Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Togḃala an teampuill.

1 An sin do ṫosuiġ Solaṁ ar ṫiġ an TIĠEARNA do ḋéanaṁ ann Ierusalem a slíaḃ Móriah, mar ar ḟoillsíġ an TIĠEARNA é féin da aṫair Dáiḃi, ann sa náit do ġléus Dáiḃi a nurlár buáilte Ornan an Iebusiteaċ.

2 Agus do ṫosuiġ sé a nobair an dara lá don dara mí, annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain da ríġe.

3 ¶ Anois is íadso na neiṫe ionar teaguisgeaḋ Solaṁ do ḋéanaṁ tiġe Dé. A ḟad a ccuḃaduiḃ do réir an ċéadtoṁuis do buḋ trí fiṫċid cuḃad, agus a leiṫead fiṫċe cuḃad.

4 Agus an póirse noċ do ḃí a néadau an tiġe, do bé a ḟad do réir leiṫne an tiġe, fiṫċe cuḃad, agus céad agus fiṫċe cuḃad na áirde: agus dfoluiġ sé táoḃ a stiġ é le bór fíorġlan.

5 Agus air an tteaġ fa mó do ċuir sé ceann le crannuiḃ giuṁuis, noċ dfolniġ sé lé hór fíorġlan, agus do ċuir ar sin croinn ṗailme agus slaḃruiḋe.

6 Agus do ḋeaġṁaisiġ sé an tiġ lé cloċaiḃ uáisle mar scéiṁ: agus do buḋ dor Parḃaim an tór.

7 Dfoluiḋ sé mar an ccéadna saltaċa an tiġe, a ṗostuiḋe, agus a ḃalluiḋe, agus a ḋoirse, lé hór; agus do ġrean sé ċerubíniġ air na ballaḋuiḃ.

8 ¶ Agus do rinne sé an tiġ is ro náoṁṫa, do bé a ḟad sin do réir leiṫne an tiġe, fiṫċe cuḃad, agus a leiṫiod fiṫċe cuḃad: agus dfoluiġ sé lé hór fíorġlan é, ráinic sé ċum sé ċéad tallann.

9 Agus do buḋ cáogad secel óir coṁṫrom na ttáirngeaḋ. Agus dfoluiġ sé na seomraḋa úaċdaraċ le hór.

10 Agus annsa náit ro náoṁṫa do rinne sé ḋá ċerubín dobuir ṡoġluáiste, agus dfoluiġ sé lé hór íad.

11 Agus do ḃí fiṫċe cuḃad ar fad a sciaṫánuiḃ na ċerubíniġ: cúig cuḃaid a néainsciaṫán, ag roċduin go balla an tiġe: agus cúig cuḃaid san dara sciaṫán, ag roċduin go sciaṫán an ċerub oile.

12 Agus do ḃí cúig cubaid a néainsciaṫán don ċerub oile, ag roċduin go balla an tiġe: agus do ḃí fós cúig cuḃaid san scíaṫán oile, teanta ré sciaṫan an ċerub oile.

13 Do leaṫnuiġeadar sciaṫáin ná ċerubsa íad féin amaċ fiṫċe cuḃad: agus do ṡeasadar air a ccosuiḃ, agus a naiġṫe a steaċ.

14 ¶ Agus do rinne sé an folaċ do ġorm, agus do ṗurpair, agus do ḋearg, agus do línéadaċ ḟíneálta, agus doibriġ sé ċerubiniġ air sin.

15 ¶ Do rinne sé mar an ccéadna as coinne an tiġe ḋá ṗiléur cúig cuḃaid déag agus fiṫċe ann áirde, agus an sa cceann do ḃí air ṁullaċ gaċ áon díoḃ cúig cuḃaid.

16 Agus do rinne sé slaḃruiḋe, mar ḃíos annsa noracuil, agus do ċuir íad air ċeann na bpileír; agus do rinne sé céud pomegranat, agus do ċuir sé air na slaḃraḋuiḃ íad.

17 Agus do ṫóg sé súas na piléir as coinne an teampuill, áon ar an láiṁ ḋeis, agus an dara air an láiṁ ċlé; agus ṫug sé Iaċin‐dainm air sin don láiṁ ḋeis, agus Boas air sin don láiṁ ċlé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan