Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIV. Iosiah ná scáṫan agus na ṡaṁlaċus ar an deaġ ríġ.

1 Do ḃí Iosiah oċt mblíaḋna daóis a nuáir do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ bliaḋuin air ṫríoċad ann Ierusalem.

2 Agus do rinne sé an ní fa ceart a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃall sé a sliġṫiḃ Ḋáiḃi a aṫar, agus níor ċláon dan láiṁ ḋeis, nó ċlé.

3 ¶ Oír annsa noċdṁaḋ blíaḋuin dá ríġe, an feaḋ do ḃí sé fós óg, do ṫosuiġ se Día a aṫar Dáiḃi díarruiġ: agus annsa dara blíaḋuin déag do ṫosuiġ ar Iúdah agus Ierusalem do ġlanaḋ ó na háitiḃ árda, agus ó na garránuiḃ, agus ó na híoṁáiġiḃ greanta, agus ó na hioṁáiġṫiḃ leaġṫa.

4 Agus do ḃrisiodar síos altóra Ḃaalim iona ḟiaḋnuise; agus do ġéarr sé síos na híoṁaiġe, do ḃí go hárd ós a ccionn, agus na garrain, agus do ḃris na mbloḋuiḃ na híoṁáiġe gráḃalta, agus na hioṁaiġe leaġṫa, agus do rinne sé luáiṫreaḋ ḋíoḃ, agus do leaṫnuiġ é ar uáiġiḃ na druinge do rinne íoḋbuirt dóiḃ.

5 Agus do loisg sé cnáṁa na sagart ar a naltóruiḃ, agus do ġlan sé Iúdah agus Ierusalem.

6 Agus do rinne sé marsin a ccaiṫreaċaiḃ Ṁanasseh, agus Eṗraim, agus Ṡimeoin, eaḋon go nuige Naṗtali, le na matoguiḋ timċioll fa ccúairt.

7 Agus a nuáir do ḃris sé siós na haltóra agus na garráin, agus a nuáir do ḃrúiġ sé na hioṁaiġe graḃalta na luaiṫreaḋ, agus do ġearr siós na hioḋail óile ar feaḋ ċríċe Israel eile, dfill sé go Hierusalem.

8 ¶ Anois annsa noċtṁaḋ blíaḋuin déag dá ríġe, a nuáir do ġlan se an tír, agus an tiġ, do ċuir sé Saṗan ṁac Asaliah, agus Maaseiah riaġluiġṫeóir na caiṫreaċ, agus Ioah ṁac Ioahas an cuiṁniġṫeóir, do leasuġaḋ ṫiġe a ṪIĠEARNA Dé.

9 Agus a núair ṫangadar go Hilciah an tárdṡagart, do ṡeaċadar ḋó an tairgiod tugaḋ go tiġ an TIĠEARNA, noċ do ċruinniġeadar na Leḃítiġ do ċoiṁéadaḋ na doirse as láiṁ Ṁanasseh agus Eṗraim, agus ar ṁair Disrael uile, agus do Iúdah agus do Ḃeniamin uile; agus dfiilleadar go Hierusalem.

10 Agus do ċuireadar a láiṁ an luċd oibre é agá raiḃ úaċdaránaċd ṫiġe an TIĠEARNA, agus ṫugadar é don luċd oibre do ṡáoṫraiġ a ttiġ an TIĠEARNA, do ċuir súas agus do ḋeasuġaḋ an tiġe:

11 Eaḋon don luċt ceirde agus do na sáoruiḃ ṫugadar é, do ċeannaċ ċloċ ṡnoiġte, agus aḋmuid ċum cúplaḋ, agus do ċur táoḃán air na tiġṫiḃ noċ do sgriosadar ríġṫe Iúdah.

12 Agus do rinneadar na daóine a nobair go fírinneaċ: agus isíad do ḃí ós a ccionn Iahat agus Obadiah, na Leḃitiġ, do ċloinn Ṁerári; agus Seċariah agus Messullam, do ṁacaiḃ na Ccohatíteaċ, dá brostugaḋ ar a haġaiḋ; agus cuid eile do na Leḃítiḃ, a nuile ḋuine agá raiḃ éolus a ccéol.

13 Mar an ccéadna do ḃádar ós cionn luċda iomċuir na núalaċ, agus an luċt teiṫṁe ar a nuile ḋuine do ḃí ag oibriuġaḋ annsa nobair a serḃís ar biṫ: agus is do na Leḃítiḃ do ḃádar scriḃneóiriġ, agus oifigiḋ, agus doirséoiriġ.

14 ¶ Agus a núair ṫugadar amaċ an tairgiod do rugaḋ a steaċ go tiġ an TIĠEARNA, fúair Hilciah an sagart leaḃar dliġe an TIĠEARNA ṫug Máoise úaḋ.

15 Agus do ḟreagair Hilciah, agus a duḃairt sé re Saṗan an scriḃneóir, Fuáir mé leaḃar an dliġe a ttiġ an TIĠEARNA. Agus ṫug Hilciah an leaḃar do Ṡaṗan.

16 Agus rug Saṗan an leaḃar gus an ríġ, agus ṫug freagra ċum an ríġ air aisag raḋ, Gaċ aoinní dar ṫáoḃ tú red ṡerḃíseaċaiḃ, atáid dá ḋéanaṁ.

17 Agus do ċruinniġeadar a ccionn a ċéile an tairgiod friṫ a ttiġ an TIĠEARNA, agus ṫugadar a laíṁ na ḃfeiṫṁeoriġ, agus a láiṁ an luċd oibre é.

18 Annsin dinnis Saṗan an scriḃneóir don ríġ, ḋa ráḋ, Ṫug Hilciah an sagart leaḃar ḋaṁ. Agus do léiġ Saṗan é a ḃfiaḋnuisi an riġ.

19 Agus tárla, a nuáir do ċúala an ríġ bríaṫra an dliġe, gur ḃris sé a éadaċ.

20 Agus dfúagair an ríġ do Hilcíah, agus do Ahicam ṁac Saṗan, agus do Abdon ṁac Mícah, agus do Ṡaṗan an Scriḃneóir, agus do Asaiah serḃíseaċ an ríġ, ḋa ráḋ,

21 Eirġiḋe, agus fíafruiġiḋ don TIĠEARNA ar mo ṡonsa, agus ar son an ṁéid do ḟágḃaḋ Disrael agus do Iúdah, a ttaoḃ ḃríaṫar an leaḃair noċ do fríṫ: oír is mór fearg an TIĠEARNA noċ do ḋóirteaḋ amaċ oruinn, do ḃríġ nar ċoiṁéadadar ar naiṫre bríaṫar an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ do réir a ḃfuil scrioḃṫa san leaḃarso.

22 Agus dimṫiġ Hilciah, agus an luċt dórduiġ an ríġ, go Huldah an ḃanḟáiġ, bean Ṡallum ṁic Ticḃat, ṁic Hasrah, coiṁéaduiġ na néaduiġe; (is a Nierusalem annsa ċoláiste do ḃí sí na coṁnuiġ): agus do laḃradar ría ar an moḋsin.

23 ¶ Agus do ḟreagair sisi íad, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Innisiġ don duine do ċuir ċugamsa siḃ,

24 Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé olc ar a náitse, agus ar a ḋáoiniḃ, eaḋon a ḃfuil do ṁallaċduiḃ scríoḃṫa san leaḃar noċ do léiġeadar a ḃfiaġnuise ríġ Iúdah:

25 Do ḃríġgur ṫreigeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeéiḃ oile, le a ccuirfidis fearg ormsa re uile ṡáoṫar a láṁ; uimesin dóirtfiġṫear mo ḋieġaltas amaċ ar a náitsi, agus ní múċfuiġṫear í.

26 Aċd ar son ríġ Iúdah, noċ do ċuir siḃsi dfiafruíġe don TIĠEARNA, is marso a déarṫaói ris, Is marso a déir an TIĠEARNA Día Israel a ttáoḃ na mbríaṫar do ċúala tú;

27 Do ḃríġ go raiḃ tú sóċroiḋeaċ, agus gur úṁluiġ tú ṫú féin a ḃfiaḋnuise Dé, a nuáir do ċúala tú a ḃríaṫra a naġaiḋ na háitesi, agus a naġaiḋ a ḋáoine, agus gur ísliġ tú ṫú féin am laṫairsi, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am laṫair; do ċúala misi ṫú mar an gcéadna, ar sa an TIĠEARNA.

28 Féuċ, cruinneoċuiḋ mé ṫú ċum haíṫreaċaiḃ, agus aḋlocṫar ad úaiġe ṫú maille re síoṫċain, agus ní ḟaicfid do ṡúile a nuile olc do ḃéaras mé ar a náitse, agus ar a háitreaḃaċaiḃ. Marsin ṫugadar freagra a rís ċum an ríġ.

29 ¶ Annsin do ċuir an ríġ teaċta úaḋ agus do ċruinniġ sé a ccionn a ċéile sinnsir Iúdah agus Ierusalem uile.

30 Agus do ċuáiḋ an ríġ súas go tiġ an TIĠEARNA, agus fir Iúdah uile, agus muinntir Ierusalem, agus na sagairt, agus na Leḃítiġ, agus an pobal uile, mór agus beag: agus do léiġ sé iona cclúasaiḃ briaṫra leaḃair an ċunnarṫa uile noċ do fríṫ a ttiġ an TIĠEARNA.

31 Agus do ṡeas an ríġ iona áit, agus do rinne sé cunnraḋ a laṫair an TIĠEARNA, siuḃal a ndiáiġ an TIĠEARNA, agus a aiṫeanta do ċoiṁéad, agus a ḟiáḋnuiseaḋ, agus a reaċda, maille re na uile ċroiḋe, agus re na uilé anum, do ċoiṁlíonaḋ an ċunnarṫa atá scríoḃṫa san leaḃarsa.

32 Agus ṫug sé air an méid do ḃí a laṫair ann Ierusalem, agus ar Ḃeniamin seasaṁ aír sin. Agus do rinneadar muinntir Ierusalem do réir ċunnarṫa Dé, Día a naiṫreaḋ.

33 Agus do ċuir Iosiah ar ccúl a nuile ġráineaṁlaċd as na huile ċríoċuiḃ do ḃean re cloinn Israel, agus do ṫug air an méid do ḃí a laṫair Dísrael foġnaṁ, eaḋon foġnaṁ da TTIĠEARNA Día. Agus air feaḋ a ḃeaṫasan níor sgaradar re leanṁuin an TIĠEARNA, Dia a naiṫreaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan