II Rioġ 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII. Do aisig Hesecia rí Iudah an cráḃaḋ firinneaċ. 17 Raiṫe agus ro‐ċáine Rabsaceh. 1 Anois tárla annsa treas blíaḋain do Hoseá mac Elah ríġ Israel, gur ṫosuiġ Heseciah mac Ahas ríġ Iúdah a ríġe. 2 Cúig ḃlíaḋna fiṫċiod dáois do ḃí sé a nuáir do ṫosuiġ sé a ríġe; agus do ríoġaiḋ náoi mblíaḋna fiṫċiod ann Ierusalem. Do bé fós ainm a ṁaṫar Abi, inġean Ṡaċariah. 3 Agus do rinne sé an ni fá ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, do reir a nuile ní dá ndearnuiḋ á aṫair Dáiḃi. 4 ¶ Do aṫarruiḋ sé na háite árda, agus do ḃris sé na híoṁáiġe, agus do ġearr sé sios na garraín, agus do ḃris na codċannaiḃ a naiṫir niṁe ṗráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ġoir sé Nehustan di. 5 Do ċuir sé a ḋóiġ annsa TIĠEARNA Día Israel; iondus naċ raiḃ éanduine na ḋiáiġ cosṁuil ris a measg ríoġ Iúdah uile, nó éanduine dá raiḃ roiṁe. 6 Oír do ċuáiḋ sé a leiṫ an TIĠEARNA, agus níor ḋealuiġ re na leanṁuin, aċd do ċoiṁéud a aiṫeanta, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise. 7 Agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris, agus do ċuáiḋ sé ar a aġaiḋ gaċ uile ḃall a ttíaġ amaċ: agus do ċaṫuiġ se a naġaiḋ ríġ na hassíria, agus níor ḟoġuin sé dó. 8 Do ḃúail sé na Ṗilistiniġ go nuige Gasa, agus a imle sin, ó ṫor an luċd faire gus na caiṫreaċaiḃ daingne. 9 ¶ Agus tárla annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋuin do ríġ Heseciah, (noċ ar ḃé an seaċdṁaḋ blíaḋuin do Hoseá mac Elah ríġ Israel), go ttáinic Salmaneser ríġ na Hassiria aníos a naġaiḋ Ṡamária, agus gur ċuir slúaġ na ṡúiġe uirre. 10 Agus a ccionn ṫrí mbliaḋuin do ġaḃadar í: annsa seiseaḋ bliaḋuin do Heseciah, (do bí sin an náoṁaḋ blíaḋain do Hosea ríġ Israel), do gaḃaḋ Samária. 11 Agus rug ríġ ná Hassíria Israel leis don Assíria, agus do ċuir sé íad ann Hálah agus Hábor láiṁ ré haḃuinn Gosan, agus a ccaiṫreaċaiḃ na Médeaċ: 12 Do ḃríġ nar uṁluiġeadar do ġlór a TTIĠEARNA Dé, áċd gur ṡáruiġeadar a ċunnraḋ, agus a nuile ní dár aiṫin Máoise searḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA ḋíoḃ, agus nar ḃáill leó a ccluinsion, nó a ndéanaṁ. 13 ¶ Annois ansa ċeaṫraṁaḋ blíaḋuin déug don ríġ Heseciah ṫáinic Sennaċerib riġ na Hassíria a níos a naġaiḋ uile ċaiṫreaċa ndaingean Iúdah, agus do ġaḃ sé íad. 14 Agus do ċuir Heseciah ríġ Iúdah teaċda go ríġ na Hassíria go Laċis, ḋá ráḋ, Do ċoiriġ mé; fill uáim: an ní ċuirfios tú orum iomċoruiḋ mé é. Agus do ċuir riġ na Hassíria ar Heseciah ríġ Iúdah trí ċéud tallann airgid agus tríoċad tallann óir. 15 Agus ṫug Heseciah ḋó ar fríṫ dairgiod a ttiġ an TIĠEARNA, agus a niónnṁusuiḃ ṫiġe an ríġ. 16 Fa namsin do ġeárr Heseciah an tór do ḋoirsiḃ ṫeampuill an TIĠEARNA, agus do na piléuruiḃ noċ do dfoluiġ Heseciah ríġ Iúdah re hór, agus ṫug sé do ríġ na Hassíria é. 17 ¶ Agus do ċuir ríġ na Hassíria Tartan agus Rabsaris agus Rabsaceh ó Laċis gus an ríġ Heseciah maille re slúaġ mór a naġaiḋ Ierusalem. Agus do ċuádar súas agus ṫangadar go Hierusalem. Agus a nuáir ṫangadar a níos, ṫangadar agus do ṡeasadar ag píopa an loċáin dob áirde, noċ atá a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire. 18 Agus a nuáir do ġoireadar ċum an ríġ, ṫánic Eliacim mac Hilcíah amaċ ċuca, noċ do ḃí ós cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃnéoir, agus Ioah mac Asaṗ an cuiṁniġṫeoir. 19 Agus a duḃairt Rabsaceh riú, laḃruiḋsi a nois ré Heseciah, Marso deir an ríġ mór, ríġ na Hassiria, Cred é an daingion so iona ḃfuil tú ag cur do ḋóṫċuis? 20 A deir tusa, (aċt is briaṫra dioṁáoin íad,) Atá coṁairle agus neart agumsa ċum an ċogaiḋ. Anois cía iona ḃfuil do ḋóṫċus, as a tteíd tú a ccogaḋ ormsa? 21 Féuċ anois, atá do ḋoíġ a maide don ġiolcuiġ ḃrúitesi, ion sa Négipt, noċ ma ṡeasann duine air, raċas iona laíṁ, agus ṫollfas í: marsin atá Ṗárao ríġ na hégipte ré gaċ áon dá gcuirionn a ḋóiġ ann. 22 Aċt má deirṫí riomsa, Atá ar ndoíġ ann ar TTIĠEARNA Día, naċ é sin an té, ar ċuir Heseciah a aíte árda agus a altóra ar gcúl, agus a dubairt sé ré Iúdah agus ré Ierusalem, Do ḋéantáoi íoḋbuirt as coinne na haltórasa ann Ierusalem? 23 Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫu, taḃair braiġde dom ṫiġearna ríġ na Hássíria, agus do ḃeára misi ḋá ṁíle eaċ ḋuit, má ṫig ḋíot ar do ṡon féin marcṡlúaġ do ċur orra. 24 Cionnus maiseaḋ iompóċus tú uáit aġaiḋ éanċaptín aṁáin do na searḃḟoġantuiḃ is luġa ag am ṁaíġistir, agus ċuirfeas tú do ḋóiġ san Négipt fa ċarbaduiḃ agus fa ṁarcṡlúaġ? 25 An ttáinic misi a nois gan an TIĠEARNA a naġaiḋ na háitesi dá milleaḋ? A duḃairt an TIĠEARNA riom, Eiriġ súas a naġaiḋ na tíresin, agus mill í. 26 Ann sin a duḃairt Eliacim mac Hilciah, agus Sebna, agus Ioah, re Rabsaceh, Guiḋim ṫú, laḃair red ṡearḃḟoġantuiġiḃ annsa teanguiḋ Ṡirianta; (óir tuigmid í): agus ná laḃair rinn ansa teanguiḋ Iúduiġe a cclúasuiḃ na muinntire atá air an mballa. 27 Aċt a duḃairt Rabsáceh riúsan, Nar ċuir mo ṁaiġistir misi ċum do ṁaiġistirsi, agus ċugadsa, do laḃairt na mbriaṫarsa? naċ ċum na muinntire ṡuiḋios air an mballa do ċuir sé mé, go niṫid a salċar féin, agus go niḃid a mún féin ḃur ḃfoċairse? 28 ¶ Annsin do ṡeas Rabsaceh agus do éiġ do ġuṫ árd a tteanguiḋ na Niuduiġeaḋ, agus do laḃair, ḋá ráḋ, Eistiġ focal an ríġ ṁóir, ríġ na Hassiria: 29 Marso a deir an ríġ, Na meallaḋ Heseciah siḃ: óir ní ḃiáiḋ ar a ċumus ḃur sáoraḋ as a láiṁ: 30 Agus ná tugaḋ Heseciah oruiḃ ḃur ndóíġ do ċur annsa TIĠEARNA, ġa ráḋ, Sáorfuiḋ an TIĠEARNA sinn go deiṁin, agus ní ṡeaċodar an ċaṫairsi a láiṁ ríġ na Hassíria. 31 Ná tugaiḋ éisteaċd do Heseciah: óir is mar so deir ríġ na Hassíria, Déunuiḋ réiteaċ riomsa maille re coṁuiḋ, agus tigiḋ amaċ ċugam, agus annsin iṫeaḋ gaċ áon aguiḃ dá ḟíneaṁuin féin, agus gaċ áon da ċrann fíge, agus iḃeaḋ gaċ áon duisge a ṫobair féin: 32 Nó go ttí misi agus go mbeiriḋ mé liom siḃ a ḃfearann cosṁuil ré ḃur ttír féin, dúiṫċe arḃa agus ḟíona, dúiṫċe aráin agus ḟíneaṁna, dúiṫċe ola ċrann‐ola agus meala, ċor go mairfíḋe, agus naċ ḃfuiġe siḃ bás: agus ná héistiḋ re Heseciah, a nuáir ċuirfeas sé impiḋe oruiḃ, ḋa ráḋ, Táirṫeoċaiḋ an TIĠEARNA sinn. 33 Nar ṡáor día air biṫ do na cineaḋaċuiḃ a ḋúiṫċe as láiṁ ríġ na Hassíria? 34 Cáit a ḃfuilid dée Hamát, agus Arpad? cáit a ḃfuilid dée Seṗarḃaim, Hena, agus Iḃah? nar ṡáoradar Samária as mo láiṁsi? 35 Cía híad féin a measc dée na ttíorṫann, noċ do ṡáor a ttír as mo láiṁsi, as a sáorfaḋ an TIĠEARNA Ierusalem as mo láiṁ? 36 Aċt do ḃádar na daóine na ttoċd, agus níor ḟreagradar éanḟocal dó: óir do bé aiṫne an ríġ, ḋa ráḋ, Na tugaiḋ freagra air. 37 Annsin ṫáinic Eliacim mac Hilciah, noċ do ḃí os cionn an teaġluiġ, agus Sebna an scriḃneóir, agus Ioah mac Asaṗ an cuiṁniġeóir, go Heseciah gun a néadaċ briste, agus do innseadar ḋó briaṫra Rabsaceh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society