II Rioġ 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIX. Tug Isaiah solás do Heseciah. 35 Do ṁarḃ aingeal 185000 Assirianaċ. 1 Agus tárla, a nuáir do ċúala Heseciah sin, gur ḃris sé a éadaċ, agus gur ḟoluiġ é féin lé saiceadaċ, agus do ċuáiḋ go tiġ an TIĠEARNA. 2 Agus do ċuir sé Eliacim, do ḃí ós cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃneóir, agus sinnsir na sagart, a cculaḋuiḃ ṡaicéaduiġ, go Hisaiah an fáiġ mac Amos. 3 Agus a duḃradar ris, Is marso a deir Heseciah, Is lá buaiḋearṫa an láso, agus míoċlú, agus scannla: óir ṫangadar an ċlann go ham a mbearṫa, agus ní ḃfuil do neart a mbreiṫ. 4 Do bféidir go ccluinfeaḋ do ṪIĠEARNA Día bríaṫra Rabsaceh uile, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁáiġistir daiṫiseaḋ an Dé ḃí; agus go nimḋeargfaḋ na bríaṫra noċ do ċúala do ṪIĠEARNA Día: uimesin tóg súas do ġuiḋe ar son an nfuiġill do fágḃaḋ. 5 Marsin ṫangadar serḃísiġ an ríġ Heseciah go Hisaiah. 6 ¶ Agus duḃairt Isaiah riú, Abruiḋ marso ré ḃur maiġistir, Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná bíoḋ eagla ort roiṁe na bríaṫruiḃ do ċúala tú, ler scannluiġeadar muinntir ríġ na Hassiria misi. 7 Féuċ, cuirfiḋ misi suinnéan airsion, agus cluinfiḋ sé giorac, agus fillfiḋ sé ḋá ḋuiċṫe féin; agus do ḃéara mé air tuitim leis an ccloiḋeaṁ iona ṫír féin. 8 ¶ Agus do ḟill Rabsaceh, agus fuáir sé ríġ na Hassiria ag cogaḋ a naġaiḋ Libnah: óir do ċúala sé gur imṫiġ sé as Laċis. 9 Agus a nuáir do ċúala sé teaċd ṫar Ṫirhacah ríġ na Hetiópia, Féuċ, atá sé ar tteaċd a maċ do ṫroid ad aġaiḋ: do ċuir sé teaċda a rís go Heseciah, ġa ráḋ, 10 Mar so déarṫaoi re Heseciah ríġ Iúdah, ġa ráḋ, Ná meallaḋ do Ḋía iona ḃfuil do ḋóṫċus ṫú, ḋa ráḋ, Ní ṫiuḃarṫar Ierusalem a láiṁ ríġ na Hassíria. 11 Féuċ, do ċúala tú cred do rinneadar ríġṫe na Hassíria ré gaċ uile ċríċ, da lérscrios: agus an sáorfuíġṫear ṫusa? 12 Ar ṡáoradar dée na gcineaḋaċ an luċd do ċlaóiḋeadar maiṫresi; Gósan, agus Háran, agus Reseṗ, agus clann Eden noċ do ḃí ann Telasar? 13 Cáit a ḃfuil ríġ Hamat, agus ríġ Arpad, agus ríġ caiṫreaċ Seṗarḃaim, Hena, agus Iḃah? 14 ¶ Agus do ġlac Hesecíah an litir as láiṁ na tteaċda, agus do léiġ í: agus do ċúaiḋ Heseciah súas go tiġ an TIĠEARNA, agus do leaṫnuiġ sé í a laṫair an TIĠEARNA. 15 Agus do ġuiḋ Heseciah a laṫair an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċerubíniḃ, is tusa aṁáin Día, rioġaċd an doṁuin uile; is tú do rinne neaṁ agus talaṁ. 16 A ṪIĠEARNA, crom a núas do ċlúas, agus cluin: foscuil, a ṪIĠEARNA, do ṡúile, agus féuċ: agus cluin bríaṫra Ṡennaċerib, noċ do ċuir sé daiṫiseaḋ an Dé ḃí. 17 As fíor, a ṪIĠEARNA, gur ḋíbreádar ríġṫe na Hassíria na cineaḋaċa agus a ndúiṫċe, 18 Agus gur ṫeilgeadar a ndée annsa teine: óir nior ḋée íad, aċd obair láṁ daóine, crainn agus cloċa: uimesin do scriosadar íad. 19 A nois ar a naḋḃarsin, O a ṪIĠEARNA ar Ndía, guiḋim ṫú, sáorsa sinne as a láiṁ, ċor go mbía a ḟios ag uile rioġaċduiḃ an doṁuin gur tusa aṁáin, an TIĠEARNA Día. 20 ¶ Ann sin do ċuir Isaiah mac Amos fios go Heseciah, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do ċúala mé an ġuiḋe do rinne tú ċugam a naġaiḋ Ṡennaċeriḃ ríġ na Hassíria. 21 Asé so an focal do laḃair an TIĠEARNA ḋa ṫáoḃ; Do ṫarcuisniġ an ṁaiġdion inġean Ṡion ṫú, agus do ġáir go magaṁuil fúd; do ċroiṫ inġean Ierusalem a ceann ort. 22 Cía scannluiġ tú agus do aiṫisiġ tú? agus cía a náġaiḋ ar árduiġ tú do ġuṫ, agus ar ṫóg tú súas do ṡúile go hárd? eaḋon a naġaiḋ an Naóin Náoṁṫa Israel. 23 Led ṫeaċduiḃ do aiṫisiġ tú an TIĠEARNA, agus a duḃairt tú, Le hiomad mo ċarbad ṫáinic mé a níos a mulluiġiḃ na slíaḃ, go táoḃuiḃ Lebanon, agus géarrfa mé síos a crainn árraċda Cédar, agus toġa a crann gciuṁuis: agus raċa mé a steaċ go lóistíniḃ a imil, agus go foraóis a Ċarmel. 24 Do ṫoċuil mé agus do iḃ mé uisceaḋa coiṁiġṫeaċa, agus le bonn mo ċos do ṫiormuiḋ mé súas uile aiḃne na náiteaċ ndaingean. 25 Naċ ccúala tusa fada ó ṡin cionnus do rinne mé é? agus gur ċum mé é ó na seanaimsearuiḃ? anois ṫug mé a gcríċ é, ċor go mbeiṫeása ċum déanaṁ fásuiġ do ċaiṫreaċaiḃ daingne na ccárnuiḃ fásaṁla. 26 Ar a náḋḃarsin do ḃádar a náitreaḃuiġ beagċuṁaċdaċ, do ġaḃ criṫeagal agus do cláoiḋeaḋ íad; do ḃádar már ḟéur an ṁaċaire, agus mar an luiḃ ġlais, mar an ḃféur ar ṁullaċ tiġe, agus mar arḃar ṁeaṫas suil ḟásas sé súas. 27 Aċt is fios ḋaṁsa hionad coṁnuiḋe, do ḋul a maċ, agus do ṫeaċd a steaċ, agus do ḃuile am áġaiḋ. 28 Do ḃríġ go ḃfuil tú air buile am aġaiḋ agus gur éirġe do ċuṫaċ súas am ċlúasuiḃ, ar a naḋḃarsin cuirfe misi mo ḋuḃáin ann do ṡróin, agus mo ṡrían ann do ḃéul, agus fillfe mé ar hais ṫú annsa tsliġe iona ttáinic tú. 29 Agus biáiḋ so na ċoṁarṫa agad, Iostaoi ar an mblíaḋuinsi do na neiṫiḃ ḟásas úaṫa féin, agus annsa dara blíaḋuin do na neiṫiḃ ḟásas asta sin; agus annsa treas bliaḋuin, cuiriḋ síol, agus beanuiḋ, agus plannduiġiḋ fineaṁna, agus iṫiḋ a ttoraḋ sin. 30 Agus an fuiġioll raċus as do ṫiġ Iúdah géaḃuid fós fréaṁ síos, agus do ḃéaruid toraḋ súas. 31 Oír raċaiḋ fuiġioll amaċ as Ierusalem, agus an ṁéid do ċúaiḋ as ó ṡlíaḃ Sion: do ḋéana teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ so. 32 Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA a ttaoiḃ ríġ na Hassiria, Ní ṫiocfaiḋ se don ċaṫruiġsi, agus ní ċaiṫfiḋ sé soiġead ann, ní ṫiocfaiḋ sé na haġaiḋ le scéiṫ, agus ní ṫeilgfiḋ se an treinnse na haġaiḋ. 33 Annsa tsliġe a ttáinic sé, annsa tsliġe ċéadna ḟillfeas sé, agus ní ṫiocfaiḋ sé don ċaṫruiġsi, a deir an TIĠEARNA. 34 Oír cuiṁdeoċaiḋ misi an ċaṫairsi, ḋá dídean, ar mo ṡon féin, agus ar son mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi. 35 ¶ Agus tárla a noiḋċe sin feín, go ndeaċuiḋ aingel an TIĠEARNA amaċ, agus gur ḃúail sé a ḃfoslungṗort na Nassirianaċ céud agus ceiṫre fiṫċid agus cúig ṁíle: agus a núair do éirġeadar go moċ ar maidin, féuċ, do ḃádar uile na ccorpuiḃ marḃa. 36 Marsin do ġlúais Sennaċerib ríġ na Hassíria, agus dimṫiġ agus dfill sé, agus do rinne coṁnuiġ á Nineḃeh. 37 Agus tárla, mar do ḃí sé ag aḋraḋ a ttiġ Nisroċ a ḋé, gur ḃuáil Adrammeleċ agus Sareser a ṁic leis an ccloiḋeaṁ é: agus do ṫeiṫeadar féin go críċ na Harménia. Agus do ríoġuiḋ Esarhaddon a ṁac iona áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society