II Rioġ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Do innis Elías um ḃás Ahasia. 10 Tug se teine ó neaṁ anúas. 1 Ansin do ċuáiḋ Móab a gcogaḋ a naġaiḋ Israel tar éis ḃáis Ahab. 2 Agus do ṫuit Ahasiah sios tré laitís a ṡéomra úaċdaraċ do ḃí a Samária, agus do ḃí sé tinn: agus do ċuir teaċda úaḋ, agus a duḃairt ríu, Eirigiḋe, fiafruiġiḋ do Ḃaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so. 3 Aċd a duḃairt aingeal an TIĠEARNA re Helias an Tisbiteaċ. Eiriġ, imṫiġ súas do ṫeagṁail ré teaċdaiḃ ríġ Samária, agus abair ríu. An do ċionn naċ ḃfuil Dia ann Israel, atáṫaóise ag dul dfiafruiġ sgéul do Ḃaalsebub dia Ecron? 4 Anois ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA, Ní ṫiucfa tú a nuás as an leabuiḋ sin ar a ndeaċuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin. Agus dimṫiġ Elias. 5 ¶ Agus a nuáir dfilleadar na teaċda ar a nais ċuige, a duḃairt sé ríu, Cred fár ḟilleaḃair ar ḃur nais? 6 Agus a duḃradarsan ris, Ṫáinic duine súas ar ccoinne, agus a duḃairt sé rinn, Imṫiġiḋ, eirġiḋ a ris ċum an ríġ ó ttangaḃair, agus abruiḋ ris. Is marso a deir an TIĠEARNA, An do ċionn naċ ḃfuil Día ann Israel, ċuirios tú teaċda dfíafruiġ do Ḃaal‐sebub día Ecron? ar a naḋḃarsin ní ṫiucfa tú a núas as an leabuiḋsin ar a ndeaċaiḋ tú suas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin. 7 Agus a duḃairt seision riu, Cred an ġne duine an té sin ṫáinic súas ḃur ccoinne, agus dinnis na briaṫrasa ḋíḃ? 8 Agus do ḟreagradarsan é, Duine fionnaḋṁaċ, agus criosluiġ le crios leaṫair timċioll a ċaóil. Agus a duḃairt seision, Sé Elias an Tisbíteaċ é. 9 Ann sin do ċuir an ríġ ċuige caiptín cáogaid maille re na ċáogad. Agus do ċúaiḋ sé súas ċuige: (agus, féuċ, do ḃí seision na ṡuiġe ar ṁullaċ cnuic). Agus do laḃair sé ris, Ṫusa a óglaiċ Dé, duḃairt an ríġ, Tar a nuás. 10 Agus do ḟreagair Elias, agus a duḃairt re caiptín an ċáoguid, Mas óglaċ do Ḋía misi, annsin tigeaḋ teine a núas ó neaṁ, agus loisgeaḋ sí ṫusa agus do ċáogad. Agus ṫáinic teine a núas ó neaṁ, agus loísg sí eision, agus a ċáogad. 11 A rís mar an gcéadna do ċuir an ríġ ċuige caiptín oile ar ċáogad maille re na ċaogad. Agus do ḟreagair seision é agus a duḃairt ris, A óglaiċ Dé, is marso a deir an ríġ, Tárr a núas go tapuiḋ. 12 Agus do ḟreagair Elias agus a duḃairt ríu, Más óglaċ do Ḋía misi, tigeaḋ teine a nuas ó neaṁ, agus loisgeaḋ ṫusa agus do ċáogad. Agus ṫáiníc teine Dé a núas ó neaṁ, agus do loisg eision agus a ċaogad. 13 ¶ Agus do ċuir a rís caiptín an treas cáoguid gun a ċáogad. Agus do ċúaiḋ an treas caiptín cáoguid súas, agus ṫáinic sé agus do léig é féin ar a ġlúiniḃ a ḃfíaġnuise Elias, agus do ġuiḋ é, agus a duḃairt ris, Oh a óglaiċ Dé, guiḋim ṫú, bíoḋ manumsa, agus anum an ċáogaidsi do ṡeirḃisiġ, mórlúaiċ ann do raḋarc. 14 Féuċ, ṫáinic teine a núas ó neaṁ, agus do loisg sí an dá ċeádċaiptín caógad maille re na gcáogaduiḃ: ar a naḋḃarsin bíoḋ manumsa a nois mórlúaiċ ann do raḋarc. 15 Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA re Hélias, Eiriġ leis sios: ná bíoḋ eagla ort roiṁe. Agus déiriġ seision, agus do ċuáiḋ sé leis síos gus an riġ. 16 Agus a duḃairt sé ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ḃríġ gur ċuir tú teaċda dfíafruiġe sgéul do Ḃaalsebub día Ecron, an do ċionn naċ raiḃ Día an Israel a ḃfíafroċaḋ scéula dá ḃreiṫir? air a naḋḃarsin ni ṫiucfa tú a núas don leabuiḋsin air a ndeacuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deṁin. 17 ¶ Marsin fúair sé bás do réir ḟocail an TIĠEARNA noċ do laḃair Elias. Agus do ríoġuiḋ Iehoram na aít, annsa dara blíaḋan do Iehoram mac Iehosaṗat ríġ Iúdah; do ċionn naċ raiḃ éanṁac aige. 18 Anois an ċuid oile do ġnióṁuiḃ Ahasiah noċ do rinne sé, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar Croinice ríoġ Israel? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society