Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII. Aṫnúaḋuġaḋ an teampuill agus ṡeirḃis Dé, tre ċúram Iosias.

1 Do ḃí Iosiah oċd mblíaḋna dáois a núair do ṫosuiġ a ríġe, agus do ríoġaiḋ áon ḃlíaḋuin déug ar ḟiṫċid ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Iedidah, inġean Adaiah ó Ḃoscat.

2 Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a nuile ṡliġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ ar a láiṁ ḋeis nó ar a láiṁ ċlé.

3 ¶ Agus tárla annsa noċdṁaḋ bliaḋuin déug don ríġ Iosiah, gur ċuir an ríġ Saṗan mac Asaliah, ṁic Messullam, an scriḃneóir, go tiġ an TIĠEARNA, ġa ráḋ,

4 Eíriġ súas go Hilciah an tárdṡagart, go náiriṁ sé an tairgiod tugaḋ go tiġ an TIĠEARNA, noċ do ċruinniġeadar luċd coiṁeáda an doruis ón ṗobal:

5 Agus tugaidís a láiṁ luċd déanta na hoibre é, agá ḃfuil féuċuin ós cionn tiġe an TIĠEARNA: agus tugaidíssion é don luċd oibre noċ atá a ttiġ an TIĠEARNA, do leasuġaḋ bristeaḋaḋ an tiġe,

6 Do ṡáoruiḃ crainn, agus do áos déanta an tiġe, agus do ṡaóruiḃ cloċ, agus do ċeannaċ aḋmuid, agus ċloċ suoiġte daiṫḋéanaṁ an tiġe.

7 Aċt ċeana ní ḋéarnaḋ cuntus ar biṫ riú fan nairgiod tugaḋ air a láiṁ, do ḃríġ go ndéarnadar fírinne.

8 ¶ Agus a duḃairt Hilciah an tárdsagart ré Saṗan an scriḃneóir, Fuair mé leaḃar an dliġe a ttiġ an TIĠEARNA. Agus ṫug Hilciah an leaḃar go Saṗan, agus do leíġ sé é.

9 Agus ṫáinic Saṗan an scriḃneóir gus an ríġ, agus ṫug scéula ċum an riġ a rís, agus a duḃairt, Do ċruinniġeadar do ṡerḃísiġ an tairgiod fríṫ annsa tiġ, agus ṫugadar é a láiṁ na druinge atá ag déanaṁ na hoibre, agá ḃfuil fuirḟeiṫioṁ ós cionn ṫiġe an TIĠEARNA.

10 Agus do ṫaisbeín Saṗan an scriḃneóir don ríġ, ġa ráḋ, Ṫug Hilciah an sagart leaḃar ḋaṁsa. Agus do léiġ Saṗan é a laṫair an ríġ.

11 Agus tárla, a nuáir do ċúala an ríġ bríaṫra leaḃair an dliġe, gur ḃris sé a eádaċ.

12 Agus dfúagair an ríġ do Hilciah an sagart, agus do Ahicam mac Saṗan, agus do Aċbor ṁac Miċaiah, agus do Ṡaṗan an scriḃneóir, agus do Asahiah serḃíseaċ don ríġ, ḋá ráḋ,

13 Eirġiḋe, fiafruiġiḋ don TIĠEARNA air mo ṡonsa, agus ar son an ṗobail, agus ar son Iúdah uile, a ttaoḃ ḃríaṫar an leaḃairso do fríṫ: óir is mór fearg an TIĠEARNA atá ar na haḋaḋ ar naġaiḋ, do ḃríġ nar uṁluiġeadar ar naiṫre do ḃríaṫruiḃ an leaḃairso, do ḋéanaṁ a nuile neiṫe dá ḃfuil scríoḃṫa dar ttaóiḃ.

14 Mar sin do ċuáiḋ Hilciah an sagart, agus Ahicam, agus Aċbor, agus Saṗan, agus Asahiah, go Huldah an ḃanḟáiġ, beán Ṡallum ṁic Ticḃah ṁic Harhas, fear coiṁéada na néuduiġeaḋ; (anois do coṁnuiġ sí ann Ierusalem annsa ċeláisde); agus do laḃradar ría.

15 ¶ Agus a duḃairt sisi ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Innsiḋ don duine do ċuir ċugamsa siḃ,

16 Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé olc ar a náitsi, agus air a háitreaḃuiḃ, uile ḃríaṫra an leaḃair do léiġ ríġ Iudah:

17 Do ḃríġ gur ṫreígeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeeiḃ eile, ċor go mbrostuiġeadis misi ċum feirge le uile oibreaċa a láṁ; uimesin lasfuiḋ mfearg a naġaiḋ na háitesi, agus ní ṁúċfuiġṫear í.

18 Aċt re ríġ Iudah noċ do ċuir siḃsi dfíafruiġe don TIĠEARNA, is marso a déarṫaoi ris. Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, A ttaoḃ na mbríaṫar do ċúaluiḋ tú;

19 Do ḃriġ go raiḃ do ċroiḋe máoṫ, agus gur uṁluiġ tú ṫú féin a laṫair an TIĠEARNA, a nuáir do ċúala tú cred do laḃair misi a naġaiḋ na háitesi, agus a naġáiḋ a haitreaḃaċ, go mbéidis na ḃfásaċ agus na mallaċduin, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am ḟíaḋnuise; do ċúala misi mar an gcéadna ṫú, a deir an TIĠEARNA.

20 Féuċ, ar a naḋḃarsin, cruinneoċadsa ṫú a ḃfoċair haiṫreaḋ, agus cruinneoċar ċum húaiġe ṫú go síoṫċanta; agus ní ḟaicfid do ṡúile an lán uilc do ḃéaras mé ar a náitsi. Agus ṫugadar scéula a rís ċum an ríġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan