II Croinicliḃ 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVI. Tugaḋ Iehoahas don Egipt; 5 agus Iehoiacim; 11 Sedeciah, 14 Iudah agus Ierusalem uile don Ḃabilon. 1 An sin do ġlacadar muinntir na tíre Iehoáhas ṁac Iosiah, agus do rinnéadar ríġ ḋe a náit a aṫar ann Ierusalem. 2 Do ḃí Iehoahas trí blíaḋna fiṫċiod dáois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ trí ṁí an Ierusalem. 3 Agus do ċuir ríġ na Hégipte, síos é ann Ierusalem, agus do ḋáor sé an tír a ccéad tallann airgid, agus a ttallann óir. 4 Agus do rinne ríġ na Hégipte ríġ da ḋearḃráṫair Eliacim ós cionn Iúdah agus Ierusalem, agus do áṫruiġ Iehoíacim dainm air. Agus do ġaḃ Neċo Iehoahas a ḋearḃraṫair, agus rug don Negipt é. 5 ¶ Do ḃí Iehoíacim cúig ḃlíaḋna fiṫċiod dáois a núair do ṫosuiġ sé a riġe, agus do ḃí na ríġ éanḃlíaḋuin déag ann Ierusalem: agus do rinne sé go holc a raḋarc a ṪIĠEARNA Dé. 6 Ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babilóine súas na aġaiḋ, agus do ċeangail a níarann é, dá ḃreiṫ don Ḃabilóin. 7 Agus rug Nebuċadnessar leis do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe an TIĠEARNA don Ḃabilóin, agus do ċuir iona ṫeampall féin san Ḃabilóin íad. 8 Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iehoiacim agus á ġráineaṁlaċda, noċ do rinne sé, agus do fríṫ ann, féuċ, atáid scríoḃṫa a leaḃar ríoġ Israel agus Iúdah: agus do ríoġuiḋ Iehoiáċin a ṁac iona áit. 9 ¶ Do ḃí Iehoiaċin oċt mbliaḋna dáois a nuáir do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ trí ṁi agus deiċ lá ann Ierusalem: agus do rinne sé an ní dob olc a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA. 10 Agus a nuáir do caiṫeaḋ an ḃlíaḋuin, do ċuir an ríġ Nebuċadnessar teaċta uaḋ, agus rug don Ḃabilóin é, maille re soiġṫiġiḃ breáġa ṫiġe an TIĠEARNA, agus do rinne sé ríġ do Ṡedeciah a ḋearḃráṫair ós cionn Iúdah agus Ierusalem. 11 ¶ Do ḃí Sedeciah blíaḋuin agus fiṫċe dáois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ éainḃlíaḋuin déug ann Ierusalem. 12 Agus do rinne sé an ní dob olc a ḃfiaḋnuise a ṪIĠEARNA Dé, agus níor uṁluiġ sé é féin a laṫair Ieremiah an fáiġ ag laḃairt ó ḃéul Dé. 13 Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel. 14 ¶ Tuilleaṁ oile fós do ṗeacuiġeadar na hárdṡagairt uile, agus an pobal, go roṁór do réir uile ġráineaṁlaċda na ngeínteaḋ; agus do ṫrúailleadar tiġ an TIĠEARNA noċ do náoṁuiġ sé ann Ierusalem. 15 Agus do ċuir an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ scéula ċuca re na ṫeaċtairiġiḃ, ag éirġe go moċ, agus agá ccur ar siuḃal; do ḃríġ go raiḃ trúaiġe aige dá ḋáoiniḃ, agus dá áit ċoṁnuiḋe: 16 Aċt do rinneadar magaḋ fa ṫeaċtuiḃ Dé, agus do ṫarcuisniġeadar a ḃríaṫra, agus do easonóruiġeadar a ḟáiġe, nó gur éiriġ feárg an TIĠEARNA re na ṗobal, ionnus naċ raiḃ a ḃfóiriṫin ann. 17 Ar a naḋḃarsin ṫug sé orra ríġ na Caldea, noċ do ṁarḃ a ndáoine óga leis an ccloiḋeaṁ a ttiġ a sanctóra, agus ní raiḃ trúaiġe aige do ḋuine óg, nó do ṁaiġdin, dfior ḟoirfe, nó don tí do ċrom le háois: ṫug sé iona láiṁ uile íad. 18 Agus uile ṡoiġṫiġe ṫiġe an TIĠEARNA, mór agus beag, agus ionṁus ṫiġe an TIĠEARNA, agus ionṁus an ríġ, agus a ṗrionnsaḋa; rug sé íadso uile don Ḃaḃilóin. 19 Agus do loisgeadar tiġ Dé, agus do ḃriseadar síos ballaḋa Ierusalem, agus do loisgeadar a ṗaláis uile lé teine, agus do ṁilleadar a ráiḃ do ṡoiṫiġiḃ maiṫe ann. 20 Agus an ṁéid do imṫiġ ón ccloiḋeaṁ rug sé leis iad don Ḃabiloín; már a raḃadar na serḃiseaċaiḃ aigesion agus agá ṁacaiḃ, go riġe ríġ na Persia: 21 Do ċoiṁlíonaḋ bréiṫre an TIĠEARNA a mbéul Ieremiah, nó go ccoṁnuiġeaḋ an tír anna sábboidiġ: óir ar fad do ḃí sí uaigneaċ do ċoiṁéid sí sábóid, do ċoiṁlíonaḋ deiċ mblíaḋan agus trí fiṫċid, 22 ¶ Anois annsa ċéaidḃliaḋuin do Ċírus ríġ na Persia, (ċor go ccoiṁlíontaoi briaṫar an TIĠEARNA do laḃraḋ re béul Ieremiah), do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ċirus ríġ na Persia, go ttug fuagra uáḋ air féaḋ a ríoġaċta ele, agus do ċuir sin a scríḃínn fós, ġa ráḋ, 23 Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe uile rioġaċta na talṁan daṁsa, agus do ċuir do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋo ann Ierusalem, noċ atá ann Iúdah. Cía ta ḃur measc da ḋaoiniḃ uile? Go raiḃ a ṪIĠEARNA Día maille ris, agus imṫiġeaḋ sé suás. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society