Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XV. Asariah agus Iotam riġṫe Iudah. 8 Saċariah, &c. ar Israel.

1 Annsa seaċdṁaḋ blíaḋain fihṫċiod do Ieroboam ríġ Israel do ṫosuiġ Asariah mac Amasiah ríġ Iúdah a ríġe.

2 Sé blíaḋna déug daois ḃí sé a núair do ṫosniġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ ḋá ḃlíaḋuin déug agus da ḟiṫċiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Ieċoliah ó Ierusalem.

3 Agus do rinne sé ceart a raḋarc an TIĠEARNA, do reir a nuile ní dá ndéarnuiḋ Amasiah a aṫair;

4 Aċt níor háṫruiġeaḋ na háite árda: do nídis an pobal ioḋbairt agus do loisgedis túis a ccoṁnuiḋ annsna háitiḃ árda.

5 ¶ Agus do ḃuáil an TIĠEARNA an ríġ, iondus go raiḃ sé na loḃar go ló a ḃáis, agus do rinne sé coṁnuiġ a ttiġ ar leiṫ. Agus do ḃí lótam mac an ríġ ós cionn an tiġe, ag déanaṁ breiṫeaṁnuis air ṗobal na tire.

6 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Asariah, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?

7 Mar sin do ċoduil Asaria agá aiṫriḃ; agus do haḋlaiceaḋ é a ḃfoċair a aiṫreaḋ a ccaṫruiġ Ḋáiḃi: agus do ríoġaiḋ Iótam a ṁac iona áit.

8 ¶ Ann sa noċdṁaḋ blíaḋuin déag ar ḟiṫċid do Asariah ríġ Iúdah do ḃí Saċariah ṁac Ieroboam na ríġ ar Israel a Sámaria sé ṁí.

9 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinneadar a aiṫre; níor ḋealuiġ sé ré peacaḋ Ieroboam ṁic Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.

10 Agus déiriġ Sallum mac Iabes na aġaiḋ, agus do ḃuáil sé é as coinne an ṗobail, agus do ṁarḃ sé é, agus do ḃí féin na ríoġ iona áit.

11 Agus an ċuid oile do ġnioṁuiḃ Ṡaċariah, féuċ, atáid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel.

12 Bá hé so focal an TIĠEARNA noċ do laḃair sé re Iehu, ġa raḋ, Suiġfiḋ do ṁic ar ċaṫaóir ríoġa Israel go nuige an ceaṫraṁaḋ glún. Agus is mar sin ṫáinic a gcríċ.

13 ¶ Do ṫosuiġ Sallum mac Iábes a ríġe annsa naoṁaḋ bliaḋuin déag ar ḟiṫċid do Ussiah ríġ Iúdah; agus do ḃí na ríġ mí iomlán a Samária.

14 Oir do ċúaiḋ Menahem mac Gádi súas ó Ṫirsah, agus ṫáinic go Samária, agus do ḃúail Sallum mac Iabes a Samária, agus do marḃ é, agus do ḃí na ríġ iona áit.

15 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṡallum, agus an nfeall do rinne sé, féuċ, atáid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel.

16 ¶ Ann sin do ḃúail Menahem Tipsah, agus gaċ a raiḃ innte, agus a cóstaḋa ó Ṫirsah: do ḃríġ nar ḟoscladar roiṁe, uime sin do ḃúail sé í; agus do scoilt súas a raiḃ do ṁnáiḃ torrċa innte.

17 ¶ Ann sa naonṁaḋ blíaḋuin déug ar ḟiċṫid do Asariah ríġ Iúdah do ṫosuiḋ Menahem mac Gádi a ríġe ós cionn Israel, agus do ríoġaḋ deiċ mbliaḋna a Samária.

18 Agus do rinne se olc a raḋarc an TIĠEARNA: níor ḋealuiḋ sé ar feaḋ a ḃeaṫa re peacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.

19 ¶ Agus ṫáinic Pul ríġ na Hasíria a naġaiḋ na tíre: agus ṫug Menahem do Ṗul míle tallann airgid, iondus go mbeiṫ a láṁ ris do ḋaingniugaḋ na rioġaċda iona láiṁ.

20 Agus do ṫaḃuiḋ Menahem an tairgiod ar Israel, eaḋon air gaċ uile ḋume ċumasaċ a saíḋḃrios, ar gaċ éanduine cáogad secel airgid, ré ṫaḃairt do ríġ na Hassíria. Marsin do ḟill ríġ na Hassíria ar ais, agus níor ḟan annsin ansa dúiṫċe.

21 ¶ Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṁenahem, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel?

22 Agus do ċoduil Menahem agá aiṫriḃ; agus do ríoġaiḋ Pecahiah a ṁac iona áit.

23 ¶ Annsa ċaogadṁaḋ blíaḋuin do Asariah riġ Iúdah do ṫosaiḋ Pecahiah mac Menahem a riġe ós cionn Israel a Samária, agus do ríoġaiḋ ḋá ḃlíaḋuin.

24 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA: níor ḋealuiġ sé ré peacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nebat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.

25 Aċt do rinne Pecah mac Remaliah, caiptín dá ṁuinntir feín, feall air, agus do ḃúail é a Samária, a bpálás ṫiġe an ríġ, maille re Hargob agus Arieh, agus maille re caogad fear do na Gileaditeaċaiḃ: agus do ṁarḃ sé é, agus do ríoġaiḋ iona ait.

26 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṗecahiah, agus a ndéarna sé uile, feúċ, atáid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel.

27 ¶ Annsa dara blíaḋain ar ċáogad do Asariah ríġ Iúdah do ríoġuiḋ Pecah mac Remaliah ós cionn Israel a Samária fiṫċe blíaḋuin.

28 Agus do rinne sé an ní fá holc a raḋarc an TIĠEARNA: níor ḋealuiḋ sé re peacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nébat, noċ ṫug ár Israel peacuġaḋ.

29 ¶ A laeṫiḃ Ṗecah ríġ Israel ṫínic Tiglat‐pileser ríġ na Hassiria, agus do ġaḃ sé Hiion, agus Abel‐betmaaċa, agus Ianoah, agus Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi, agus Galilee, agus fearann Napṫali uile, agus rug a láiṁ íad go Hassiria.

30 ¶ Agus déiriġ Hosea mac Elah a naġaiḋ Ṗecah ṁic Remaliah, agus do ḃúail sé é, agus do ṁarḃ é, agus do ḃí féin na ríġ na aít, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋuin do Iótam mac Ussiah.

31 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṗecah, agus a ndéarna sé uile, féuċ, ataíd scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel.

32 ¶ Annsa dara blíaḋuin do Ṗecah ṁac Remaliah ríġ Israel do ṫosuiġ Iótam mac Ussiah ríġ Iúdah a ríġe.

33 Cúig ḃlíaḋna fiṫċiod daóis do ḃí sé a nuair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ríoġaiḋ ann Ierusalem sé bliaḋna déug, Agus do be ainm a ṁaṫair Iereṡa, inġin Sadoc.

34 Agus do rinne sé an ní fa ceart a raḋarc an TIĠEARNA: do rinne sé do reír a nuile ní dá ndeárnuiḋ a aṫair Ussiah.

35 Aċt ċeana níor haṫruiġeaḋ na háite árda: do nídís an pobal íoḋbuirt agus do loisgedís túis a ccoṁnuiġ annsna háitiḃ árda. Do ċuir sé súas an geata fa háirde do ṫiġ an TIĠEARNA.

36 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iótam, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?

37 Annsna laéṫiḃsi do ṫosuiġ an TIĠEARNA Resin ríġ na Síria agus Pecah mac Remaliah, do ċur a naġaiḋ Iúdah.

38 Agus do ċoduil Iótam agá aiṫriḃ, agus do haḋlaiceaḋ a ḃfoċair a aiṫreaḋ é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi a aṫar: agus do ríoġaḋ Ahas a ṁac iona áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan