II Rioġ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Elias ar na ṫógṁail súas go neaṁ. 9 Dfag a spiorad agus a ḟalluing ag Elísa. 1 Agus tárla, a nuáir do báill leis an TTIĠEARNA Elias do ṫógḃáil súas go neaṁ lé gaoṫ guairdeain, gondeaċaiḋ Elias le Helisa ó Ġilgal. 2 Agus a duḃairt Elias re Helisa, Guiḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Bétel. Agus a duḃairt Elisa ris, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Marsin do ċuádar siós go Bétel. 3 Agus ṫangadar mic na ḃfáġ do ḃí a Mbétel amaċ go Helisa, agus a duḃradar ris, An ḃfuil a ḟios agadsa go mbéara an TIĠEARNA do ṁaiġistir ód ċeann a niuġ? Agus a duḃairt seision, A seaḋ, atá a ḟios agum; bíṫíse ḃur ttoċd. 4 Agus a duḃairt Elias ris, A Elísa, fan annso, íaruim mar aṫċuinge órt; oír do ċuir an TIĠEARNA misi go Ieriċo. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḋeileoċuiḋ mé riot. Marsin do ċuádar gó Ieriċo. 5 Agus ṫangadar mic na ḃfáġ do ḃí an Ieriċo go Helisa, agus a duḃradar ris, An ḃfuil a ḟios agadsa go mbéura an TIĠEARNA do ṁaiġistir ód ċeann a niuġ? Agus do ḟreagair seision, A seaḋ, Atá a ḟios sin agum; bíṫísi ḃur ttoċd. 6 Agus a duḃairt Elias ris, Guíḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Iordan. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Agus dimṫiġeadar rompa aráon. 7 Agus do ċúadar cáogad do ċloinn na ḃfáġ, Agus do ṡeasadar da ḃféaċain a ḃfad uaṫa: agus do ṡeasadarsan a raon láiṁ ré Iordan. 8 Agus do ġlac Elias a ḟalluing, agus dfill ar a ċéile í, agus do ḃúail na huisgeaḋa, agus do roinneaḋ íad annso agus annsúd, iondus go ndeaċadar anonn aráon ar taluṁ tirím. 9 ¶ Agus tárla, a núair do ċuádar anonn, go nduḃairt Elias re Helisa, Iarr cred is áill leaċd misi do ḋéanaṁ ar do ṡon, suil ḃéarṫar úait mé. Agus a duḃairt Elisa, Guiḋim ṫú, bíoḋ roinn ḋúbalta dot spiorad orum. 10 Agus a duḃairt seision, Is cruáiḋ an ní díarr tú: má ċí tú misi a nuáir ḃéarṫar uáit mé, biáiḋ sé agad mar sin; aċd muna ḃfaicir, ní ḃiáiḋ. 11 Agus tárla, mar do ḃádar ag imṫeaċd ar a naġuiḋ, agus ag caint, féuċ, carbad tinntiġe, agus eiċ ṫinntiġe, do ċuireadar aráon íad ó ċéile; agus do ċuáiḋ Elias súas le gaóṫ guairdeain air neaṁ. 12 ¶ Agus do ċonnairc Elisa sin, agus do éiġ sé, O mo aṫair, ó mo aṫair, carbad Israel, agus a ṁarcṡlúaġ. Agus ní ḟaca sé ní sa ṁó é: agus rug sé ar a éadaċ féin, agus do réub an ndá ċuid íad. 13 Do ṫóg sé mar an gcéadna falluing Elias do ṫuit úaḋ, agus do ċuáiḋ ar a ais, agus do ṡeas ag brúaċ Iordan; 14 Agus do ġlac sé falluing Elias do ṫuit uaḋ, agus do ḃuáil na huisgeaḋa, agus a duḃairt, Cáit a ḃfuil TIĠEARNA Día Elias? agus a nuáir do ḃuáil seisíon fós na huisgéaḋa, do ċúadar ó ċéile anonn sa nall: agus do ċuáiḋ Elisa ṫairis. 15 Agus an tan do ċonncadar mic na ḃfáġ noċ do ḃí ag feiṫeaṁ an Ieriċo é, a duḃrádar, Dfan spiorad Elias air Elisa. Agus ṫangadar na ċoinne, agus do ċlaonadar íad féin go taluṁ dá láṫair. 16 ¶ Agus a duḃradar ris, Féuċ anois, atáid ag do ṡerḃísiġ cáogad fear láidir; guiḋmid ṫú, imṫiġdis, agus íarraidis do ṁaiġistir: ar eagla gur ṫóg Spíorad an TIĠEARNA súas é, agus gur ṫéilg sé air ṡlíaḃ éigin é, no a ngleann eigin. Agus a duḃairt seision, Ní ċuirfíḋe uaiḃ íad. 17 Agus a nuáir do ṡáruiġeadar é, nó go raiḃ náire air, a duḃairt sé, Déanuiġ. Do ċuireadar uimesin cáogad fear; agus díarradar é trí lá, aċd ní ḃfúaradar é. 18 Agus a nuáir ṫangadar a rís ċuigesion, (óir dfan sé léo an Ieriċo,) a duḃairt sé ríu, Naċ nduḃairt misi riḃ, Ná himṫiġiḋ? 19 ¶ Agus a duḃradar muinntir na caiṫreaċ re Helisa, Guiḋmid ṫú, féuċ, gur taitneaṁaċ suiḋiuġaḋ na caiṫreaċsa, mar do ċí mo ṫiġearna: aċd ís olc an tuisge, agus an taluṁ neaṁṫórrṫaċ. 20 Agus a duḃairt seision, Taḃruiġ ċugam crúisgín núaḋ, agus cuiriġ salann ann. Agus ṫugadar sin ċuige. 21 Agus do ċuáiḋ seision amaċ mar a raiḃ gineaṁuin na nuisgeaḋ, agus do ṫeilg sé an salann ann, agus a duḃairt, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do leiġis mé na huisgeaḋasa; ní ḃía feasda marḃaḋ nó neaṁṫórraċd ionta. 22 Marsin do leasuiġeadar na huisgeaḋa gus a niuġ, do réir ḃréiṫre Elisa noċ a duḃairt sé. 23 ¶ Agus do ċuáiḋ sé súas as sin go Bétel: agus mar do ḃí sé ag imṫeaċd súas ar a tsliġe, ṫangadar leiniḃ ḃeaga amaċ as au gcaṫruiġ, agus do rinneadar magaḋ air, agus a duḃradar ris, Eiriġ súas, a ċinn ṁaóil; éiriġ súas, a ċinn ṁaóil. 24 Agus do iompóiġ seision ar a ais, agus dféuċ orra, agus do ṁalluiġ sé íad a nainm an TIĠEARNA. Agus ṫáinig amaċ ḋá ṁaṫġaṁuin ḃainionna as an ccoill, agus do réubadar días agus dá fiṫċiod leanaṁ ḋíoḃ. 25 Agus do ċuáiḋ sé as sin go slíaḃ Carmel, agus as sin dfill sé go Samaria. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society