Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Rioġ 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X. Tóruiġeaċd Iehu umorroar ṫiġ Aċab. 29 Aċ gur lean se fein fós peacaḋ Ieroboam.

1 Agus do ḃí ag Ahab seaċdṁoġad mac a Samária. Agus do scrioḃ Iehu litreaċa, agus do ċuir go Samária, go húaċdaranuiḃ Iesreell, gus na sinnsioruiḃ, agus gus an muinutir ṫug súas clann Ahab, ġa ráḋ,

2 Anois mar is lúaiṫe ṫiucfas an litírsi ċugaiḃ, ó ṫarla clann ḃur maiġistir ḃur ḃfoċair, agus go ḃfuil aguiḃ carbuid agus marcṡlúaġ, cuṫair ḋaingion fós, agus arm;

3 Féuċuiḋ amaċ an mac is féarr agus is iomċuḃaiḋ do ċloinn ḃur maiġistir, agus cuiriġ a ccaṫaóir ríoġa a aṫar é, agus troidiġ ar son tiġe ḃur maiġistir.

4 Aċd do ḃádarsan lán deagla, agus a duḃradar, Féuċ, níor ṡeasadar ḋá ríġ an aġaiḋ: cionnus marsin ṡeasfuimne?

5 Agus an té do ḃí ós cionn an tiġe, agus an té do ḃí ós cionn na caiṫreaċ, na sinnsir mar an gcéadna, agus altranna na cloinne, do ċuireadar teaċda go Iehu, ġa raḋ, Is sinne do ṡearḃḟoġantuiġiḋse, agus do ḋeánam gaċ ní déaras tú rinn; ní ḋéanam ríġ ar biṫ, deánasa ann ní is féarr do ċítear ḋuit.

6 Ann sin do scríoḃ sé litir an dara huáir ċuca, ḋá ráḋ, Mas liomsa siḃ, agus má éistiġe rem ġuṫ, glacaiḋ cinu nan ḃfear mac ḃur ṁaiġistir, agus tigiḋ ċugamsa go Iesreel fa namsa máraċ. Anois mic an ríġ, bá seaċdṁoġad íad, agus do ḃádar ag dáoiniḃ móra na caiṫreaċ, noċ ṫug súas íad.

7 Agus tárla, a núair rugaḋ an litir ċucasan, gur ġaḃadar clann an ríġ, agus gur ṁarḃadar deiṫneaṁar agus trí tiṫċid fear, agus do ċuireadar a ccinn a cclíaḃuiḃ, agus do ċuireadar ċuigesion go Iesreel íad.

8 ¶ Agus ṫáinic teaċdaire, agus dinnis dó, ġá ráḋ, Ṫugadar leó cinn ṁac an riġ. Agus a duḃairt seision, Cuiriġ an ndá ċárnan iad a ndul a steaċ an ġeata go ttí maidin.

9 Agus tárla ar maidin, go ndeaċaiḋ sé amaċ, agus gur ṡeas sé, agus go nduḃairt ris an bpobail uile, Atáṫaóisi ionruic: féuċuiḋ do rinne misi feall ar mo ṫiġearna, agus do ṁarḃ mé é: aċd cia ṁarḃ iad so uile?

10 Bioḋ a ḟíos aguiḃ a nois naċ raċaiḋ éinní fa lár do ḃreiṫir an TIĠEARNA, noċ do laḃair an TIĠEARNA a ttáoiḃ ṫiġe Ahab: óir do rinne an TIĠEARNA an ní do laḃair sé tré na ṡearḃḟoġantuiġ Elias.

11 Marsin do ṁarḃ Iehu án ṁéid do ṁair do ṫiġ Ahab an Iesreel, agus a ḋaóine móra uile, agus a luċd gáoil uile, agus a ṡagairt, go nar ḟág sé áon díoḃ na ḃeaṫuiġ aige.

12 ¶ Agus déiriġ sé agus do ġluais, agus ṫáinic go Samária. Agus mar do ḃí sé ag tíġ lomarṫa cáoraċ ar a tsliġe,

13 Tárla Iéhu ré dearḃráiṫriḃ Ahasiah ríġ Iúdah, agus a duḃairt, Cía siḃsi? Agus do ḟreagradarsan, Atámaoidne dearḃraiṫre Ahasiah; agus atámáoid ag dul síos do ċur fáilte roiṁe ċloinne an riġ agus cluinne na bainríoġna.

14 Agus a duḃairt seision, Glacuiḋ beó íad. Agus do ġlacadar beó íad, agus do ṁarḃadar íád ag log ṫiġe an lomarṫa, días agus dá ḟiṫċiod fear; níor ḟág sé duine ḋíoḃ.

15 ¶ Agus a núair do imṫiġ sé as sin, tárla ris Iehonadab ṁac Reċab ag teaċd na ċoinne: agus do ḃeannuiġ sé ḋó, agus a duḃairt ris, An ḃfuil do ċroiḋese díreaċ, mar tá mo ċroiḋesi red ċroiḋese? Agus do ḟreagair Iehonadab, Ata. Má tá, taḃair ḋaṁsa do láṁ. Agus ṫug sé a láṁ ḋó; agus do ġlac sé súas ċuige ann sa ccarbad é.

