Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXX. Do lean Hesecíah ar na neiṫe naoṁṫa do orduġaḋ.

1 Agus do ċuir Heseciah fios go Hisrael uile agus go Iúdah agus do scríoḃ litreaċa fós go Héṗraim agus go Manasseh, teaċt go tiġ an TIĠEARNA ann Ierusalem, do ċongṁail na cásg don TIĠEARNA Día Israel.

2 Oir do rinne an ríġ coṁairle, agus a ṗrionnsaḋa, agus an coṁċruinniuġaḋ uile ann Ierusalem, an ċáisg de ċongṁáil annsan dara ṁí.

3 Oir níor ḟéadadar a ċongṁáil fá namsin, do ḃríġ nár náoṁuiġeadar na sagairt íad féin mar buḋ lór, ní mó ċruinniġeadar cáċ íad féin go Hierusalem.

4 Agus do ṫaitin an nísin leis an ríġ agus leis an ccoṁċruinniuġaḋ uile.

5 Ar a naḋḃarsin do rinneadar órduġaḋ fúagra do ṫaḃairt ar feaḋ Israel, ó Ḃeerseba air fad go Dan, teaċd do ċoiṁéad na cásg don TIĠEARNA Día Israel go Hierusalem: óir ní ḋearnadar é re aimsir ḟada, mar do ḃí scríoḃṫa.

6 Marsin dimṫiġeadar na teaċda leís na litreaċaiḃ ón ríġ agus ó na prionnsaḋuiḃ ar feaḋ Israel agus Iúdah, agus do réir aiṫne an ríġ, ġa ráḋ, A ċlann Israel, filliḋ a rís ċum an TIĠEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, agus fillfe sé ar an ḃfuiġioll atá ḋíḃse, noċ dimṫiġ as láiṁ ríġ na Hassíria.

7 Agus ná bíṫíse cosṁuil re ḃur naiṫreaċa, agus cosṁuil re ḃur ndéarḃráiṫriḃ, noċ do ṗeacaiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, noċ do ṡeaċaid íad ar a naḋḃarsin dá scrios, mar do ċíṫíse.

8 Anois ná biṫíse crúaiḋṁuinéil, mar do ḃadar ḃur naiṫre, aċt tugaiḋ siḃ fein don TIĠEARNA, agus tigiḋ a steaċ ḋá ṡanctóra, noċ do náoṁuiḋ sé go bráṫ: agus aḋruiġ ḃur TTIĠEARNA Día, le ḃfillfe fráoċ a ḟeírge úaiḃ.

9 Oír má ḟilltí a rís ċum an TIĠEARNA, do ġeaḃuid ḃur ndearḃráiṫre agus ḃur cclann trocaire á laṫair na muinntire rug a láiṁ íad, iondus go ttiucfaid a rís don tirsi: óir is grásaṁuil trócaireaċ ḃur TTIĠEARNA Día, agus ní iompoċuiḋ sé a aġaiḃ úaiḃ, má ḟilltí ċuige.

10 Marsin do ċuádar na teaċda ó ċaṫruiġ go caṫruiġ tré ṫír Eṗraim agus Ṁanasseh air fad go Sebulun: aċt do ḃádarsan ag magaḋ, agus ag sgige fúṫaḋ.

11 Ṫairis sin duṁluiġeadar móran do Aser agus do Ṁanasseh agus do Ṡebulun iad fein, agus ṫangadar go Hierusalem.

12 Mar an gcéadna ann Iúdah do ḃí láṁ Dé lé háonċroiḋe aṁáin do ṫaḃairt dóiḃ do ċoiṁlíonaḋ aiṫne an ríġ agus na bprionnsaḋ, re breiṫir an TIĠEARNA.

13 ¶ Agus do ċruinniġ an Ierusalem mórán daóine do ċoiṁeúd ḟéusta a naráin gan loiḃín ansa dara mí, coṁċruinniuġaḋ roṁór.

