Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIX. Do aṫnuaḋuiġ Hesecíah an ḟíorċráḃaḋ.

1 Do ṫosuiġ Heseciah a ríġe a núair do bí sé cúig ḃlíaḋna fiṫċiod dáois, agus do ḃí sé na ríġ náoi mblíaḋna fiṫċiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Abiiah, mġean Ṡeċariah.

2 Agus do rinne sé an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnuiḋ a aṫair Dáiḃi.

3 ¶ Annsa ċédḃlíaḋuin dá ríġe, annsa ċédṁí, dfósguil sé doirse ṫiġe an TIĠEARNA, agus daṫnuaḋuiġ sé íad.

4 Agus ṫug sé a steaċ na sagairt agus na Leḃítiġ, agus do ċruinniġ sé a ḃfoċair a ċéile íad ann sa tsráid ṡoir,

5 Agus a dúḃairt sé riú, Eistiġ riomso, a Leḃíteaċa, náoṁuiġ siḃ feín a nois, agus náoṁuiġ tiġ an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, agus beiriḋ amaċ an salċar as an náit náoṁṫa.

6 Oír do ṗeacuiġeadar ar naiṫrene, agus do rinneadar an ní dob olc a raḋarc an TIĠEARNA Día, agus do ṫréigiodar é, agus do iompóiġeadar a naiġṫe ó áitreaḃaḋ an TIĠEARNA, agus do ċuireadar a ccúl ris.

7 Do ḋruideadar fós doirse an ṗóirse, agus do ċuireadar na soillse as, agus níor loisgeadar túis agus níor ofráladar íoḋbarṫa loisge annsa náit náomṫa do Ḋía Israel.

8 Uimesin ṫáinic fearg an TIĠEARNA ar Iúdah agus ar Ierusalem, agus do ṫoirḃir sé íad do ḃuáiḋreaḋ, dúaṫḃás, agus dfeadaluiḋ, mar do ċíṫíse le ḃur súiliḃ.

9 Oír, ċeana, do ṫuiteadar ar naiṫre ris an ccloiḋeaṁ, agus atáid ar mic agus ar ninġeana agus ar mná a ndaoirse ṫrídso.

10 Anois atá am ċroiḋesi cunnraḋ do ḋéanaṁ ris an TTIĠEARNA Día Israel, le a niompoċaḋ a ḟearg ḟíoċṁar úainn.

11 A ċlann, ná bíṫí anois mainneaċtnaċ: óir do ṫoġ an TIĠEARNA siḃ do ṡeasaṁ ḋá laṫair, do ḋéanaṁ serḃíse ḋó, agus go ndéanaḋ siḃ miniostrálaċd ḋó, agus go loisgeaḋ siḃ túis.

12 ¶ Annsin déirġeadar na Leḃítiġ, Mahat ṁac Amasai, agus Ioel ṁac Asariah, do ṁacaiḃ na Ccohatiteaċ: agus do ṁacaiḃ Merári, Cis ṁac Abdi, agus Asariah ṁac Iehalelel: agus do na Gersonitiḃ; Ioah ṁac Simmah, agus Eden ṁac Ioah:

13 Agus do ṁacuiḃ Elisaṗan; Simri, agus Ieiel: agus do ṁacaiḃ Asaṗ; Seċariah, agus Mattaniah:

14 Agus do ṁacaiḃ Heman; Iehiel, agus Símei: agus do ṁacaiḃ Iedutun; Semaiah, agus Ussiel.

15 Agus do ċruinniġeadar a ndearḃráiṫre, agus do náoṁadar íad feín, agus ṫangadar, do réir aiṫne an ríġ maille re bríaṫruiḃ an TIĠEARNA, do ġlanaḋ ṫiġe an TIĠEARNA.

16 Agus do ċúadar na sagairt don ċuid a steaċ do ṫiġ an TIĠEARNA, dá ġlanaḋ, agus ṫugadar amaċ gaċ uile ṡalċar dá ḃfuaradar a stiġ a tteampall an TIĠEARNA go cúirt ṫiġe an TIĠEARNA. Agus do ṫógḃadar na Leḃítiġ leó é, dá ḃreiṫ leó amaċ go haḃuinn Cídron.

17 Anois do ṫosuiġeadar an céad lá don ċédṁí ar naoṁaḋ, agus ar a noċtṁaḋ lá don ṁí ṫangadar go póirse an TIĠEARNA: marsin do náoṁadar tiġ an TIĠEARNA a noċt lá; agus annsa seiseaḋ lá déag don ċéaidṁi do ċríoċnuiġeadar.

18 Ann sin do ċuádar a steaċ go Heseciah an ríġ, agus a duḃradar, Do ġlanamar tiġ an TIĠEARNA uile, agus altoir na hofrála loisge, agus a soiṫiġe uile, agus bórd a naráin ṫaisbéanta, gun a ṡoiṫiġiḃ uile.

19 Tuilleaṁ oile an uile ṡoiṫeaċ, dar ṫeilg an riġ Ahas iona ríġe amaċ iona ṡáruġaḋ, do ġléasamairne agus do náoṁuiġeamar íad, agus, féaċ, atáid as coinne altóra an TIĠEARNA.