16 Agus a duḃairt ris, Tarr liomsa, agus féuċ mo ṫeasġráḋ ar son an TIĠEARNA. Marsin ṫugadar air marcuiġeaċd iona ċarbad.

17 Agus an tan ṫáinic sé go Samaria, do ṁarḃ se ar ṁair le Ahab ann Samária, nó gur sgrios sé é, do reír ḃréiṫre an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé re Helias.

18 ¶ Agus do ċruinniġ Iehu an pobal uile a gcionn a ċéile, agus a duḃairt riú, Do rinne Ahab serḃís ḃeag do Ḃaal; aċd do ḋéana Iéhu serḃís ṁór ḋó.

19 Anois ar a naḋḃarsin goiriḋ ċugam fáiġe Ḃaal uile, a ṡerḃísiġ uile, agus a ṡagairt uile; ná teastuiġeaḋ éandúine ḋíoḃ: óir atá íoḋbuirt ṁór agamsa ré a ḋéanaṁ do Ḃáal; giḋ bé ḟanfus a muiġ, ní mairfiḋ sé. Aċd do rinne Iehu so mar ġliocus, ionnus go sgriosfaḋ sé luċd aḋarṫa Ḃaal.

20 Agus a duḃairt Iehu, Fúagruiġe oireaċdus sollamanta do Ḃaal. Agus dfúagradarsan é.

21 Agus dó ċuir Iehu fios ar feaḋ Israel uile: agus ṫangadar luċd aḋarṫa Ḃaal uile, iondus nár fágḃaḋ duine naċ ttáinic. Agus ṫangadar go tiġ Ḃaal; agus do ḃí tiġ Ḃaal líonta ó ċionn go ċéile.

22 Agus a duḃairt seision ris an té do ḃí ós cionn ṡéomra na cculaḋ, Taḃair amaċ culaḋaċa do luċd aḋarṫa Ḃaal uile. Agus ṫug sé culaḋaċa amaċ ċuca.

23 Agus do ċúaiḋ Iehu, agus Iehonadab mac Reċab go tiġ Ḃaal, agus a duḃairt sé re luċd aḋarṫa Ḃaal, Spíonuiḋ, agus féuċuiḋ naċ bíaḋ aguiḃ annso éanduine do ṁuinntir an TIĠEARNA, aċd luċd aḋarṫa Ḃaal aṁáin.

24 Agus a nuáir do ċúadar a steaċ dofráil íoḋbarṫa agus ofrála loisge, dórduiġ Iehu ceiṫre fiṫċid fear amuiġ, agus a duḃairt, Má léigṫí éanduine as dá ttug mé ann ḃur láṁuiḃ, raċaiḋ anum an té léigfios uaḋ é, ar son a anma.

25 Agus tárla, an tan do ċríoċnuiġ sé a nofráil loisge dofráil, go nduḃairt Iehu rís an ngárda agus ris na caiptíniḃ, Imṫiġiḋ asteaċ, agus marḃuiḋ íad; na léigiḋ éanduine as. Agus do ḃuáileadarsan íad lé fáoḃar an ċloiḋíṁ; agus do ṫeilg an gárda agus na caiptíniġ amaċ íad, agus do ċúadar go caṫruiġ ṫiġe Ḃaal.

26 Agus ṫugadar amaċ na hióṁáiġe ass tiġe Ḃaal, agus do loisgeadar íad.

27 Agus do ḃrisiodar síos íoṁáiġe Ḃaal, agus do ḃriseadar síos tiġ Ḃaal, agus do rinneadar campa ḋe gus a niuġ.

28 Marso do scrios Iehu Baal amaċ as Israel.

29 ¶ Aċt ċeana níor ḋealuiġ Iehu ré peacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nebat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ; níor ḟill Iehu, O na láoġiḃ órḋa do ḃí a Mbetel, agus do ḃí ann Dan.

30 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iehu, Do ḃríġ go ndéarna tu go maiṫ a ccríoċnuġaḋ an neiṫesi is ceart ann mo raḋarcsa, agus go ndéarna tú ré tiġ Ahab do réir a raiḃ ann mo ċroiḋe, suiġfid do ċlann don ċeaṫraṁaḋ glún a ccaṫaóir ríoġa Israel.

31 Aċt níor ċuír Iehu beann ar ṡiuḃail a ndliġeaḋ an TIĠEARNA Día Israel maille re na uile ċroiḋe: óir níor ḋealuiġ sé ré peacuiḋuiḃ Ieroboam, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.

32 ¶ Annsna láeṫiḃsin do ṫionnsguin an TIĠEARNA Israel do ġearruġaḋ: agus do ḃuáil Hasael íad ann gaċ uile ċósta Disrael;

33 O Iordan don táoḃ ṡoir, fearann Gílead uile, na Gadítiġ, agus na Reubinítiġ, agus na Manassítiġ, ó Aroer, (nóċ atá ag aḃuinn Arnon), eaḋon Gilead agus Básan.

34 Anois an ċuid oile do ġnioṁuiḃ Iehu, agus a ndéarna sé, agus a neart uile, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel?

35 Agus do ċoduil Iehu a ḃfoċair a aiṫreaḋ: agus do haḋlaiceaḋ a Samária é. Agus do ríoġaḋ Iehoahas a ṁac iona ait.

36 Agus do bá oċd mblíaḋna fiṫċiód a naimsir do ḃí Iehu na ríġ air Israel a Samária.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan