II Croinicliḃ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Solaṁ ar beanuġaḋ an ṗobail dó, 12 Do ċoisrig sé an teampull lé hurnaiḋe. 1 An sin do ráiḋ Solaṁ, A duḃairt an TIĠEARNA go ndéanaḋ sé coṁnuiġ annsa dorċadus ṫiuġ. 2 Aċt do rinne misi tiġ coṁnuiġ ḋuit, agus ionad háitreiḃe go bráṫ. 3 Agus diompóiġ an ríġ a aġaiḋ, agus do ḃeannuiġ sé coṁċruinniuġaḋ Israel go hiomlán: (agus do ṡeas coṁċruinniuġaḋ Israel uile.) 4 Agus a duḃairt seision, Go maḋ beannuiġ ḃías an TIĠEARNA Día Israel, noċ do coiṁlíon le na láiṁ an ní do laḃair sé le na ḃéul rém aṫair Dáiḃi, ḋá ráḋ, 5 On ló fa ttug mé amaċ mo ṗobal as criċ na Hegipte níor ṫoġ mé aonċaṫair do ċaiṫreaċaiḃ ṫreaḃ Israel do ḋéanaṁ tiġe innte, iondus go mbíaṫ mainm annsin; ní mó do ṫoġ mé aonduine do ḃeiṫ na úaċdarán ós cionn mo ṗobuil Israel: 6 Aċt do ṫoġ mé Ierusalem, ċor go ṁíaṫ mainm annsin; agus do ṫoġ mé Dáiḃi ċum a ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel. 7 Anois do ḃí a ccroiḋe Ḋáiḃi maṫar tiġ do ḋéanaṁ damm an TIĠEARNA Día Israel. 8 Aċt a duḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi maṫair, Do ḃríġ go raiḃ ann do ċroiḋe tiġe do ḋéanaṁ dom ainmsi, is maiṫ do rinne tú sin do ḃeiṫ ad ċroiḋe: 9 Giḋeaḋ ní tusa ḋéanas an tiġ; aċd do ṁac noċ ṫiucfas amaċ as tinníġiḃ, isé ḋéanas tiġ dom ainmsi. 10 Do ċoṁuill an TIĠEARNA air a naḋḃarsin a ḃriaṫar noċ do laḃair sé: óir déiriġ misi súas a náit maṫar Dáiḃi, agus ataim mo ṡuiġe a ccaṫaóir ríoġa Israel, mar do ġeall an TIĠEARNA, agus do rinne mé an tiġ dainm an TIĠEARNA Día Israel. 11 Agus is ann do ċuir mé an náirc, mar a ḃfuil cunnraḋ an TIĠEARNA do rinne sé ré cloinn Israel. 12 ¶ Agus do ṡeas sé as coinne altóra an TIĠEARNA a laṫair ċoṁċruinniġ Israel uile, agus do leaṫnuiġ sé amaċ a láṁa: 13 (Oír do rinne Solaṁ scafal práis, do ċúig cuḃaid ar fad, agus cúig cuḃaid ar leiṫead, agus trí cuḃaid ar áirde, agus do ċuir a lár na cúirte é: agus is air sin do ṡeas sé, agus do leíg a ġlúine fáoi as coinne ċoṁċruinniġ Israel uile, agus do leaṫnuiġ sé a láṁa amaċ leaṫ re neaṁ,) 14 Agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, ní ḃfuil Día cosṁuil riot ar neaṁ, nó air taluṁ; noċ ċoṁallas cunnraḋ, agus ṫaisbeanus trócaire dot ṡearḃḟoġantuiḃ, noċ ṡíuḃluiġios as do ċoinne ó na nuile ċroiḋe: 15 Ṫusa noċ do ċoṁuill dom aṫair Dáiḃi do ṡearḃḟoġantuiġ an ní do ġeall tú ḋó; agus do laḃair tú red ḃéul, agus ċoiṁlíon led láiṁ é, mar atá a niuġ. 16 Anois ar a naḋḃarsin, a ṪIĠEARNA Día Israel, coṁuill dot ṡearḃḟoġantuiġ maṫair Dáiḃi an ní do ġeall tú ḋó, ḋa ráḋ, Ní ḟailleoċuiḋ duine ṫú an mo raḋarcsa do ṡuiġe a ccaṫaoir ríoġa Israel; aċt aṁáin go ttugaid do ċlann aire dá sliġe do ṡiuḃal ann mo ḋliġeaḋsa, mar do ṡiuḃail tusa am laṫair. 17 Anois maiseaḋ, a ṪIĠEARNA Día Israel, fíorṫar ṫfocal, noċ do laḃair tú red ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi. 18 (Aċt an deiṁin go ccoiṁneoċuiḋ Día a ḃfoċair dáoine ar an ttalaṁ? féaċ, ní ḟéadann neaṁ agus neaṁ na neaṁ ṫusa do ċongṁáil; cred é nios luġa ná sin an tiġse do rinne misi!) 19 Bíoḋ meas agad uimesin ar urnaiġ do ṡearḃḟoġantuiġ, agus air a íarratus, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do ṫaḃairt éisteaċd don ġairm agus don aṫċuinge ġuiḋeas do ṡearḃḟoġantuiġ ad laṫair: 20 Iondus go mbíaṫ do ṡúile foscuilte air an ttiġse do ló agus doiḋċe, air a náit dar laḃair tú go ccuirfeá ṫainm ann; déisteaċd ris an nguiḋe do ní do ṡearḃḟoġantuiġ annsa náitse. 21 Taḃair éisteaċd ar a naḋḃarsin do ġearánuiḃ do ṡearḃḟoġantuiġ, agus dód ṗobail Israel, noċ do ḋéanuid síad ċum na háitesi: cluin ṫusa ó hionad coṁnuiġ, eaḋon ó neaṁ; agus a núair ċluinfios tú, taḃair maiṫeaṁnus dóiḃ. 22 ¶ Má ṗeacuiġeann duine a naġaiḋ a ċoṁarsann, agus go ttiuḃarṫar mionna air do ṫaḃairt a ṁionn, agus go ttíucfuid na mionna a laṫair haltórasa annsa tiġse; 23 Annsin cluinse ó neaṁ, agus déan, agus beir breaṫ air do ṡearḃḟoġantuiġiḃ, a ccúitiuġaḋ ris an cciontaċ, ag taḃairt lúaiġeaċd a ṡliġe ḋó air a ċeann fein; agus a nglanaḋ a nḟíréin, ag taḃairt ḋó do réir a ionnracuis. 24 ¶ Agus má beirṫear an ċuid is measa dot ṗobal Israel roiṁe a náṁuid, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar ad aġaiḋ; agus go ḃfillfid siád agus go naideoṁuid hainmsi, agus guiḋe do ḋéanaṁ agus gearán ad laṫair annsa tiġsi; 25 Annsin cluinsi ó neaṁ, agus maiṫ peacaḋ do ṗobuil Israel, agus taḃair íad a rís don dúiṫċe noċ ṫug tú ḋóiḃ feín agus dá naiṫriḃ. 26 ¶ A núair ḋruidfiġṫear neaṁ, agus naċ bía fearṫuinn ann, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi; ma ġuiḋid siad leaṫ ris a náitsi, agus ṫainmsi dadṁáil, agus filleaḋ ó na bpeacaḋuiḃ, an tan ṗíanus tusa íad; 27 Ann sin cluinsi ó neaṁ, agus maiṫ peacaḋ do ṡeirḃiseaċ, agus do ṗobuil Israel, a núair ṁúinfeas tú an tsliġe ṁaiṫ ḋóiḃ, ionar coír ḋóiḃ siuḃal; agus cuir fearṫuinn air an ttalaṁ, noċ ṫug tú dot ṗobal mar oiġreaċd. 28 ¶ Má ḃíonn gorta annsa dúiṫċe, má ḃíonn pláiġ, má ḃíonn sunnġaoṫ, nó drúċd millteaċ, nó lócust, nó spridneanta; agus má ṡuiġid a naiṁde na ttímċioll a ccaiṫreaċaiḃ a ttíre; giḋ bé goiṁ nó giḋ bé tinneas ḃías ann: 29 Annsin giḋ bé guiḋe nó gearán do ḋeantar le duine ar biṫ, nó red ṗobal Israel uile, a núair aiṫeanus gaċ áon a ṫinneas féin agus a ḋoilġios fein, agus leiṫneaċus sé a láṁa amaċ san tiġsi: 30 Annsin cluinsi ó neaṁ hionad coṁnuiḋe féin, agus maiṫ, agus taḃair do gaċ áonduine do réir a ṡliġṫeaċ uile, noċ a ḃfuil fios a ċroiḋe agad; (óir is agadsa aṁáin atá fios croiḋṫeaċ ċloinne na ndaóine:) 31 Ċor go mbía eagla orra roṁad, lé a siuḃoluid ann do ṡliġṫiḃ, an feaḋ ṁairfid síad annsa dúiṫċe noċ ṫug tú dar naiṫriḃ. 32 ¶ Tuilleaṁ oile a ttaoḃ an ċoiṁiṫiġ, naċ dod ṗobal Israel, aċd ṫáinic as tír imċéin air son hanma móiresi, agus do láiṁe cuṁaċduiġ, agus do riġe sínte amaċ; má ṫigid síad agus guiḋe annsa tiġse; 33 Annsin cluinse ó neaṁ, ó háit coṁnuiġ féin, agus déan do réir gaċ neiṫe a ngoirfe an coiṁiṫeaċ ort dá ṫaoiḃ; iondus go mbía fios hanma ag na húile ḋaóiniḃ na talṁan, agus go mbía heagla orra, mar atá air do ṗobal Israel, agus go mbía a ḟios aca an tiġse do rinne misi gurob ad ainmsi ġoirṫear é. 34 ¶ Ma ṫéid do ṗobal do ḋéanaṁ cogaiḋ amaċ a naġaiḋ a náṁad annsa tsliġe a ccuirfe tusa íad, agus go nguiḋfid síad ċugad leaṫ rís an ccaṫruiġsi noċ do ṫóġ tú, agus ris an ttiġ do rinne misi dot ainm; 35 Annsin cluinsi ó neaṁ a nurnuiġ agus a ngearán, agus coṫuiġsi a ccúis. 36 ¶ Má ṗeacuiḋid síad ad aġaiḋ, (óir ní ḃfuil duine air biṫ naċ bpeacuiġeann), agus go mbía fearg agad ríu, agus go seaċóduiġ tú uáit íad roiṁe a náṁuid, agus go mbéuruid léo a láiṁ íad go ndúiṫċe a ḃfad úaḋ nó láiṁ ríu: 37 Ṫairis sin má ċuiṁuiġid orra féin annsa tírsin iona mbéarṫar a láiṁ íad, agus go niompóċuid siad agus go nguiḋfid ċugadsa a ccríċ a ndaóirsine, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamar, do rínneamar earráid, agus is olc do ċúamar; 38 Má ḟillid síad ċugadsa maille re na nuile croiḋe agus le na nuile anum a ttír a ndaoirsine, áit a rugadar a láiṁ íad, agus go nguiḋfid leaṫ rís an ndúiṫċe, ṫug tú dá naiṫriḃ, agus leaṫ ris an ccaṫruiġ do ṫoġ tú, agus leaṫ ris an ttiġ do rinne misi dot ainm: 39 Annsin cluinsi ó neaṁ, ód ionad coṁnuiġ féin, a nguiḋe agus a ngearán, agus coṫuiġ a ccúis, agus maiṫ dot ṗobal noċ do ṗeacaiḋ ad aġaiḋ. 40 ¶ Anois, mo Ḋía, guiḋim ṫú, bídís do ṡúile foscuilte, agus bídís do ċlúasa aireaċ don nurnuiġ noċ do ḋéantar san náitsi. 41 Anois ar a naḋḃarsin éiriġ, a ṪIĠEARNA Día, dot áit suáiṁuis, ṫú féin, agus aírc do neirt: éuduiġṫear do ṡagairt, ó a ṪIĠEARNA Día, le slánuġaḋ, agus gáirdidis do náoiṁ a maiṫeas. 42 A ṪIĠEARNA Día, na fill uáit aġuiḋ hungṫaiġ: cuiṁniġ trócuireaḋ Ḋáiḃi do ṡearḃḟoġantuiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society