II Croinicliḃ 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Tar éis ṁarḃaḋ Ahasiah agus Ioram le Iehu, 11 Do ḟolċaḋ Ioas ó Ataliah. 1 Agus do rinneadar áitreaḃúiġ Ierusalem ríġ do Ahasiah a ṁac dob óige iona áit: óir an slúaġ daoine ṫáinic leis na Harábianaċaiḃ don ḟoslongṗort do ṁarḃadar an ċlann fá sine uile. Marsin do ríoġuiḋ Ahasiah ṁac Iehoram na ríġ ann Iúdah. 2 Ḋá ḃlíaḋuin agus dá fiṫċiod daois do ḃí Ahasiah a núair do ṫosuiġ sé ríġe, agus do ḃí sé na ríġ aon ḃliaḋuin ann Ierusalem. Do bé fos ainm a ṁaṫar Ataliah inġean Omri. 3 Do ṡiuḃail sé mar an ccéadna a sliġṫiḃ ṫiġe Ahab: óir do bí a ṁaṫair a ċoṁairleaċ do ḋeanaṁ uilc. 4 Ar a naḋḃarsin do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA cosṁuil ré tiġ Ahab: óir dob íad sin a ċoṁairliġ tar eís ḃáis a aṫar da ttáinic a ṁilleaḋ. 5 ¶ Do ṡiuḃail sé mar an ccéadna do reir a ccoṁairle, agus do ċúaiḋ sé le Iehoram ṁac Ahab ríġ Israel do ċogaḋ a naġaiḋ Hasael ríġ na Síria a Ramot‐gilead: agus do ḃúaileadar na Sírianuiġ Ióram. 6 Agus dfill sé ċum a leiġis go Iesreel do ḃríġ na ccneaḋ tugaḋ air a Ramah, a nuair do ṫroid sé re Hasael ríġ na Síria. Agus do ċúaiḋ Asariah mac Iehoram ríġ Iúdah siós dféuċuin Iehoram ṁic Ahab ríġ Israel ann Iesreel, mar do ḃí sé tinn. 7 Agus is ó Ḋía do ḃí milleaḋ Ahasiah do ḃríġ a ḋul dféaċuin Iehoram: óir an tan ṫáinic sé, do ċúaiḋ sé amaċ le Iehoram a naġaiḋ Iehu ṁic Nimsi, noċ do unguiḋ an TIĠEARNA do ḋibirt ṫiġe Ahab. 8 Agus tárla, a núair do ḃí Iehu ag críoċnuġaḋ breiṫeaṁnuis ar ṫiġ Ahab, agus fúair sé prionnsaḋa Iúdah, agus mic dearḃraiṫreaċ Ahasiah, do ḃí ag serḃís do Ahasiah, gur ṁarḃ se íad. 9 Agus diarr sé Ahasiah: agus rugadar air, oír do ḃí sé a ḃfolaċ a Samária, agus ṫugadar go Iehu é: agus a núair do ṁarḃadar é, do aḋlaiceadar é: Do ḃríġ (ar siadsan), gur bé mac Iehosaṗat é, noċ díarr an TIĠEARNA maille ré na uile ċroiḋe. Marsin naċ raiḃ cuṁaċda ag tiġ Ahasiah an rioġaċd do ċongṁail a ccoṁnuiḋe. 10 ¶ Aċt a núair do ċonnairc Ataliah maṫair Ahasiah gur marḃaḋ a mac, déiriġ sí agus do ṁarḃ sí uile ṡlioċd ríoġa ṫiġe Iúdah. 11 Aċt Iehosabeat, inġean an ríġ, do ġlac sí Ioas ṁac Ahasiah, agus do ġad sí é ó ḃeiṫ a measc na mac ríoġ dó marḃaḋ, agus do ċuir é feín agus a ḃanaltra a séomra codalta. Mar sin Iehosabeat inġean an ríġ Iehoram, bean Iehoiada an sagart, (oír bá deirḃṡiúr do Ahasiah í), dfoluiġ sí é ó Ataliah, go nar ṁarḃ sí é. 12 Agus do ḃí sé a ḃfolaċ aca a ttiġ Dé sé blíaḋna: agus do rioġuiḋ Ataliah ós cionn na tíre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society