Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Ionnṁus ṫiġe Dé. 2 An airc. 11 Tar éis molaḋ na ccantairiġe, do ṫaisbein Día a ġlóir.

1 Is mar so do críoċnuiġeaḋ a nuile obair da ndéarna Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA: agus ṫug Sólaṁ a steaċ gaċ uile ní dar ṫioḋluic Dáiḃi a aṫair; agus do ċuir sé an tairgiod, agus an tór, agus na huile instrumente, a meásc ionnṁuis ṫiġe Dé.

2 ¶ Annsin do ċruinniġ Solaṁ sinnsir Israel, agus cinn na ttreaḃ uile, toġa aiṫreaḋ ċloinne Israel, go Hierusalem, do ṫaḃairt airce ċunnarṫa an TIĠEARNA súas as caṫruiġ Ḋáiḃi, as Sion.

3 Uimesin do ċruinniġeadar fir Israel íad féin uile ċum an ríġ ar an ḃféasta noċ do ḃí annsa seaċdṁaḋ mí.

4 Agus ṫangadar sinnsir Israel uile; agus do ṫogḃadar na Leḃítiġ an náirc súas.

5 Agus rugádar an náirc súas, agus tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus a raḃadar do ṡoiṫiġiḃ náoṁṫa annsa tabernacuil, ṫugadar na sagairt agus na Leḃítiġ leó súas íad.

6 Mar an ccéadna do rinne an ríġ Solaṁ, agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile noċ do ċruinniġ ċuige as cuinne na háirce, íoḋbairt cáoraċ agus daṁ, nár bféidir innisin nó áirioṁ ar iomadaṁlaċd.

7 Agus ṫugadar na sagairt airc ċunnarṫa an TIĠEARNA a steaċ na háit féin, go horacuil an tiġe, don náit ro náoṁṫa, eaḋon fáoi sciaṫánuiḃ na ċerubíniġ:

8 Oír do leaṫnuiġeadar na ċerubíniġ amaċ a sciaṫáin ós cionn áite na háirce, agus dfolċadar na ċerubíniġ an airc, agus a maideaḋa ós a cionn.

9 Agus do ṫairngeadar amaċ maideaḋa na háirce, ċor go ḃfaicṫi cinn na maídeaḋ amaċ ón airc as coinne an noracuil; aċt ní facus amuiġ íad. Agus atáid annsin gus a niuġ.

10 Ní raiḃ éinní san aírc aċd an dá ċlár do ċuir Maóise innte ag Hóreb, a nuáir do rinne an TIĠEARNA cunnraḋ ré cloinn Israel, an tan do ṫangadar ón Negipt.

11 ¶ Agus tárla, a nuáir ṫangadar na sagairt amaċ as a náit náoṁṫa: (óir do náoṁaḋ a raḃadar do ṡagartuiḃ a laṫair, agus ní raḃadar ag feiṫioṁ do réir ṡeala an tansin:

12 Mar an gcéadna na Leḃítiġ do ḃí na luċd ceóil, slioċd Asaṗ, agus Heman, agus Iedutun uile, maille re na macaiḃ agus le na ndearḃráiṫriḃ, ar na néaduġaḋ a líneadaċ ġeal, agus cimbail aca agus saltraċa agus cláirseaċa, do ṡeasadar ág an ċeann ṡoir don naltóir, agus céud agus fiṫċe sagart maille ríu ag déanaṁ ḟuáime re stocuiḃ:)

13 Tárla, a nuáir do ḃádar luċd séideaḋ na stoc agus na cantairiġe aṁuil áon, do ḋéanaṁ éanġoṫa aṁáin ré a ċluinsion a ttaḃairt molta agus buiḋeaċus don TIĠEARNA; agus a nuáir do ṫógḃadar a nguṫ súas leis na stocuiḃ agus leis na cimbaluiḃ agus lé haḋḃuiḃ cíuil, agus ar ṁoladar an TIĠEARNA ġa raḋ. Oir is maiṫ é; óir mairiġ a ṫrócaire go bráṫ: annsin gur líonaḋ tiġ an TIĠEARNA a stiġ le néull, eaḋon tíġ an TIĠEARNA;

14 Iondus nar ḟeadadar na sagairt seasaṁ do ṁiniostralaċd do ḃríġ an neóill: óir do líon glóir an TIĠEARNA tiġ Dé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan