Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Rug ríġ na Hassíria leis pobal rí Israel.

1 Annsa dara blíaḋain déug do Ahas riġ Iúdah do ṫosuiġ Hoseá mac Elah a ríġe a Samária ós cionn Israel náoi mbliaḋna.

2 Agus do rinne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, aċt ní do nós na ríoġ ṫainic roiṁe ós cionn Israel.

3 ¶ Ṫáinic Salmaneser ríġ na Hassíria suás na aġaiḋ; agus do uṁluiḋ Hoseá na ṡerḃíseaċ ḋó, agus ṫug tioḋlaice ḋó.

4 Agus fúair ríġ na Hassíria droiċṁéin ann Hoseá: óir do ċuir sé teaċda go So ríġ na Hégipte, agus ní ṫug sé tioḋlacaḋ ar bíṫ go ríġ na Hassíria, mar do rinne sé ó ḃliaḋuin go bliaḋuin: ar a naḋḃarsin do ḋruid ríġ na Hassíria fa íaḋaḋ é, agus do ċeangail sé a bpríosún é.

5 ¶ Ann sin ṫáinic ríġ na Hassíria súas ar feaḋ na críċe uile, agus do ċúaiḋ súas go Samária, agus do ḃi re na haġaiḋ trí bliaḋna.

6 Annsa náoṁaḋ bliaḋuin do Hoseá do ġaḃ ríġ na Hassíria Samária, agus rug se Israel leis go Hassíria, agus do ṡuiġiḋ íad ann Hálah agus ann Hábor láiṁ ré haḃuinn Gósan, agus a ccaiṫreaċaiḃ na Mediteaċ.

7 Oír is aṁluiḋ ḃí, gur ṗeacuiġeadar clann Israel a naġaiḋ a TTIĠEARNA Día, noċ ṫug a níos íad as críċ na Hégipte, ó ḃeiṫ fáoi láiṁ Ṗárao ríġ na Hégipte, agus go raiḃ eagla deé oile orra,

8 Agus gur ṡíuḃuileadar a reaċduiḃ na ngeinteaḋ, (noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel), agus ríġṫeaḋ Israel, noċ do rinneadar féin.

9 Agus do rinneadar clann Israel go foluiġeaċ na neiṫe nar ċóir a naġaiḋ a TTIĠEARNA Día, agus do rinneadar áite árda ḋóiḃ féin iona ccaíṫreaċaiḃ uile, ó ṫor an luċd faire go nuige an ccaṫruiġ ċuṁduiġṫe.

10 Agus do ċuireadar súas dóiḃ féin íoṁáiġe agus garráin ann gaċ áon ċnoc árd, agus fáoi gaċ áon ċrann glas:

11 Agus annsin do loisgedís túis annsna háitiḃ árda uile, mar níoḋ na geintiḋ do ḋíbir an TIĠEARNA rompa; agus do oibriġeadar droiċueiṫe do ḃrostuġaḋ an TIĠEARNA ċum feirge:

12 Oír do aḋradar íoṁáiġeaḋ, a ttaoiḃ a nduḃairt an TIĠEARNA riú, Ná déunuiḋ an nísi.

13 Giḋeaḋ fós do rinne an TIĠEARNA fíaḋnuise a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, tres na fáiġiḃ uile, agus treas an luċd faicsiona uile, ġa ráḋ, Filliḋsi ó ḃur ndroiċṡliġiḃ, agus coiṁéuduiġ maiṫeantasa agus mo reaċda, do réir a nuile ḋliġe dar áiṫin mé dá ḃur naiṫriḃ, agus noċ do ċuir mé ċugaiḃ lem ṡerḃísiġ na fáiḋe.

14 Giḋeaḋ níor ḃáill léo a ċluinsion, aċd do ċruáiḋeadar a muinéil, aṁuil muinéil a naiṫreaḋ, naċ ar ċreid ann a TTIĠEARNA Día.

15 Agus do ṫarcuisniġeadar a reaċda, agus a ċunnraḋ do rinne sé re na naiṫriḃ, agus a ḟiaḋnuiseaḋ noċ do ḟíaḋnuiġ sé na naġaiḋ; agus do leanadar díoṁaóineas, agus ṫangadar ċum ḃeiṫ díoṁaóin, agus do leanadar na geintiġ noċ do ḃi ar gaċ táoḃ ḋíoḃ, a ttaoḃ ar ḟúagair an TIĠEARNA ḋíoḃ, naċ déanaidís ní cosṁuil riú.

16 Agus do ḟágḃadar uile aiṫeanta a TTIĠEARNA Día, agus do rinneadar ḋóiḃ féin ioṁáiġeaḋ leaġṫa, ḋá láoġ, agus do rinnedar garrán, agus do aḋradar slóġ neiṁe uile, agus do aḋradar Baal.

17 Agus ṫugadar air a macaiḃ agus air a ninġeanuiḃ dul ṫríd an tteine, agus do nidís fáistine agus droiḋeaċd, agus do reacadar íad féin do ḋéanaṁ uilc a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċum feirge.

18 Uimesin do ḃí an TIĠEARNA ro ḟeargaċ re Hisrael, agus do aṫarruiġ sé as a raḋarc íad: níor fágḃaḋ éanduine aċd treaḃ Iúdah aṁáin.

19 Mar an gcéadna níor ċoṁuill Iúdah aiṫeanta a TTIĠEARNA Día, aċd do ṡiuḃluiġeadar a reaċduiḃ Israel noċ do rinneadar féin.

20 Agus do ċuir an TIĠEARNA síol Israel uile a ttarcuisne, agus do smaċduiġ íad, agus do ṫoirḃir íad a láiṁ ṁillteóireaḋ, nó gur ṫeilg sé as a raḋarc íad.

21 Oír do réub sé Israel ó ṫiġ Ḋáiḃi; agus do rinneadar riġ do Ieroboam mac Nébat: agus do ṫarruing Ieroboam Israel ón TIĠEARNA do leanṁuin, agus ṫug orra peacaḋ mór do ṗeacuġaḋ.

22 Oír do ṡiuḃluiġeadar clann Israel a bpeacaḋuiḃ Ieroboam uile noċ do rinne sé; níor ḋealuiġeadar riú;

23 No gur aṫarruiġ an TIĠEARNA Israel as a raḋarc, mar a duḃairt sé tre na ṡeirḃíseaċaiḃ uile na fáiġe. Mar sin rugaḋ Israel as a ndúiṫċe féin go Hassíria gus a niuġ.

24 ¶ Agus ṫug ríġ na Hassíria daoine ó Ḃabilon, agus ó Ċutah, ó Aḃa, agus ó Hamat, agus ó Ṡeṗarḃaim, agus do ṡuiġiḋ sé íad a ccaiṫreaċaiḃ Ṡamária a náit ċloinne Israel: agus do ṡealḃuiġeadar Samaria, agus do áitiġeadar iona ccaiṫreaċaiḃ.

25 Agus is aṁluiḋ ḃí a ttosaċ a ccoṁnuiġe annsin, naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA orra: uimesin do ċuir an TIĠEARNA leoṁuin na measg, noċ do ṁarḃ cuid dióḃ.

26 Uime sin do laḃradar re ríġ na Hassíria, ġá ráḋ, Na cineaḋaċa do aṫarruiġ tú, agus do ṡuiġiḋ tú a ccaiṫreaċaiḃ Ṡamária, ní feas dóiḃ moḋ Dé na tíre: uime sin do ċuir sé leoṁuin na measc, agus, feuċ, atáid agá marḃaḋ, do ḃríġ naċ ḃfuil fios ṁoḋa Dé na tire aca.

27 Ann sin dfúagair ríġ na Hassíria, ġa ráḋ, Beiriḋ liḃ ann sin áon do na sagartaiḃ noċ ṫugaḃair as sin; agus éirġedís agus coṁnuiġedís annsin, agus múineaḋ sé ḋóiḃ moḋ Ḋé na tíre.

28 Ann sin ṫáinic áon do na sagartaiḃ do rugadar léo as Samáriá agus do rinne sé coṁnuiḋe a Mbétel, agus dó ṁúin dóiḃ cionnus do ḃeiṫ eagla an TIĠEARNA orra.

29 Gideaḋ do rinne gaċ éainċineaḋ dée ḋóiḃ féin, agus do ċuireadar íad a ttiġṫiḃ na náiteaċ nárd noċ rinneadar na Samaritanuiġ, gaċ éainċineaḋ ann a ccaiṫreaċaiḃ féin mar ar ċoṁnuiġeadar.

30 Agus do rinneadar muinntir na Babiloine Sucot‐benot, agus luċd Ċut do rinneadar Nergal, agus do rinneadar muinntir Hámot Asima,

31 Agus do rinneadar na Haḃítiġ Niḃas agus Tartac, agus do loisgeadar na Seṗarḃitiġ a cclann a tteine do Adrammeleċ agus do Anammeleċ, dee Ṡeṗarḃaim.

32 Marsin do ḃí eagla an TIĠEARNA orra, agus do rinneadar ḋóiḃ féin don ċuid do buḋ uirísle aca sagairt na náiteaċ árd, noċ do níoḋ ioḋḃairt air a son, a ttiġṫiḃ na náiteaċ árd.

33 Do ḃí eagla an TIĠEARNA orra, agus do aḋradar a ndeé feín, do reír ṁoḋa na ccineaḋaċ noċ rugadar leó as sin.

34 Gus an lá a niuġ do níd reír an tseannóis: ní eaglaid an TIĠEARNA, ní mó do níd do reir a reaċda, nó do reír a nórduiġṫeaḋ, nó do reír an dliġe agus na haiṫne noċ daiṫin an TIĠEARNA do ċloinn Iácob, dar ġior sé Israel dainm;

35 Re a ndéarna an TIĠEARNA cunnraḋ, agus ar ḟuagair ḋóiḃ, ġa ráḋ, Ní ḃía eagla eíndee oile oruiḃ, ní uiṁleoċuiḋ siḃ féin dóiḃ, ní ḋéantaói íoḋbuirt dóiḃ, ní ḋéantaói seirḃís dóiḃ:

36 Aċt an TIĠEARNA, noċ ṫúg a níos siḃ as críċ na Hégipte re cuṁaċda móra agus le láiṁ sínte amaċ is roiṁesion ḃías eagla oruíḃ, agus isé aḋarfuiḋe, agus is dó ḋéantaoi íoḋbuirt.

37 Agus na statúidiġ, agus na horduiġṫe, agus na dliġṫe, agus na haiṫeanta, noċ do scríoḃ sé ḋáoiḃ, coiṁéudfáoi íad go bráṫ; agus ní ḃiáiḋ eagla deé oile oruiḃ.

38 Agus ní ḋearmadfáoi an ċunraḋ do rinne mé riḃ; ní mó ḃías eagla dée oile oruiḃ.

39 Aċt biáiḋ eagla ḃur TTIĠEARNA Día féin oruiḃ; agus sáorfuiḋ sé siḃ as laiṁ ḃur nuile náṁad.

40 Aċt ċeana níor eísteadarsan, aċd do rinneadar do reir an ċéad ġnáṫa.

41 Marsin do ḃí eagla an TIĠEARNA ar na cineaḋaċaiḃ si, agus do rinneadar serḃís dá nioṁáiġiḃ ġráḃálta fein, a cclann araon, agus clann a ccloinne: mar do rinneadar a naiṫre, is marsin do nídsion gus a niuġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan