Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Tar éis ḃaís Iehoiada do ċlaon Ioas ċum na níoḋal; 23 agus rug na Sirianuiġ búaiġ air.

1 Do ḃí Ioas seaċt mbílaḋna dáois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ ceaṫraċad bliaḋan ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Sibea ó Ḃeer‐séba.

2 Agus do rinne Ioas an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA air feaḋ laeṫeaḋ Iehoiada an sagart.

3 Agus ṫug Iehoiada días ban ċuige; agus do ġein sé mic agus inġeana.

4 ¶ Agus tárla na ḋiaiġ so, go raiḃ dinntinn ag Ioas tiġ an TIĠEARNA do leasuġaḋ.

5 Agus do ċruinniġ sé a ḃfoċair ċéile na sagairt agus na Leḃítiġ, agus a duḃairt sé riu, Eirġiḋe amaċ go caiṫreaċaiḃ Iúdah, agus cruinnigiḋ ó Israel uile airgiod daṫnuaġaḋ ṫiġe ḃur Ndé ó ḃliaḋuin go blíaḋuin, agus féuċuiḋ go ndéantaoi deiṫnios ris an ccúis. Giḋeaḋ ní ḋéarnadar na Leḃitíġ deiṫnios ris.

6 Agus do ġoir an ríġ air Iehoiada an túaċdarán, agus a duḃairt sé ris, Cred fa nár ċuir tú dfiaċaiḃ air na Leḃítiḃ an gearraḋ do ṫaḃairt a steaċ ó Iúdah agus ó Ierusalem, do réir aiṫne Ṁáoise serḃíseaċ an TIĠEARNA, agus ċoṁċruinniġe Israel, go tabernacuil na fíaḋnuise?

7 Oír do ḃrisiodar mic Ataliah, an droiċḃeansin, tiġ Dé; agus do ḃronnadar do Ḃaalim neiṫe coisreagṫa ṫiġe an TIĠEARNA.

8 Agus ar aiṫne an ríġ do rinneadar cófra, agus do ċuireadar táoḃ amuiċ é ag geata ṫiġe an TIĠEARNA.

9 Agus ṫugadar fúagra ar feaḋ Iúdah agus Ierusalem, an gearraḋ do leag Maoisé óglaċ Dé ansa ḃfásaċ ar Israel do ṫaḃairt a steaċ ċum an TIĠEARNA.

10 Agus do ḃí lúaṫġáire ar na prionnsaḋuiḃ agus ar an bpobal uile, agus ṫugadar a steaċ, agus do ṫeilgeadar annsa ċófra, nó gur ċuireadar críoċ air.

11 Anois tárla, fá an nam ar tugaḋ an cófra go hoifig an ríġ le láiṁ na Leḃíteaċ, agus a núair do ċoncadar gur ṁór an tairgiod, ṫáinic scriḃneóir an ríġ agus oifigeaċ a nárdṡagairt agus dfolṁuiġeadar an cofra, agus do ġlacadar, agus rugadar ḋa áit féin a rís é. Marso do nídís lá ar lá, agus do ċruinniġeadar iomarcaiḋ airgid.

12 Agus ṫug an ríġ agus Iehoiadah é do na dáoiniḃ do rinne obuir serḃís ṫiġe an TIĠEARNA, agus do ġaḃ air ḋioluiġeaċd saoir crainn agus cloċ ċum tiġe an TIĠEARNA do leasuġaḋ, agus fós don luċt doibríġ iarann agus prás do ḋeasuġaḋ ṫiġe an TIĠEARNA.

13 Marsin do oibriġeadar an luċd sáoṫair, agus do ċrioċnuiġeadar a nobair go hiomlan, agus do ċuireadar tiġ Dé iona staid feín, agus do ḋaingniġeadar é.

14 Agus a núair do ċríoċnuiġeadar é, ṫugadar an ċuid oile do nairgiod a laṫair an ríġ agus Iehoiada, dá ndearnaḋ soiṫiġe do ṫiġ an TIĠEARNA, soiṫiġe ċum ministrolaċt, agus ċum ofrala, agus leaċa, soiṫiġe óir agus airgid. Agus dofráladar ofrála loisge a ttiġ an TIĠEARNA a ccoṁnuiġ ar feaḋ laéṫeaḋ Iehoiada.

15 ¶ Aċt do ḃí Iehoíada áosta, agus lán do láeṫiḃ a núair déug sé; céud agus tríoċad bliaḋan dáois do ḃí sé a núair fuáir sé bás.

16 Agus do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi a measc na ríoġ, do ḃríġ go ndéarna sé maiṫ ann Israel aráon a ttaoḃ Dé, agus a ttaoḃ a ṫiġe.

17 ¶ Anois tar éis ḃáis Iehoiada ṫangadar prionnsaḋa Iúdah, agus do rinneadar uṁla don ríġ. Annsin déist an ríġ riú.

18 Agus dfagḃadar tiġ an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ, agus do ḟrioṫaileadar garráin agus ioḋuil: agus ṫáinic dioġaltus air Iúdah agus air Ierusalem ar son an ṗeacaiḋsi aca.

19 Giḋeaḋ do ċuir seision fáiḋe ċuca, dá ttaḃairt air a nais ċum an TIĠEARNA; agus do ḟíaḋnuiġeadar na naġaiḋ: aċd ní ṫugadarsan aire ḋoiḃ.

20 Agus ṫáinic Spiorad Dé air Ṡeċariah ṁac Iehoiada an sagart, noċ do ṡeas ós cionn an ṗobail, agus a duḃairt sé riú, Is mar so a deir Día, Cred fa sáruiġṫi aiṫeanta an TIĠEARNA, as naċ féidir liḃ ḃeiṫ séanṁar? do ḃríġ gur ṫréigeaḃair an TIĠEARNA, do ṫréig seision siḃsi mar an gcéadna.

21 Agus dfealladar iona aġaiḋ, agus do ċloċadar lé cloċaiḃ é ar aiṫne an ríġ a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA.

22 Marso nar ċuiṁniġ an ríġ Ioas an cinéul do rinne a aṫair Iehoiada air, aċt do ṁarḃ se a ṁac. Agus a nam a ḃais a duḃairt sé, Go ḃfaiciḋ an TIĠEARNA sin, agus go ccúitiġiḋ sé é.

23 ¶ Agus tárla a ndeireaḋ na blíaḋna, go ttáinic slúaġ na Síria súas na aġaiḋ: agus ṫangadar go Iúdah agus go Hierusalem, agus do ṁarḃadar prionnsaḋa an ṗobail uile a measc an ṗobail, agus do ċuireadar a néadail uile go ríġ Ḋamascus.

24 Oír ṫáinic slúaġ na Sírianaċ le cuideaċduin ḃig ḋaoine, agus ṫug an TIĠEARNA slúaġ roṁor na láiṁ, do ḃríġ gur ṫreigeadar an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ. Marsin do rugadar breiṫeaṁnus a naġaiḋ Ioas.

25 Agus a nuaír do imṫiġeadar úaḋ, (óir dfágḃadar a neasláintiḃ móra e,) do oibriġeadar a ṡeirḃísiġ féin na aġaiḋ ar son ḟola ṁac Iehoiada an sagart, agus do ṁarḃadar é ar a leabuiḋ, agus fúair sé bás: agus do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋaiḃi, aċt níor aḋlaiceadar a ttuamaiḃ na ríoġ é.

26 Agus is íad so an luċd dfeall na aġaiḋ; Sabad ṁac Simeat an Tammoniteaċ, agus Iehosabad ṁac Simrit an Moabiteaċ.

27 ¶ Anois a ttaoḃ a ṁac, agus ṁéid a núaluiḋ do cuireaḋ air, agus leasuġaḋ ṫiġe Dé, féuċ, atáid síad scríoḃṫa a stair leaḃair na ríoġ. Agus do ríoġuiḋ Amasiah a ṁac iona áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan