Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Do ṫosuiġ Amasiah rí Iudah go maiṫ; 14 Aċ do ċrioċnuiġ go holc.

1 Do ḃí Amasiah cúig ḃlíaḋna fiṫċiod dáois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ náoi mblíaḋna fiṫċiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Iehoaddan ó Ierusalem.

2 Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, aċt ní lé croiḋe iomlán.

3 ¶ Anois tárla, a nuáir do ḋaingnioġaḋ an ríoġaċd dó, gur ṁarḃ sé a ṡeirḃísiġ noċ do ṁarḃ an ríġ a aṫair.

4 Aċt níor ṁarḃ sé a clann, aċt do rinne sé mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ leaḃair Ṁáoise, mar ar aiṫin an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Ní muirfiġṫear na haiṫre ṫríd an ccloinn, agus ní muirfiġṫear an ċlann ṫríd na haiṫriḃ, aċt muirfiġṫear gaċ éanduine tré na ċoir feín.

5 ¶ Tuilleaṁ oile do ċruinniġ Amasiah Iúdah a ccionn a ċéile, agus do rinne sé caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ ḋíoḃ, agus caiptíniġ ós cionn ċéud, do reír ṫíġe a naiṫreaḋ, ar feaḋ Iúdah agus Beniamin: agus do áiriṁ sé íad ó aois ḟiṫċiod bliaḋan agus ós a ċionn, agus fúair sé ḋioḃ trí ċéad míle fear toġṫa, iondula amaċ a ccogaḋ, dar ḃéol gaṫ agus sgíaṫ do ġlacaḋ.

6 Dfostoiġ sé mar an gcéadna céad míle fear árraċta a ngaisgiḋ as Israel le céud tallann airgid.

7 Aċt ṫáinic óglaċ ó Ḋia ċuige, ġa ráḋ, ó a ríġ, ná héirgeaḋ slúaġ Isráel leaċd; óir ní ḃfaíl an TIĠEARNA re Hisrael, le cloinn Eṗraim uile.

8 Aċt mas toil leaċd imṫeaċt, déan, lá láidír a ccoṁair an ċaṫa: do ḃéara Día ort tuitim roiṁe do náṁuid: óir is ag Día ata cumas tárṫála, agus leagṫa.

9 Agus a duḃairt Amasiah re hóglaċ Dé, Aċt cred ḋéanam ris an ccéud tallann noċ ṫug mé do ṡlúaġ Israel? Agus do ḟreagair oglaċ Dé é, Is féidir leis an TTIĠEARNA níos ro ṁó ná so do ṫaḃairt duit.

10 Ansin do ḋealuiġ Amasiah íad, eaḋon, an slúaġ ṫáinic ċuige ó Eṗraim, do ḋul don ḃaile a ris: uime sin do haḋnaḋ a ḃfearg go mór a naġaiḋ Iúdah, agus dfilleadar a ḃaile lán dfeirg.

11 ¶ Agus do neartuiġ Amasiah é féin, agus do ṫréoruiġ sé a ṁuinntir amaċ, agus do ċuáiḋ sé go gleann an tsaluinn, agus do ḃuail sé do ċloinn Seir deiċ míle.

12 Agus deiċ míle oile do fágḃaḋ béo rugadar clann Iudah léo a láiṁ íad, agus ṫugadar go mullaċ na cairge íad, agus do ṫeilgeadar sios íad do ṁullaċ na cairge, gur briseaḋ na mbloḋuiḃ íad.

13 ¶ Aċt na soíġdiúiríġ do ċuir Amasiah ar a nais, ċor naċ raċaidis leís ċum caṫa, do ṫiomáineadar air ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, ó Ṡamáriah air fad go Bet‐óron, agus do ḃuáileadar trí ṁíle ḋíoḃ, agus rugadar iomarcuiġ éadála léo.

14 ¶ Anois tárla, a nuáir dfill Amasiah ó ár na Nedomiteaċ, go ttug sé dee ċloinne Seír leis, agus gur ċuir sé súas mar ḋée ḋó féin iad, agus do ċrom sé é féin síos dóiḃ, agus do loisg sé túis dóiḃ.

15 Uimesin do haḋnaḋ fearg an TIĠEARNA re Amasiah, agus do ċuir sé fáiġ ċuige, noċ a duḃairt ris, Cred fár íarr tú a ndiáiġ ḋeeíḃ na ndaóine, naċ ar ḟéad a ndaoine féin do ṡáoraḋ as do láiṁse?

16 Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.

17 ¶ Annsin do rinne Amasiah ríġ Iúdah coṁairle, agus do ċuir sé teaċda ċum Ioas, ṁac Iehoahas ṁic, Iehu, ríġ Israel, ḋa ráḋ, Tárr, faiceam gnúis a ċéile.

18 Agus do ċuir Ioas ríġ Israel sios go Hamasiah ríġ Iúdah, ġa ráḋ, Do ċuir an foġḃannán do ḃi a Lebanon teaċta ċum an cédair do ḃí a Lebanon, ġa ráḋ, Taḃair hinġean dom ṁac na mnaói: agus do ġaḃ beaṫaċ allta do ḃí a Lebanon ṫort, agus do ṡaltair sé síos an foġḃannán.

19 A deir tusa, Féaċ, do ṁarḃ tú na Hedomitiġ; agus do ṫóg do ċroiḋe súas ṫú do ṁaoiḋfeaċus: fan a nois ansa ḃaile; creád fá mbeanfá red ḋoċar féin, as a ttuitfeá, ṫú féin, agus Iúdah maille riot?

20 Aċt níor ḃáill le Amasiah sin do ċluinsion; óir is ó Ḋía do ḃí sin, ċor go seaċódaḋ sé íad a láiṁ a náṁad, do ḃríġ gur leanadar a ndiáiġ ḋée Edom.

21 Ann sin do ċúaiḋ Ioas ríġ Israel súas; agus do ċonncadar gnúis a ċéile, é féin agus Amasiah ríġ Iúdah, an Betsemes, noċ is do Iúdah.

22 Agus tugaḋ an ċuid buḋ measa do Iúdah roiṁe Israel, agus do ṫeiṫ gaċ duine ḋíoḃ da ṫiġ.

23 Agus do ġaḃ Ioas ríġ Israel Amasiah ríġ Iudah, mac Ioas, ṁic Iehoahas, a Mbet‐semes, agus ṫug go Hierusalem é, agus do ḃris sé síos balla Ierusalem ó ġeata Eṗraim go geata an ċoirnéil, ceiṫre ċéud cuḃad.

24 Agus rug sé leis an tór agus an tairgiod uile, agus na huile ṡoiṫiġe fríṫ a ttiġ Dé ag Obed‐édom, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus íar nglacaḋ braiġde tairis, dfill sé go Samária.

25 ¶ Agus do ṁair Amasiah mac Ioas ríġ Iúdah déis ḃáis Ioas ṁic Iehoahas ríġ Israel cúig bliaḋna déug.

26 Anois an ċuid oile do ġnioṁuiḃ Amasiah, ó ṫús go deireaḋ, féuċ, naċ ḃfuilid siad scrioḃta a leaḃair ríoġ Iúdah agus Israel?

27 ¶ Anois déis na huaire ar ḟill Amasiah ó leanṁuin an TIĠEARNA dfealladar na aġaiḋ ann Ierusalem; agus do ṫeiṫ sé go Laċis: aċt do ċuireadarsan na ḋiaiġ go Laċis, agus do ṁarḃadar annsin é.

28 Agus ṫugadar léo ar eaċaiḃ é, agus do aḋlaiceadar é agá aiṫriḃ a ccaṫruiġ Iúdah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan