Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Urnaiḋ Ṡolaiṁ ar taitneaṁ ré Día, do ḋearḃ sé coisriogan an teampuill ó neaṁ.

1 Anois an tan do ċríoċnuiġ Solaṁ a ġuiḋe, ṫáinic an teine a núas ó neaṁ, agus do ḋóiṫ sí a nófráil loisge agus na híoḋbarṫa; agus do líon glóir an TIĠEARNA an tiġ.

2 Agus níor ḟéudadar na sagairt dul a steaċ go tiġ an TIĠEARNA, do ḃríġ gur líon glóir an TIĠEARNA tiġ an TIĠEARNA.

3 Agus an tan do ċonncadar clann Israel uile mar ṫáinic an teine a núas, agus glóir an TIĠEARNA air an ttiġ, do ċromadar íad féin maille re na naiġṫiḃ ċum na talṁan air a nurlár, agus do aḋradar, agus do ṁoladar an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Oir is maiṫ é; oír mairiḋ a ṫrócaire go bráṫ.

4 ¶ Annsin da íoḋbuir an ríġ agus an pobal uile íoḋbuirt as coinne an TIĠEARNA.

5 Agus do íoḋbuir an ríġ Solaṁ íoḋbuirt ḟiṫċid agus dá ṁíle daṁ, agus ċéud agus fiṫċid míle cáora: marsin do ċoisrig an ríġ agus an pobal uile tiġ Dé.

6 Agus do ḃádar na sagairt ag feiṫioṁ ar a noifig féin: na Leḃítiġ mar an gcéadna le ionstruimentiḃ ceóil an TIĠEARNA, noċ do rinne Dáiḃi ríġ do ṁolaḋ an TIĠEARNA, do ḃríġ go mairionn a ṫrocaire go bráṫ, a núair do ṁol Dáiḃi maille re na minostralaċd sin; agus do ṡéideadar na sagairt na stuic rompa, agus do ṡeas Israel uile.

7 Tuilleaṁ eile fós do náoṁuiḋ Solaṁ meaḋón na cúirte noċ do ḃí as coinne ṫiġe an TIĠEARNA: óir is annsin do ofráil sé ofrála loisge, agus méaṫus na nofrálaḋ síoṫċána, do ḃríġ nar ṫúill na hofrála loisge, agus na hofrála bíḋ, agus an méaṫus, air a naltóir ṗráis do rinne Solaṁ.

8 ¶ Mar an gcéadna fa namsin féin do ċonnuiṁ Solaṁ an féusta seaċd lá, agus Israel uile na ḟoċair, coiṁṫionól roṁór, ó ḋul a steaċ Hámot go sruṫ na Hégipte.

9 Agus ar a noċdṁaḋ lá do rinneadar oireaċdus sollamanta: óir do ċongṁadar coisreagaḋ na haltóra seaċd lá, agus an féasta seaċd lá.

10 Agus air an treas lá fiṫċiod don tseaċdṁaḋ mí doċuir sé an pobal úaḋ da ttiġṫiḃ, lúaṫġáireaċ súgaċ a ccroiḋe ar son na maiṫeasa do ṫaisbéin an TIĠEARNA do Ḋáiḃi, agus do Ṡolaṁ, agus dá ṗobal Israel.

11 Marso do ċríoċnuiġ Solaṁ tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ: agus a nuile ní dá ttáinic a gcroiḋe Ṡoluṁ do ḋéanaṁ a ttiġ an TIĠEARNA, agus iona ṫiġ fein, do ċuir deireaḋ leis go seanaṁuil.

12 ¶ Agus dfoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Ṡolaṁ san noiḋċe, agus a duḃairt sé ris, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ṫoġ mé an náitsi ḋaṁ féin mar ṫiġ íoḋbarṫa.

13 Má ḋruidim neaṁ, ċor naċ mbia fearṫuinn ann, nó má ḟúagruim do na lócustuiḃ an taluṁ do ṁilleaḋ, nó má ċuirim pláiġ a measg mo ṗobail;

14 Má uṁluiġid mo ṗobal, noċ ġoirṫear am ainmsi, iad féin, agus guiḋe, agus maġaiḋsi díarruiḋ, agus filleaḋ ó na ndroiċṡliġṫiḃ; annsin cluinfe misi ó ḟlaiṫeaṁnus, agus maiṫfe mé a bpeacaḋ, agus leiġeosuiḋ mé a ḃfearann.

15 Anois béid mo ṡúile foscuilte, agus mo ċlúasa aireaċ don nurnaiġ ḋéantar annsa náitse.

16 Oír do ṫoġ mé anois agus do noaṁuiġ mé an tiġse, ċor go mbía mainm ann go bráṫ: agus beíd mo ṡúile agus mo ċroiḋe ann a ccoṁnuiġ.

17 Agus air do ṡonsa, má ṡiuḃluiġeann tú am ḟiaḋnuise, mar do ṡiuḃail haṫair Dáiḃi, agus a ḋéanaṁ do reír a nuile neíṫe dar aiṫin mé ḋíot, agus go ccoiṁeadfa tú mo reaċda agus mo breiṫeaṁnuis;

18 Annsin coṫoċuiḋ mé caṫaóir do rioġaċda, do réir mo ċunnarṫa red aṫair Dáiḃi, ḋá ráḋ, Ní ḟailleoċuiḋ duine ḋíotsa ḃeiṫ na úaċdarán ann Israel.

19 Aċt má ḟilltí úaim, agus go ttréigfiḋe mo statúidiġ agus maiṫeanta, noċ do ċuir mé roṁuiḃ, agus go raċtaói agus go ndéantaói serḃís do ḋeeiḃ oile, agus go naḋórṫaói íad;

20 Ann sin tairreonga misi as a ḃfréaṁuiḃ amaċ íad as am ḃfearann noċ ṫug mé ḋóiḃ; agus an tiġse, noċ do naóṁuiḋ mé dom ainm, teilgfiḋ mé as mo raḋarc é, agus dó ḋéana mé seanḟocal agus focal magaiḋ ḋe a measc na nuile ċineaḋaċ.

21 Agus an tiġse, ata árd, biáiḋ sé na úaṫḃás ar gaċ uile ḋuine dá ngéaḃa seaċa ḋe; iondus go naibéora sé, Cred fa ndéarna an TIĠEARNA mar so ris an ttírsi, agus ris an ttiġse?

22 Agus freagórṫar é, Do ḃríġ mar do ṫréigeadar an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, noċ ṫug amaċ íad as críċ na Hégipte, agus gur ġreamuiġeadar do ḋeeiḃ oile, agus daḋradar íad, agus go ndearnadar serḃís ḋóiḃ: uimesin ṫug sé an tolcso uile orra.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan