Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVI. Ussiah, sona ag leanṁuin ceart. 16 Tré úaḃar do ḟás sé Ioḃraċ.

1 An sin do ġlacadar muinntir Iúdah uile Ussiah ċuca, noċ do ḃí sé blíaḋna déug daóis, agus do rinneadar ríġ ḋe a náit a aṫar Amasiah.

2 Do ċuir sé Elot súas, agus ṫug ar a hais do Iúdah í, déis an ríġ do ċoḋlaḋ agá aiṫriḃ.

3 Sé blíaḋna déag daóis do ḃí Ussiah an tan do ṫosuiġ se a ríġe, agus do ḃí na ríġ ḋa ḃlíaḋuin déug agus dá ḟiṫċiod ann Ierusalem. Ainm a ṁaṫar mar an gcéadna Iecoliah ó Ierusalem.

4 Agus do rinne sé an ní buḋ ceart a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ neiṫe dá ndéarnuiḋ a aṫair Amasiah.

5 Agus díarr sé Día ré linn Ṡeċariah, agá raiḃ tuigsin a ḃfisiḃ Dé: agus an feaḋ do lean sé an TIĠEARNA, ṫug Día raṫ air.

6 Agus do ċúaiḋ sé amaċ agus do ċoguiḋ sé a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ḃrís sé síos balla Ġát, agus balla Iabneh, agus balla Asdod, agus do rinne sé caiṫreaċa timċioll Asdod, agus a measc na Ḃṗilistíneaċ.

7 Agus do ċuidiġ Día leis a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus a naġaiḋ na Narábianaċ noċ dáitreiḃ an Gurbaal, agus na Mehunimeaċ.

8 Agus ṫugadar na Hammonitiġ tioḋluice do Ussiah: agus do leaṫnuiġ a ainm amaċ go nuige dul a steaċ na Hégipte; óir do neartuiġ sé é féin go hanṁór.

9 ¶ Tuilleaṁ oile do ċuir Ussiah tuir súas ann Ierusalem ag geata an ċoirnéil, agus ag geata an ġleanna, agus ag filleaḋ an ḃalla, agus do ḋainguiḋ sé íad.

10 Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díoṫraṁ, agus do ṫocuil sé mórán tobar: óir do ḃí iomarcuiḋ áirnéise aige, san tír íoċdaruiġ aráon, agus annsna réitiḃ: luċd tiġeaduis mar an ccéadna, agus luċd déanta fíneaṁna annsna sléiḃtiḃ, agus ann Carmel: óir dob ionṁuin leis tiġeaḋus.

11 ¶ Tuilleaṁ fós do ḃí ag Ussiah slúaġ dfearuiḃ cogaiḋ, do ṫiaġaḋ amaċ do ċogaḋ na mbuiḋniḃ, do réir uiḃre a ccuntáis re láiṁ Ieiel an scriḃneóir agus Ṁaasiah an túaċtarán fáoi láiṁ Hananiah, áon do ċaiptíniḃ an ríġ.

12 Do ḃí uiḃir iomlán ċeann na naiṫreaċ na ḃfear árraċta a ngaisgiḋ ḋá ṁíle agus sé ċéad.

13 Agus do ḃí slúaġ fáoi na láiṁ, trí ċéad míle agus seaċt míle agus cúig ċéad, do rinne cogaḋ re cumas mór, do ċongnaṁ leis an riġ a naġaiḋ na naṁad.

14 Agus do ġléas Ussiah ḋóiḃ ar feaḋ an tslóiġ scíaṫa, agus gáeṫe, agus clogada, agus éidiġ oċta, agus boġaḋa, agus crannatáḋḃuill do ċaiṫeaṁ cloċ.

15 Agus do rinne sé ann Ierusalem ionstrumeintiġ, do ċoncas lé daóiniḃ glioca, do ḃeiṫ ar na toruiḃ agus air na daingneaċaiḃ, do ċaiṫeaṁ soiġead agus ċloċ mór asta. Agus do leaṫnuiġ a ainm a nimċián; óir do cuidiuġaḋ leis go hiongantaċ, nó go raiḃ sé láidir.

16 ¶ Aċt a núair do ḃí sé láidir, do ḃí a ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas ċum a ṁillte féin: óir do ṗeacuiḋ sé a naġaiḋ an TIĠEARNA a Ḋía féin, agus do ċúaiḋ a steaċ a tteampall an TIĠEARNA do losgaḋ túise ar altoír na túise.

17 Agus do ċúaiḋ Asariah an sagart a steaċ na ḋíaiġ, agus maille leis ceiṫre fiṫċid sagairt leis an TTIĠEARNA, do ḋáoiniḃ beóḋa.

18 Agus do ṫoirmiosgadar Ussiah an ríġ, agus a duḃradar ris, Ní ḃeanann riotsa, a Ussiah, túis do losgaḋ don TIĠEARNA, aċt ris na sagartaiḃ clann Aaron, noċ atá ar na ccoisreagaḋ do losgaḋ túise: imṫiġ amaċ as an tsanctóir; óir do ċiontuiġ tú; agus ní ḃiaiḋ se na onóir ḋuit ón TTIĠEARNA Día.

19 Annsin do ḃí fearg ar Ussiah, agus do ḃí senséir iona laiṁ do losgaḋ túise: agus a nam a ḟeirge ris na sagartuiḃ, ṫáinic an luḃra iona aġaiḋ a ḃfiaḋnuise na sagart a ttiġ an TIĠEARNA, ó ṫáoḃ altóra na túise.

20 Agus dféuċ Asariah an tárdṡagart, agus na sagairt uile air, agus, féuċ, do ḃí sé luḃraċ iona éadan, agus do ṫiománadar amaċ as sin é; do ḋeifriġ sé féin fós amaċ, do ḃríġ gur ḃúail an TIĠEARNA é.

21 Agus do ḃí Ussiah an ríġ na loḃar go ló a ḃáis, agus dfan sé na loḃar a ttiġ ar leiṫ; oír do gearraḋ amaċ as tiġ an TIĠEARNA é: agus do ḃí Iótam a ṁac ós cionn tiġe an ríġ, ag déanaṁ breiṫeaṁnuis air ṁuinntir na tíre.

22 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ussiah, ó ṫús go deireaḋ, do scríoḃ Isaiah, ṁac Amos, an faiġ é.

23 Marsin do ċoduil Ussiah agá aiṫriḃ, agus do aḋlaiceadar é ḃfoċair a aiṫreaḋ annsa maċaire aḋlaicṫe do ḃean ris na ríoġuiḃ; oir a duḃradar, Is loḃar é: agus do ríoġuiḋ Iótam a ṁac iona áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan