Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Reaċd Ṡolaiṁ iona riġeaċd, 11 Agus iona ṫiġ.

1 Agus tárla (a ccionn ḟiṫċid blíaḋan, iona ndéarna Solaṁ tiġ an TIĠEARNA, agus a ṫiġ féin,)

2 Gur ċuir Solaṁ súas, na caiṫreaċa do aisig Huram do Ṡolaṁ, agus ṫug sé air ċloinn Israel coṁnuiġ ionta.

3 Agus do ċuáiḋ Solaṁ go Hamat‐Sobah, agus rug sé búaiḋ uirre.

4 Agus do ċuir sé Tadmor súas annsa ḃfásaċ, agus na huile ċaiṫreaċa stóir, noċ do ċuir sé súas ann Hamat.

5 Mar an gcéadna do rinne sé Bet‐horon uaċdaraċ, agus Bet‐horon íoċdaraċ, caiṫreaċa daingne, go mballaḋuiḃ, ngeataḋuiḃ, agus mbarraḋuiḃ;

6 Agus Baalat, agus na caiṫreaċa stóir do ḃí ag Solaṁ, agus na caiṫreaċa carbad uile, agus caiṫreaċa na ṁarcṡluáiġ, agus a nuile ní dar ṫoil le Solaṁ do ċur súas ann Ierusalem, agus a Lebanon, agus air feaḋ ḋúiṫċe a ṫiġearnuis uile.

7 ¶ Ar son an ṁéid do fágḃaḋ do na Hittitiḃ, agus do na Hamorítiḃ, agus do na Perisitiḃ, agus do na Hiḃitiḃ, agus do na Iebusitiḃ, naċ raiḃ Disrael,

8 A cclann sin, noċ do fágḃaḋ na ndiáiġ san tír, naċ ar ḋíṫlairiġeadar clann Israel, do ċuir Solaṁ íad fa ċíos gus a niuġ.

9 Aċt do ċloinn Israel ní ḋéarnuiḋ Solaṁ serḃísiġ ċum oibre ar biṫ; aċd do ḃádar na luċd cogaiḋ, agus toġa a ċaiptíneaḋ, agus caiptíniġ a ċarbad agus a ṁarcṡlúaġ.

10 Agus dob íadso príoṁ oifigiḋ an ríġ Soluiṁ, eaḋon ḋá ċéad agus cáogad, agá raiḃ cuṁaċda ós cionn an ṗobail.

11 ¶ Agus ṫug Solaṁ inġean Ṗárao leis súas as caṫruiġ Ḋaiḃi don tiġ do rinne sé ḋi: óir a duḃairt sé, Ni ḃiáiḋ mo ḃeansa na coṁnuiḋe a ttiġ Ḋáiḃi ríġ Israel, do ḃríġ go ḃfuil a náit náoṁṫa, iona ttáinic aírc an TIĠEARNA.

12 ¶ Ann sin dofráil Solaṁ ofrála loisge don TIĠEARNA air altóir an TIĠEARNA, noċ do ċuir sé súas as coinne an ṗóirse,

13 Eaḋon do réir ṁiosúir áiriġ gaċ laói, ofrail do réir aiṫne Ṁaóise, ar na Sabboidiḃ, agus air na reéiḃ núaḋa, agus air na féustaiḃ sollamanta, trí huáire san mbliaḋain, eaḋon a ḃféasta a naráin gan loiḃín, agus a ḃféasta na seaċdṁuineaḋ, agus a ḃféasta na ttabernacuil.

14 ¶ Agus dórduiġ sé, do réir órduiġ Ḋáiḃi a aṫar, seala na sagart ċum a serḃíse, agus na Leḃíteaċ ċum a ccúram, do ṁolaḋ agus do ḟríṫéolaṁ a ḃfiaġnuise na sagart, mar dob iomċuḃuiḋ doifig gaċ aon laói: na doirseóiriġ mar an gcéadna iona sealuiḃ ag gaċ aóinġeata: óir is mar sin do aiṫin Dáiḃi óglaċ Dé.

15 Agus níor ḋealuiġeadar ré haiṫne an ríġ do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ a ttaoḃ ċúise ar biṫ, nó a ttáoḃ na nionnṁus.

16 ¶ Anois do ġléusaḋ obair Ṡoluiṁ uile ón ló fár cuireaḋ bunáit ṫiġe an TIĠEARNA, nó go raiḃ sé críoċnuiġ. Mar sin do rinneaḋ tiġ Dé go hiomlán.

17 ¶ Ann sin do ċuáiḋ Solaṁ go Hesion‐geber, agus go Helot, air ṫaóiḃ na fairge a ḃfearann Edom.

18 Agus do ċuir Húram ċuige a láṁaiḃ a ṡerḃíseaċ longa, agus serḃísiġ agá raiḃ éolus na fairge; agus do ċúadar lé muinntir Ṡoluiṁ go Hoṗir, agus ṫugadar as sin ceiṫre ċéad agus cáogad tallann óir, agus ṫugadar gus an ríġ Solaṁ íad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan