ Ṡamária, noċ do rinneadar riġṫe Israel do ḃrostuġaḋ an TIĠEARNA ċum feirge, do ċuir Iosiah as íad, agus do rinne sé riú do reir a nuile ġníoṁ do rinne sé a Mbétel. 20 Agus do ṁarḃ sé sagairt na naíteaċ nárd uile do ḃí annsin ar na haltóruiḃ, agus do loisg sé cnáṁa dáoine orra, agus dfill sé go Hierusalem. 21 ¶ Agus do aiṫin an ríġ don ṗobal uile, ġa raḋ, Coimnéuduiġ an ċáisg da ḃur TTIĠEARNA Día, mar atá scríoḃṫa annsa leaḃairso an ċunnarṫa. 22 Go deiṁin níor coiṁéadaḋ a léiṫeid sin do ċáisg ó laéṫiḃ na mbreiṫeaṁ do rinne breiṫeaṁnus air Israel, nó ar feaḋ uile laéṫeaḋ ríoġ Israel, nó ríoġ Iúdah; 23 Aċt annsa noċdṁaḋ blíaḋuin déug don ríġ Iosiah, ann ar congṁaḋ an ċáisgsi don TIĠEARNA ann Ierusalem. 24 ¶ Tuilleaṁ fós luċd na leannáin síṫe, agus an luċd fáistine, agus na híoṁaiġe, agus na híoḋuil, agus gaċ uile aḋḟúaṫṁaireaċd do fríṫ a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do ċuir Iosiah ar ccúl íad, ċor go ccoiṁlíonfaḋ sé bríaṫra an dliġe noċ do ḃí scríoḃṫa annsa leaḃar do fúair Hilciah an sagart a ttiġ an TIĠEARNA. 25 Agus ní raiḃ ríġ cosṁuil ris roiṁe, do iompóiġ ċum an TIĠEARNA maille re na uile ċroiḋe, agus le na uile anum, agus le na uile neart, do réir ḋliġe Ṁaoise uile; agus níor éiriġ éanduine na ḋiáiġ cosṁuíl ris. 26 ¶ Giḋeaḋ níor ḟill an TIĠEARNA ó ċuṫaċ a ḟeirge móire, le ar haḋnaḋ a ḟearg a naġaiḋ Iudah, tre ṁéud an ḃrostuiġṫe lear ḃrostuiġ Manasseh é. 27 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, aṫarroċuiḋ mé Iudah fós as mo raḋarc, mar do aṫarruiġ mé Israel, agus teilgfe mé uáim an ċaṫairsi Ierusalem noċ do ṫoġ mé, agus an tiġ a nduḃairt mé, Biaiḋ mainm ann. 28 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iosiah, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuild síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iudah? 29 ¶ Iona laeṫiḃsion do ċuáiḋ Ṗarao‐Neċoh ríġ na Hegipte súas a naġaiḋ ríġ na Hassíria go nuige an sruṫ Euṗrates: agus do ċuáiḋ an ríġ Iosiah iona aġaiḋ; agus do ṁarḃ seision é a Megiddo, a núair do ċonnairc sé é. 30 Agus rugadar a ṁuinntir leó é a ccarbad, marḃ ó Ṁegiddo, agus ṫugadar go Hierusalem é, agus do aḋlaiceadar é iona ṫuama féin. Agus do ġlacadar daóine na tíre Iehoahas mac Iosiah, agus dó ungadar é, agus do rinneadar ríġ ḋe a nait a aṫar. 31 ¶ Do ḃí Iehoahas trí blíaḋna fiṫċiod daóis a núair do ṫosuiġ sé a riġe; agus do ríoġaiḋ trí ṁí ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Hammutal, inġean Ieremiah ó Libnah. 32 Agus do rinne sé an ní dob olc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ a ndearnadar a aiṫre. 33 Agus do ċuir Ṗarao‐neċoh a ccuiḃreaċ é a Riblah a ttír Hamat, ċor naċ mbiáḋ na ríġ ann Ierusalem; agus do ċuir an tír fá ḋuiḃċíos ceud tallann airgid, agus tallainn óir. 34 Agus do rinne Ṗárao‐neċoh ríġ do Eliacim mac Iosiah a náit Iosiah a aṫar, agus ṫug Iehoiacim dainm air, agus rug Iehoahas leis: agus ṫainic don Négipt, agus déug sé annsin. 35 ¶ Agus ṫug Iehoiacim an tairgiod agus an tór do Ṗárao; agus do rinne gearraḋ air a tír díoc a nairgid do réir aiṫne Ṗaraoh: do ṫaḃuiġ sé an tairgiod agus an tór ar ṁuinntir na tíre, ar gaċ uile ḋuine do réir a ġearrṫa, re ṫaḃairt do Ṗarao‐neċoh. 36 ¶ Do ḃí Iehoiacím cúig ḃlíaḋna fiṫċiod daois a nuáir do ṫosuiġ a ríġe; agus do ríoġaiḋ éain blíaḋuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Sebudah, inġean Ṗedaiah ó Rumah. 37 Agus do rínne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ a ndéarnadar a aiṫre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society