20 ¶ Annsin déiriġ Heseciah an ríġ go moċ, agus do ċruinniġ sé úaċtaráin na caiṫreaċ, agus do ċúaiḋ sé súas go tiġ an TIĠEARNA.

21 Agus ṫugadar seaċt mbulóga leó, agus seaċt reiṫe, agus seaċd nuáin, agus seaċd bpuic, mar ofráil ṗeacaiḋ ar son na rioġaċta, agus na sanctóra, agus Iúdah. Agus dfúagair sé do na sagartuiḃ mic Aaron a níoḋbuirt ar altóir an TIĠEARNA.

22 Mar sin do ṁarḃadar na bulóga, agus do ġlacadar na sagairt a nfuil, agus do ċroiṫeadar ar a naltóir í: marsin, a núair do ṁarḃadar na reiṫeaḋa, do ċroiṫeadar a nfuil ar a naltóir: do ṁarḃadar fós na huain, agus do ċroiṫeadar a nfuil ar a naltóir.

23 Agus ṫugadar amaċ na gaḃair ḟirionna ċum na hofrála peacaiḋ a laṫair an ríġ agus an ċoṁċruinniġ; agus do leagadar a láṁa orra:

24 Agus do ṁarḃadar na sagairt íad, agus do rinneadar aṫṁuinntearḋus le ná ḃfuil ar a naltóir, do ḋéanaṁ sioṫċána ar son Israel uile: oír do aiṫin an ríġ a nofráil loisge agus a nofráil ṗeacaiḋ do ḋéanaṁ ar son Israel uile.

25 Agus do ċuir sé na Leḃítiġ a ttiġ an TIĠEARNA maille re cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus lé cláirseaċaiḃ, do reír aiṫne Ḋáiḃi, agus Ġad féuċadóir an ríġ, agus Nátain an faíġ: óir is marsin do ḃí aiṫne an TIĠEARNA tre ná ḟáiġiḃ.

26 Agus do ṡeasadar na Leḃítiġ maille re hionstrumintiḃ Ḋáiḃi, agus na sagairt gun a stocuiḃ.

27 Agus do aiṫin Heseciah a nofráil loisge do losgaḋ ar a naltóir. Agus a núair do ṫosuiġ a nofráil loisge, do ṫósuiġ caintic an TIĠEARNA mar an gcéadna leis na stocaiḃ, agus leis na hionstrumintiḃ do órduíġ Dáiḃi ríġ Israel.

28 Agus do aḋradar an coṁċruinniuġaḋ uile, agus do ṡinneadar an luċd ceóil, agus do ḟuáimniġeádar na stuic: an tiomlán marsin nó gur críoċnuiġeaḋ a níoḋbairt loisge.

29 Agus a nuáir do ċuireadar deireaḋ leis a nofráil, do ċrom an ríġ agus an ṁéid do ḃí na ḟoċair, agus do aḋradar.

30 Tuilleaṁ fós dfúagair Heseciah an ríġ agus na prionnsaḋa do na Leḃítiḃ molaḋ do ċanaḋ don TIĠEARNA lé bríaṫruiḃ Ḋáiḃi, agus Asaṗ an faicsionaċ. Agus do ċanadar molaḋ maille re gáirdeaċus, agus do ċromadar a gcinn agus duṁluiġeadar.

31 Ann sin do ḟreagair Heseciah agus a duḃairt sé, Anois do ċoisreagaḃair siḃ féin don TIĠEARNA, tigiḋ a leiṫ agus tugaiḋ íoḋbuirt agus ofráil ḃuiḋeaċus don TIĠEARNA iona ṫiġ. Agus ṫug an coṁċruinniuġaḋ íoḋbuirt agus ofráil ḃuiḋeaċuis leó; agus an ṁéid do ḃí sóċroiḋṫeaċ ofráil loisge.

32 Agus do ḃí uiḃir na hofrála loisge, ṫug an coṁċruinniuġaḋ leó, deiċ mbulóga agus trí fiṫċid, céad reiṫe, agus ḋá ċéad úan: íad so uile mar ofráil loisge don TIĠEARNA.

33 Agus do buḋ sé ċéad daṁ na neiṫe coisreacṫa agus trí ṁíle cáora.

34 Aċt do ḃádar na sagairt ro ġann, iondus nár ḟéadadar na hofrála loisge uile dfeannaḋ: uime sin do ċuidiġeadar a ndearḃráiṫre na Leḃítiġ leo, nó gur críoċnuiġeaḋ a nobair, agus nó gur náoṁuiḋ na sagairt oile íad féin: óir dob ḟíréunta na Leḃítiġ iona ccroiḋe dá náoṁaḋ féin náid na sagairt.

35 Agus mar an ccéadna do ḃádar na hofrála loisge iomadaṁuil, maille re méaṫus na nofrálaċ síoṫċána, agus na nofrálaċ diġe da gaċ áon ofráil loisge. Mar sin do cuireaḋ serḃís ṫíġe an TIĠEARNA a nórduġaḋ.

36 Agus do ḃí lúaṫġaíre ar Heseciah, agus air an bpobal uile, gur ullṁuiġ Día an pobal: óir do rinneaḋ an ċúis go hobann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan