Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Foirrneart. 13 Agus bás Ataliah. 17 Do aisigeaḋ an tsiol ríoġa, agus an glanċráḃaḋ.

1 Agus an tan do ċonnairc Ataliah maṫair Ahasiah go raiḃ a mac marḃ, déiriġ sí agus do ṁarḃ sí an síol ríoġa uile.

2 Aċd Iehoseba, inġean an ríġ Ioram, deirḃṡíur Ahasiah, do ġlac sí Ioas ṁac Ahasiah, agus do ġad é as lár na mac ríoġ do marḃaḋ; agus dfolċadar é féin agus a ḃanaltra, annsa tseomra ċodalta ó Ataliah, a ccruṫ nar marḃaḋ é.

3 Agus do ḃí sé aice a ḃfolaċ a ttiġ an TIĠEARNA sé blíaḋna. Agus do ḃí Ataliah na Bainríoġain ós cionn na tíre.

4 ¶ Agus do ċuir Iehoiada teaċda uáḋ an seaċdṁaḋ blíaḋuin agus ṫug leis na húaċdaráin ós cionn na ccéud, agus na caiptíniġ agus an gárda, agus ṫug ċuigesion íad go tiġ an TIĠEARNA, agus do rinne cunnraḋ ríu, agus do ḃean mionna ḋíoḃ a ttiġ an TIĠEARNA, agus do ṫaisbéin mac an ríġ ḋóiḃ.

5 Agus daiṫin sé ḋioḃ, ġa ráḋ, Sé so an ní do ḋéantaoi; Biaiḋ an treas cuid aguiḃ raċus a steaċ annsa tsáḃóid ag coiṁéud faire ag tiġ an ríġ;

6 Agus biáiḋ trían oile ag geata Súr; agus trían ag an ngeata taóiḃ ṡíar don ġárda: mar sin ċoiṁéudfuiḋe faire an ṫiġe, go naċ bristear síos é.

7 Agus dá ċuid ḋíḃse uile noċ raċus amaċ annsa tsábbóid, coiṁéudfuidsion faire ṫiġe an TIĠEARNA gaċa taoḃa don ríġ.

8 Agus béiṫí timċioll an ríġ fa ccuairt, gaċ uile ḋuine gun a arm iona láiṁ: agus giḋ bé ar biṫ ṫiocfas a measc na ccóiriġ a steaċ, marḃṫar é; agus bíṫise a ḃfoċair an ríġ mar raċus sé amaċ agus mar ṫiucfas sé a steaċ.

9 Agus do rinneadar na caiptíniġ ós cionn na ccéud gaċ éinní dar aiṫin Iehoiada an sagart díoḃ: agus rug gaċ éanduine dá raiḃ ag dul a steaċ annsa ló ṡaóire, á ṁuinntir leis an droing dar ċóir dul amaċ annsa tsábbóid, agus ṫangadar go Iehoiada an sagart.

10 Agus ṫug an sagart do ċaiptíniḃ na ccéud gáeṫe agus sgíaṫa an ríġ Dáiḃi, noċ do ḃí a tteampall an TIĠEARNA.

11 Agus do ḃí an gárda na ṡeasaṁ, gaċ áon maille re na arm na láiṁ, fá gcuáirt timċioll an ríġ, ó ċoirnél deas an teampuill go nuige coirnéul clé an teampuill, ar fad re taóiḃ na haltóra agus an teampuill.

12 Agus ṫug sé mac an ríġ amaċ, agus do ċuir coróin air, agus ṫug an nfíaḋnuise ḋó; agus do rinneadar ríġ ḋe, agus do ungadar é; agus do ḃuáileadar a mbasa air a ċéile, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.

13 ¶ Agus a nuáir do ċúala Ataliah torman an ġárda agus an ṗobuil, ṫáinic sí ċum an ṗobuil go teampall an TIĠEARNA.

14 Agus a nuáir do aṁairc si, féuċ, do ḃí an ríġ na ṡeasaṁ láiṁ ré piléir, mar buḋ gnáṫ, agus na prionnsaḋa agus na trumpaḋa a ḃfoċair an ríġ, agus daóine na críċe uile ag gáirdeaċus, agus ag séideaḋ stoc: agus do ḃris Ataliah a héadaċ, agus do éiġ sí, Feall, feall.

15 Aċd do aiṫin Iehoiada an sagart do ċaiptíniḃ na ccéad, doifigiḃ an tslóiġ, agus a duḃairt ríu, Beiriḋ liḃ amaċ í taoḃ amuiċ do na cóiriġiḃ: agus giḋ bé leanfas í marḃuiḋ leis an ccloiḋeaṁ é. Oir a duḃairt an sagart, ná marḃṫar a ttiġ an TIĠEARNA í.

16 Agus do ċuireadar láṁ innte; agus dimṫiġ sisi an tsliġe a ttigdis na heiċ go tiġ an ríġ: agus annsin do marḃaḋ í.

17 ¶ Agus do rinne Iehoiada cunnraḋ idir an TTIĠEARNA agus an ríġ agus an pobal, go mbéidís na bpobal ag an TTIĠEARNA; eidir an ríġ mar an gcéadna agus an pobal.

18 Agus do ċúadar muinntir na tíre uile go tiġ Ḃaal, agus do ḃrisiodar síos é; a altóraċa agus a íoṁaiġeaċa do ḃriseadar na mbloġuiḃ ṫríd amaċ, agus do ṁarḃadar Matan sagart Ḃaal as coinne na naltóraċ. Agus dórduiġ an sagart oifigiḋ ós cionn ṫiġe an TIĠEARNA.

19 Agus rug sé leis uaċdaráin na ccéud, agus na caiptíniġ, agus an gárda, agus dáoine na tíre uile; agus ṫugadar a núas an ríġ ó ṫiġ an TIĠEARNA, agus ṫáinic sé a sliġe an ġeata an ġarda go tiġ an ríġ. Agus do ṡuiġ sé a ccaṫáoir an ríġ.

20 Agus bá lúaṫġáireaċ dáoine na tíre uile, agus do ḃí an ċaṫair súaiṁneaċ: agus do ṁarḃadar Ataliah leis an gcloiḋeaṁ láiṁ ré tiġ an ríġ.

21 Seaċd mblíaḋna dáois do ḃí Iehoas a nuair do ṫosuiġ sé a rioġaċd.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan