II Croinicliḃ 32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXII. Moiḋeaṁ Ṡennaċerib. 24 Tinneas agus liaġais, 25 peacaḋ, 26 agus aiṫreaċas Heseciah. 1 Tar éis na neiṫeannso, agus a norduġaḋ go diongṁalta, ṫaínic Sennaċerib ríġ na Hassíria, agus do ċúaiḋ a steaċ go Iúdah, agus do ċuir foslungṗort re haġaiḋ na ccaiṫreaċ ndaingion, agus do ṡáoil sé a mbúain amaċ ḋó féin. 2 Agus a nuáir do ċonnairc Heseciah go ttáinic Sennaċerib, agus gur ċuir roiṁe troid a naġaiḋ Ierusalem, 3 Do rinne sé coṁairle re na ṗrionnsaḋuiḃ agus le ḋáoiniḃ cuṁaċdaċa uisgeaḋa na ttobar do stopaḋ noċ do ḃí táoḃ amuiġ don ċaṫruiġ: agus do ċuidiġeadar leis. 4 Annsin do ṫionoladar mórán dáoine a ccionn a ċéile, noċ do stop na tóibreaċa uile, agus a naḃuinn do ġaḃ tre lár na tíre, ġa ráḋ, Cred fa ttiucfaidís ríġṫe na Hassíria agus iomad uisge dfaġáil? 5 Agus do neartuiġ sé é féin, agus do ċuir sé súas an balla uile do ḃí briste, agus do ṫóg súas é go nuige na tuir, agus balla oíle táoḃ amuiġ, agus do leasuiġ sé Millo a ccaṫruiġ Ḋáiḃi, agus do rinne sé gaéṫe agus scíaṫa go lór. 6 Agus do ċuir sé caiptiniġ cogaiḋ ós cionn an ṗobail, agus do ċrumniġ ċuige íad a ḃfarraḋ a ċéile a sráid ġeata na caiṫreaċ, agus do laḃair go meisneaṁuil riú, ġa ráḋ, 7 Biṫí láidir curata, ná bíoḋ eagla nó anḃúain oruiḃ roiṁe riġe na Hassíria, ar son a ḃtuil diomad slóiġ aige: óir is mó atá linne ná leis: 8 Láṁ ḟéola atá leission; aċt atá ar TTIĠEARNA Dia linne ċum cuidiuġaḋ linn, agus do ṫroid ar ccaṫ. Agus do ṡeasadar an pobal aír ḃríaṫruiḃ Heseciah ríġ Iúdah. 9 ¶ Na ḋiaiġso do ċuir Sennaċerib ríġ na Hassíria a ṡerḃisiġ go Hierusalem, (aċt do ḃí féin a ḃfoslungṗort re haġaiḋ Laċis, agus a ċuṁaċta uile na ḟoċair,) go Heseciah ríġ Iúdah, agus a raiḃ ann Ierusalem do Iúdah uile, ġa ráḋ, 10 Is marso a deir Sennaċerib ríġ na Hassíria, Cred iona ḃfuil ḃur ndóiġ, as a ḃfantáoi a ndaingion Ierusalem? 11 Naċ ḃfuil Heseciah dá ċur dfíaċaiḃ oruiḃ siḃ féin do ṫaḃairt don ḃás lé gorta agus lé tart, ġa ráḋ, Sáorfuiḋ ar TTIĠEARNA Día sinn amaċ as lánnh ríġ na Hassíria? 12 Naċ ar ċuir an Heseciah céadnasin a áite árda agus a altóra ar ccúl, agus naċ ar ḟúagair do Iúdah agus do Ierusalem, ga ráḋ, Aḋorṫaói as coinne áon altóra aṁáin, agus loisgfiḋe túis uirre? 13 Naċ ḃfuil a ḟios aguiḃsi cred do rinne misi agus maiṫreaċa re huile ḋáoine ċríoċ oile? ar ṫéadadar deé ċineaḋaċ na ccríoċ sin ar ṁoḋ ar biṫ a ḃfearuinn do ṡáoraḋ as mo láiṁse? 14 Cia hé measc ḋeé na ccríoċ sin uile noċ do léirsgrios maiṫresi, dféad a ḋaoine do ṡáoraḋ as mo lánnhsi, as a mbíaḋ bur Ndíasa cumasaċ ar siḃsi do ṡaóraḋ óm láiṁ? 15 Anois ar a naḋḃarsin ná meallaḋ Heseciah siḃ, agus na bogaḋ sé siḃ air an moḋso, agus fos ná creidiġ é: oir ni raiḃ áondía ċríċe na rioġaċda air biṫ cumasaċ ar a ḋáoiniḃ do ṡaoraḋ óm láiṁsi, agus ó láiṁ maiṫreaḋ: naċ luġe go mór ná sin ṡaorfeas ḃur Ndíaso siḃsi as mo láiṁ? 16 Agus dó laḃradar a ṡerḃísiġ fós túilleaṁ a naġaiḋ an TIĠEARNA Dé, agus a naġaiḋ a ṡerḃisiġ Héseciah. 17 Do scríoḃ sé litreaċa mar an ccéadna do ċáineaḋ an TIĠEARNA Dia Israel, agus do laḃairt iona aġaiḋ, ġa ráḋ, Mar nar ṡáoradar deé na ccríoċ oile a ndáoine as mo láiṁsi, is marsin naċ sáorfuiḋ Día Heseciah a ḋaoine as mo láiṁ. 18 Ann sin déiġeadar do ġuṫ árd annsa teanguiḋ luduiḋe ar ṁumntir Ierusalem do ḃí air an mballa, do ċur eagla orra, agus da mbúaiḋreaḋ; ċor go ngéaḃaidís an ċaṫair. 19 Agus do laḃradar a naġaiḋ Dé Ierusalem, aṁuil do laiḃeoraidís a naġaiḋ deé ḋaoine na talṁan, noċ dob obair láṁ duine. 20 ¶ Ar a naḋḃarso do ġuiḋ agus do éiġ Heseciah an ríġ, agus an fáiġ Isaiah ṁac Amos, ċum niṁe. 21 Agus do ċuir an TIĠEARNA aingeal uaḋ, noċ do ġéarr a maċ na fir ċalma uile, agus cinn feaḋna agus na cáiptiniġ annsa ḃfoslongṗort ag riġ na Hassíria. Mar sin dfill sé re náire air a éadan dá ḋúṫaiġ féin. Agus a nuáir ṫáinic sé go tiġ a ḋé, an luċd ṫáinic amaċ as a inniġiḃ fein do ṁarḃadar ann sin é leis an ccloiḋeṁ. 22 Marso do ċaṁduiġ an TIĠEARNA Heseciah agus muinntir Ierusalem ó láiṁ Ṡennaċerib ríġ na Hassíria, agus o láiṁ a nuile ḋuine oile, agus do ṫréoruiġ sé iad air gaċ uile ṫáoḃ. 23 Agus ṫugadar mórán daóine tioḋlaice ċum an TIĠEARNA go Hierusalem, agus bpronntaḋa go Heseciah ríġ Iudah: iondus gur méuduiġeaḋ é a raḋarc gaċ uile ċriċe ó sin amaċ. 24 ¶ Annsna laéṫiḃ sin do ḃí Heseciah tinn ċum báis, agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA: agus do laḃair sé ris, agus ṫug sé coṁarṫa ḋó. 25 Aċt níor ċúitiġ Heseciah a rís do réir na máiṫeasa do rinneaḋ ḋó; aċt do tógḃaḋ a ċroiḋe suas: uimesin ṫáinic dioġaltas air, agus air Iúdah agus air Ierusalem. 26 Ṫaris sin duṁluiġ Heseciah é féin ar son úaḃair a ċroiḋe, (é féin aráon agus muinntir Ierusalem,) iondus naċ dtáinic dioġaltas Dé orra re linn Heseciah. 27 ¶ Agus do ḃí iomarcaiḋ saíḋḃris agus onóra ag Heseciah: agus do rinne sé stórúis do féin ċum airgid, agus ċum óir, agus ċum cioċ mbúaḋa, agus ċum spiosraḋa, agus ċum sciaṫaḋ, agus ċum a nuile ṡort séud náluinn; 28 Tiġṫe stórúis mar an ccéadna ċum bisiġ a narḃa, agus a nfíona, agus na hola; agus stallaḋa do nuile ṡort beaṫaċ, agus máinreaċa da ṫreuduiḃ. 29 Tuilleaṁ oile dullṁuiġ sé ḋó féin caiṫreaċa, agus sealḃa do ṫréuduiḃ agus dealḃaiḃ go lór: óir ṫug Día iomarcaiġ maóine ḋó. 30 Do stop an Teseciah céadnaso cúrsa uisge úaċtaraċ Gihon, agus ṫug go díreaċ anúas fa táoḃ ṡíar do ċaiṫreaḋ Daiḃi é. Agus do ċúaiḋ Heseciah ar a aġaiḋ iona oibreaċaiḃ uile. 31 ¶ Aċt ċeana a ttáoḃ ṫeaċtaḋ ṗrionnsaḋ na Baibilóine, noċ do ċuir teaċta ċuige dfaġáil sgéul a niongnuiḋ do rinneaḋ annsa tir, do léig Día na leiṫ féin, é, da ḋearḃaḋ, ċor go mbeiṫ fios a nuile ni da raiḃ iona ċroiḋe aige. 32 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Heseciah, agus a ṁaiṫ, féuċ, atáid scríoḃṫa a ḃfis Isaiah an fáiġ, mac Amos, agus a leaḃar rioġ Iúdah agus Israel. 33 Agus do ċoduil Heseciah agá aiṫriḃ, agus do aḋlaiceadar é annsa túama dob onoruiġ ag macaiḃ Ḋáiḃi: agus do rinne Iúdah uile agus áitreaḃuiġ Ierusalem onóir ḋó a nam a ḃáis. Agus do ríoġuiḋ Manasseh a ṁac ióna áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society