II Croinicliḃ 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVII. A náit an ríġ ṁaiṫ Iotam, 9 Do ríoġuiḋ Ahas a ṁac. 1 Do ḃí Iótam cúig blíaḋna fiṫċiod dáois a núair do ṫosuiġ sé ríġe, agus do ḃí na ríġ sé blíaḋna déug ann Ierusalem. Do bé fós ainm a ṁaṫar Ierussah inġean Ṡádoc. 2 Agus do rinne sé an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ neiṫe dá ndéarna Ussiah a aṫair: ṫairis sin ní ḋeaċuiḋ sé a steaċ go teampall an TIĠEARNA. Aċd do níaḋ an pobal ní truáilliġ go foill. 3 ¶ Do ċuir sé súas geata árd ṫiġe an TIĠEARNA, agus do ċuir sé súas mórán air ḃallá Oṗel. 4 Tuilleaṁ oile, do rinne sé caiṫreaċa a sléiḃtiḃ Iúdah, agus do rinne sé caisléin agus tuir annsna foráoisiḃ. 5 ¶ Do ṫroid sé fós re ríġ na Nammoníteaċ, agus rug sé búaiḋ orra. Agus ṫug clann Ammon dó an ḃlíaḋuin sin féin cead tallann airgid, agus do ċruiṫneaċda deiċ míle miosur, agus deiċ míle deórna. Díocadar clann Ammon a noirid sin ris, an dara blíaḋain fós, agus an treas blíaḋain. 6 Marsin do ḋaingniġ Iótam é féin, do ḃríġ gur ullṁuiġ sé a ṡliġṫeaċa as coinne a ṪIĠEARNA Día. 7 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iótam, agus a ċogṫa uile, agus a ṡliġṫeaċa, féuċ, atáid scríoḃṫa a leaḃar ríoġ Israel agus Iúdah. 8 Do ḃí sé cúig ḃlíaḋna fiṫċiod dáois a nuáir do ṫosuiġ a ríġe, agus do ḃi na ríġ sé blíaḋna déug an Ierusalem. 9 Agus do ċoduil Iótam agá aiṫriḃ, agus do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi: agus do ríoġuiḋ Ahas a ṁac iona áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society