14 Agus deírġeadar agus rugadar na haltóra do ḃí ann Ierusalem leó, agus rugadar leó a nuile altóir ṫúis, agus do ṫeilgeadar a sruṫ Cidron íad.

15 Annsin do ṁarḃadar an ċáisg ar an cceaṫraṁaḋ lá déag don dara ṁí: agus do ḃí náire air na sagartuiḃ agus air na Leḃítiḃ, agus do náoṁadar íad féin, agus ṫugadar na hofrála loisge a steaċ go tiġ an TIĠEARNA.

16 Agus do ṡeasadar iona náit do réir a ngnáṫa, do reír ḋliġe Maóise óglaċ Dé: do ċroiṫeadar na sagart a nfuil, do ġlacadar as láiṁ na Leḃíteaċ.

17 Oír do ḃí mórán annsa ċoṁċrúinniuġaḋ naċ ar náoṁaḋ: uimesin is air na Leḃítiḃ do ḃí curam marḃṫa na cásg ar son gaċ áoin naċ raiḃ glan, dá náoṁaḋ don TIĠEARNA.

18 Oír níor ġlan mórán don ṗobal íad féin, eaḋon mórán do Eṗraim, do Ṁanasseh, do Issaċar, agus do Ṡebulun, giḋeaḋ a dúadar an ċáisg ṫar mar atá scríoḃṫa. Aċt do ġuiḋ Heseciah ar a son, ġa ráḋ, Go maiṫiḋ an TIĠEARNA maiṫ dá gaċ áonduine

19 Dá nullṁuiġionn a ċroiḋe díarruiḋ Dé, an TIĠEARNA Día a aiṫreaḋ, dá mbeiṫ naċ bíaḋ glan do réir ġlanta na sanctóra.

20 Agus déist an TIĠEARNA ré Heseciah, agus do leiġis sé an pobal.

21 Agus do ċoiṁeád clann Israel do ḃí a laṫair ann Ierusalem féusta a naráin gan loiḃín seaċt lá maille re gáirdeaċus mór: agus na sagairt agus na Leḃítiġ ag molaḋ an TIĠEARNA ó ló go ló, ag seinm le hionstruimintiḃ árdġoṫaċ don TIĠEARNA.

22 Agus do laḃair Heseciah go coḃarṫaċ ris na Leḃítiḃ uile noċ do ṫeagaisc eólus maiṫ an TIĠEARNA: agus a dúadar ar feaḋ a nféusta seaċt lá, ag ofráil ofrála síoṫċána, agus ag déanaṁ adṁála don TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.

23 Agus do rinne an coiṁṫionól uile coṁairle fa ṡeaċt lá oile do ċoiṁéud: agus do ċoiṁéadadar seaċd lá oile re fólás.

24 Oír ṫug Heseciah ríġ Iúdah don ċoṁċruinniuġaḋ míle bulóg agus seaċd míle cáora; agus ṫug na prionnsaḋa don ċoṁċruinniuġaḋ míle bulóg agus deiċ míle cáora: agus do náoṁuiḋ úiḃir ṁór ṡagart íad féin.

25 Agus bá luáṫġairéaċ coṁċruinniuġaḋ Iúdah uile, agus na sagairt agus na Leḃítiġ, agus an coiṁṫionól ṫáinic as tír Israel uile, agus na coiṁiġṫiġ ṫáiníc as tír Israel, agus do ḃí na ccoṁnuiḋ ann Iúdah.

26 Mairsin do ḃí gáirdeaċus mór ann Ierúsalem: óir ó aimsir Ṡoluiṁ ṁic Dáiḃi ríġ Israel ní raiḃ a leiṫéid ann Ierusalem.

27 ¶ Annsin déirġeadar na sagairt, agus na Leḃitiġ agus do ḃeannuiġeadar an pobal: agus do héisdeaḋ a nguṫ, agus ṫáinic a nguiḋe dá áit ċoṁnuiġ náoṁṫasan, eaḋón go flaiṫeaṁnus.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan