Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Tainic bainríoġan na Séba ar ċúairt dḟiosruġaḋ Ṡolaṁ.

1 Agus a nuáir do ċúala bainríoġan na Séba clú Ṡoluiṁ, ṫainic sí do ḋearḃaḋ Ṡoluiṁ a cceastuiḃ cruáiḋe go Hierusalem, maille ré cuideaċduin ṁóir, agus lé cáṁalluiḃ ag iomċar spíosraḋ, agus roṁórán óir, agus ċloċa uáisle: agus a nuáir ṫáinic sí go Solaṁ, do ċoṁráiḋ sí ris fá gaċ ní dá raiḃ na croiḋe.

2 Agus dinnis Solaṁ a ceastanna uile ḋi: agus ní raiḃ éinní na ḟoilċios ar Ṡoluṁ nar innis sé ḋi.

3 Agus an tan do ċonnairc bainríoġan na Séba gliocus Ṡoluiṁ, agus an tiġ do rinne sé,

4 Agus bíaḋ a ḃuird, agus suiḋe a ṡerḃíseaċ, agus feiṫioṁ a luċd friṫeóilte, agus a cculaḋaċa; agus a ġiolluiḋe cupáin mar an gcéadna, agus a cculaḋaċa; agus a ḋul súas mar a ttíaġada go tiġ an TIĠEARNA; ní raiḃ níos mó do spioraid innte.

5 Agus a duḃairt sí ris an ríġ, Is fíor an túarusgḃáil do ċúala mé ort ann mo ṫír féin ann do ġníoṁuiḃ, agus ann do ġliocus:

6 Aċt ċeana níor ċreid mé a mbríaṫra, nó go ttáinic mé, agus go ḃfacuiḋ mo ṡúile é: agus, féaċ, níor hinnseaḋ leaṫ méide do ġliocuis daṁ: óir sáruiġiḋ tú an túarusgḃáil do ċúala mé.

7 Is sona do ḋaóine, agus is sona íadso do ṡérḃísiġ, noċ ṡeasas do ġnáṫ as da ċoinne, agus ċluineas do ġliocus.

8 Go maḋ beannuiġ ḃías do ṪIĠEARNA Dí, agá raiḃ dúil ionad dot ċuir ad ṡuiḋe ann a ċaṫaóir ríoġa, ad ríġ dot ṪIĠEARNA Día: do ḃríġ gur ġráḋuiġ do Ḋía Israel, dá ccoṫuġaḋ go bráṫ, uimesin do rinne sé ríġ ḋíotsa os a ccionn, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.

9 Agus ṫug sí don ríġ fiṫċe agus céad tallann óir, agus do spíosraḋ iomarcaiḋ ṁór, agus cloċa uáisle: agus ní raiḃ ar biḋ leiṫéid na spíosraḋ ṫug bainríoġan na Séba don ríġ Solaṁ.

10 Agus ṫugadar serḃísiġ Huram mar an ccéadna, agus serḃísiġ Ṡoluiṁ, noċ ṫug ór ó Oṗír, croinn Algum agus cloċa uáisle léo.

11 Agus do rinne an ríġ do na crannuiḃ algum staiġreaḋa go tiġ an TIĠEARNA, agus go pálas an ríġ, agus cláirseaċa agus saltraċa don luċd ceóil: agus ni facus a leiṫéid sin roiṁe a ttír Iúdah.

12 Agus ṫug an ríġ Soluṁ do ḃainríoġain na Séba a lántoil uile, giḋ bé ar biṫ ní díarr sí, taoḃ amuiġ don ní ṫug sí ċum an ríġ. Marsin dfill sí, agus dimṫiġ roimpe dá tír féin, í féin agus a serḃisiġ.

13 ¶ Anois dob é coṁṫrom a nóir ṫáinic ċum Soluiṁ a néanḃlíaḋuin aṁáin sé ċéad agus trí fiṫċid agus sé tallanna óir;

14 Taoḃ amuiċ don ní ṫugadar margaluiḋ agus céannuiġṫe leó. Agus ṫugadar riġṫe na Harábia uile agus úaċdaráin na tíre ór agus airgiod ċum Soluiṁ.

15 ¶ Agus do rinne an ríġ Solaṁ ḋá ċéad tairged dór ḃúailte: se ċéad secel dór ḃúailte do ċuáiḋ ċum éantairgéide aṁáin.

16 Agus do rinne sé trí ċéad scíaṫ dór ḃúailte: trí ċéad secel óir do ċúaiḋ ċum ácin sgéiṫe aṁáin. Agus do ċuir an ríġ íad a ttiġ foraóise Lebanon.

17 ¶ Do rinne an ríġ mar an gcéadna caṫaóir ṁór dioṁoíge, agus dfoluiġ lé hor fíorġlan í.

18 Agus do ḃádar sé ċoisceím gus an ccaṫaóir ríoġa, maitle re cosstol óir, noċ do ḃí ceangailte don ċaṫaóir, agus láṁa air gaċ táoiḃ do nionad suiḋe, agus ḋá leoṁan na seasaṁ ag na láṁuiḃ:

19 Agus do ṡeasadar ḋá leoṁan deág don táoiḃse agus don taoiḃ oile ar na sé ċoisceim. Ní deárnaḋ a leiṫéid a náoin rioġaċd ar biṫ.

20 ¶ Agus do ḃádar soiġṫiġe óil an riġ Solaṁ uile dór, agus uile ṡoiṫiġe óil ṫiġe foraóise Lebanon dór ġlan: níor ḃairgiod aontsoiġṫeaċ ḋíoḃ; ní raiḃ meas ar biṫ air a laéṫiḃ Ṡoluiṁ.

21 Oír do ċuádar lóingios an ríġ go Tarsis le muinntir Háram: áonuair sna trí blíaḋnuiḃ do ṫigdis loingeas Ṫarsis ag taḃairt óir leó, agus airgid, ioṁóg, agus ainḃeartuiġe, agus ṗeacóg.

22 Agus do ṡáruiġ an riġ Soluṁ ríġṫe an doṁuin uile ar ṡaiḋḃrios agus air ġliocus.

23 ¶ Agus do ḃídís ríġṫe an doṁuin uile ag íarruiḋ raḋuirc Ṡoluiṁ, do ċluinsion a ġliocuis, noċ do ċuir Día iona ċroiḋe.

24 Agus do ḃeireaḋ gaċ áon aca a bṗronntanus leis, soiṫiġe airgid, agus soiṫiġe oir, agus culaḋaċa, éideaḋ, agus spíosraḋ, eiċ, agus múilliḋe, suim airiġ gaċa blíaḋna.

25 ¶ Agus do ḃí ag Soluṁ ceiṫre ṁíle stalla eaċ agus carbad, agus ḋá ṁíle ḋéag marcaċ; noċ do ḃronn sé a ccaiṫreaċaiḃ na ccarbad, agus a ḃḟoċair an riġ an Ierusalem.

26 ¶ Agus do ḃí sé an ríġ os cionn a nuile ríġ ón tsruṫ Euṗrates go nuige críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte.

27 Agus ṫug an ríġ go raiḃ airgiod ann Ierusalem mar ċloċuiḃ, agus croinn cédair mar ċrannuiḃ sicamor atá annsna reíteaċ ísiol air líonṁaireaċd.

28 Agus do ḃerdís go Solaṁ eiċ as an Négipt, agus as gaċ uile ċríċ.

29 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṡoluiṁ, ó ṫús go deireaḋ, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar Nátain an faíġ, agus a ḃfáiġeadóireaċd Ahiiah an Siloniteaċ, agus a ḃfisiḃ Iddo an féuċadóir a naġaiḋ Ieroboam ṁíc Nebat?

30 Agus ba ríġ Solaṁ ann Ierusalem ós cionn Israel uile ḋá ḟiṫċid blíaḋan.

31 Agus do ċoduil Soluṁ agá aiṫriḃ, agus do haḋlaiceaḋ é a ccaṫruiḋ Dáiḃi a aṫar: agus do ríoġuiḋ Rehoboam a ṁac na áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan