Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Maisiuġaḋ, agus soiṫiġe an teampuill.

1 Tuilleaṁ eile fós, do rinne sé altóir ṗráis, fiṫċe cuḃad a fad, agus fiṫċe cubad a leiṫead, agus deiċ ccuḃaid a háirde.

2 ¶ Do rinne sé mar an ccéadna fairge leaġṫa deiċ ccuḃaid ó ḃruaċ go brúaċ, cruinn air gaċ éantáoiḃ, agus do buḋ cúig ccuḃaid a haírde; agus do ġaḃ líne ṫríoċad cuḃad timċioll fa ccúairt air.

3 Agus faoi sin do ḃí cosaṁlaċd ḋaṁ, noċ do ṫimċiolluiġ é fa ccúairt: deiċ iona ccuḃad, ag timċiolluġaḋ na fairge fa ccúairt. Do teilgeaḋ ḋá ċúrsa daṁ, a nuáir do teilgeaḋ í.

4 Do ṡeas sin air ḋá ḋaṁ ḋéag, a trí ag féuċuin don leaṫ ṫúaiġ, agus a trí ag féuċuin don leaṫ ṡíar, agus a trí ag féuċuin don leaṫ ṫeas, agus a trí ag féaċuin don leaṫ ṡoir: agus do ṡuiġiḋ sé a nfairge ṡuas orra, agus a leiṫ deiriġ uile a steaċ.

5 Agus do ḃí lán duirnn ar ṫíġe ann, agus a brúaċ sin cosṁuil ré himḋéanaṁ brúaiċ cupáin, maille re bláṫuiḃ lile; do ċongṁaḋ sé trí ṁíle Bát.

6 ¶ Do rinne sé mar an ccéadna deiċ láḃéir, agus do ċuir a cúig ḋíoḃ air an láiṁ ḋeis, agus a cúig air an láiṁ ċlé, dionnlaḋ ionnta: do niġedís ionta na neiṫe dofraláidis mar ofráil loisge; aċt is re haġaiḋ na sagart do ḃí a nfairge, dionnlaḋ innte.

7 Agus do rinne sé deiċ ccoinnleóiriġ óir do réir a ccumṫa, agus do ċuir sé san teampall iad, a cúig ar an láiṁ ḋeis, agus a cúig ar an láiṁ ċlé.

8 Do rinne sé mar an ccéadna deiċ mbuird, agus do ṡuiḋiġ sé san teampall íad, a cúig ar an ttáoḃ ndeas, a cúig ar an ttáoḃ cclé. Agus do rinne sé céad bulla óir.

9 ¶ Tuilleaṁ oile fós do rinne sé cúirt na sagart, agus an ċúirt ṁór, agus doirse don ċúirt, agus dfoluiġ sé na doirse lé prás.

10 Agus do ṡúiġiḋ sé a nfairge ar an ttáoiḃ ndeas don ċionn ṡoir, ṫall as ccoinne an táoiḃ ṫeas.

11 ¶ Agus do rinne Húram na potaḋa, agus na slúaiste, agus na báisíniġ. Agus do ċríoċnuiġ Húram a nobair do ḃí ré a ḋéanaṁ aige, don ríġ Solaṁ air ṫiġ Dé;

12 Mar atá an dá ṗiléur, agus na mill, agus na cinn noċ do ḃí ar ṁullaċ an dá ṗiléur, agus an dá ḟiḋeaċán dfolaċ ṁeall na cceann, noċ do ḃí air ṁullaċ na bpiléur;

13 Agus ceiṫre ċéud pomegranat air an dá ḟiḋeaċán; ḋá ċúrsa pomegranat ar gaċ fiġeaċán, dfolaċ ḋá uḃall na cceann noċ do ḃí air na piléuruiḃ.

14 Do rinne sé mar an gcéadna bása, agus do rinne sé oiġne móra ar na básuiḃ;

15 Aon ḟairge, agus ḋá ḋaṁ ḋéag fúiṫiġ.

16 Na potaḋa mar an ccéadna, agus na slúaiste, agus na haḋail, agus a ninstruimenteaḋ uile, do rinne aṫair Huram don ríġ Solaṁ ċum tiġe an TIĠEARNA do ṗrás loinnearḋa.

17 A réiteaċ Iordan do ṫeilg an ríġ íad, annsa taluṁ ċríaḋa eidír Succot agus Seredatah.

18 Is marso do rinne Solaṁ na soiġṫiġesi uile go nuiḃir ṁóir: óir níor ḃféidir coṁṫrom an ṗrás do ṁeas.

19 ¶ Agus do rinne Solaṁ na soiġṫiġe uile do ṫiġ Dé, a naltóir óir mar an ccéadna, agus na buird air ar cuireaḋ an tarán taisbéanta;

20 Agus fós na coinnleóiriġ gun a soillsiḃ, ċor go mbéidís lasta do réir ġnáṫa as coinne an noracuil, dór ḟíorġlan.

21 Agus do rinne sé na bláṫa, agus na lampuiḋe, agus na teanċairiġ dór, agus sin dór ḟíorġlan;

22 Agus na glantóiriġ, agus na bullaḋa, agus na líaċa, agus na senseir, dór ḟíorġlan: agus dul a steaċ an tiġe, na doirse buḋ faide a steaċ ar a naít ro náoṁṫa, agus doirse ṫiġe an teampuil, dob ór íad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan