Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Do ḋearnaḋ ríġ do Ióas le Iehoiada an sagart. 12 Do ṁarḃaḋ Atalia. 16 Agus do ṡocruiġeaḋ an craḃaḋ ceart.

1 Agus annsa seaċdṁaḋ blíaḋuin do neartuiġ Iehoiada é féin, agus ṫug sé caiptiniġ na ccéad a ccunnraḋ ris, Asariah ṁac Ieroham, agus Ismael ṁac Iehohanan, agus Asariah ṁac Obed, agus Maasiah ṁac Adaiah, agus Elisaṗat ṁac Siċri.

2 Agus do ċuádar timċioll Iúda, agus do ċruinniġeadar na Leḃítiġ amaċ as uile ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus cinn aiṫreaċ Israel, agus ṫangadar go Hierusalem.

3 Agus do rinne an coṁċruinniuġaḋ uile cunnraḋ ris an ríġ a ttiġ Dé. Agus a duḃairt seision riú, Féuċ, biáiḋ mac an ríġ na ríġ, mar a duḃairt an TIĠEARNA a ttáoḃ ċloinne Dáiḃi.

4 A sé so an ní do ḋéantáoi; Trían aguiḃ do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ ṫéid a steaċ air an tsábbóid, béid na ndoirseóiriḃ ag na doirsiḃ;

5 Agus trían a ttiġ an ríġ; agus trían ag an príṁġeata: agus béid na daoine uile a ccúirtiḃ ṫiġe an TIĠEARNA.

6 Aċt ná tigeaḋ áonduine go tiġ an TIĠEARNA, aċt na sagairt, agus an ṁéid do na Leḃítiḃ ḃías ag miniostrálaċd; raċuid síadsan a steaċ, óir atáid náoṁṫa: agus coiṁéadfuid an pobal uile faire an TIĠEARNA.

7 Agus timċiollfuid na Leḃítiġ an ríġ fa gcuáirt, gaċ áon gun a arm iona láiṁ; agus giḋ bé ṫiocfas don tiġ, cuirfiġear ċum báis é: aċt bíṫíse a ḃfoċair an ríġ a núair ṫiucfas sé a steaċ, agus a nuáir raċus sé amaċ.

8 Mar sin do rinneadar na Leḃítiġ agus Iúdah uile do réir gaċ éainneiṫe dár aiṫin Iehoiada an sagart, agus do rug gaċ áonduine leis a ḋaóine do ḃí re teaċd a steaċ ar an tsábbóid, maille ris an druing do ḃí ag dul amaċ ar an tsabbóid: óir níor scaóil Iehoiada na cúrsaḋa.

9 Tuilleaṁ fós ṫug Iehoiada an sagart do ċaptíniḃ na ccéad gáeṫe, agus buiclériġ, agus scíaṫa, noċ bá lé Dáiḃi ríġ, do ḃí a ttiġ Dé.

10 Agus do ṡuiġiḋ sé na daóine uile, gaċ áon gun a arm iona láiṁ, ón taoḃ ṫeas don teampall gus an ttaoḃ ċlé don teampall, re taóiḃ na haltóra agus an teampuill, ar fad láiṁ ris an ríġ.

11 Ann sin ṫugadar amaċ mac an ríġ, agus do ċuireadar an ċoróin air, agus ṫagadar an nfíaḋnuise ḋó, agus do rinneadar ríġ ḋe. Agus do ung Iehóiada agus a ṁic é, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.

12 ¶ Anois an tan do ċúaluiḋ Ataliah na ndaóine ag rioṫ agus ag molaḋ an ríġ, ṫáinic sí ċum an ṗobail go tiġ an TIĠEARNA:

13 Agus daṁairc sí, agus, féuċ, do ṡeas an ríġ agá ṗiléur ag an ndul a steaċ, agus na prionnsaḋa agus na trumpaḋa a ḃfoċair an ríġ: agus do ḃí pobal na tíre úile ag gáirdeaċus, agus ag déanaṁ fuáime lé stocaiḃ, agus an luċd ciúil le haḋḃaḋuiḃ ciúil, agus an ṁéid do ṫeagaisgeaḋ duáin ṁolta. Ann sin do ḃris Ataliah a héadaċ, agus a duḃairt, Feall, feall.

14 Ann sin ṫug Iehoiada an sagart amaċ caiptíniġ na ccéad do cuireaḋ ós cionn an tslóiġ, agus a duḃairt sé ríu, Beiriḋ amaċ í as na hórduiḃ: agus giḋ bé leanfas í, marḃṫar é leis an ccloiḋeaṁ. Oír a duḃairt an sagart, Ná marḃuiḋ a ttiġ an TIĠEARNA í.

15 Mar sin do ċuireadar láṁa innte; agus a nuáir ṫáinic sí go dul a steaċ ġeata na neaċ láiṁ re tiġ an ríġ, do ṁarḃadar ann sin í.

16 ¶ Agus do rinne Iehoiada cunnraḋ edir é féin, agus an pobal uile, agus an ríġ, go mbéidis na muinntir ag an TTIĠEARNA.

17 Ann sin do ċuáiḋ an pobal uile go tiġ Ḃaal, agus do ḃrisiodar síos é, agus do ḃrisiodar a altóra agus a íoṁáiġ na mbloḋuiḃ, agus do ṁarḃadar Mattan sagart Ḃaal a ḃfiaḋnuise na naltóraċ

18 Dórduiġ Iehoiada mar an ccéadna oifigiḋ ṫiġe an TIĠEARNA re láiṁ na sagart na Leḃítiġ, noċ do roinn Dáiḃi a ttiġ an TIĠEARNA, díoḋbairt ofrála loisge an TIĠEARNA, mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, maille ré gáirdeaċus re céol, mar dórduiġ Daiḃi.

19 Agus do ċuir sé doirseóiriġ ag gearaḋuiḃ ṫiġe an TIĠEARNA, iondus naċ ttiucfaḋ duine ar biṫ do ḃeiṫ neaṁġlan a néinní a steaċ ann.

20 Agus rug sé leis caiptíniġ na ccéad, agus uáisle, agus úaċdarain an ṗobuil, agus luċd na críċe uile, agus ṫugadar an ríġ a núas ó ṫiġ an TIĠEARNA: agus ṫangadar ṫríd an ngeata árd go tiġ an ríġ, agus do ċuireadar an ríġ a ccaṫaóir na rioġaċta.

21 Agus do rinneadar daóine na tíre uile lúaṫġáire: agus do ḃí an ċaṫair suáiṁneaċ, tar éis Ataliah do ṁarḃaḋ leis an ccloiḋeaṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan