Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI. Ar Iehoram ḟuilteaċ do ṫairrgir Elias bás ḟuaṫṁur do ṫeaċd.

1 Anois do ċoduil Iehosaṗat a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ agá aiṫriḃ é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi. Agus do ríoġuiḋ Iehoram a ṁac iona áit.

2 Agus do ḃádar dearḃráiṫre aige mic Iehosaṗat, Asariah, agus Iehiel, agus Seċariah, agus Asariah, agus Miċael, agus Seṗatiah: dob íadso uile mic Iehosaṗat ríġ Israel.

3 Agus ṫug a naṫair tioḋlaice móra ḋóiḃ dairgead, agus dór, agus do neiṫíḃ mórlúaiġ, maille re caiṫreaċaiḃ daingne ann Iudah: aċt ṫug sé an rioġaċt do Iehoram, do ḃriġ gur ḃé an ċéidġin é.

4 Anois a núair do ḃí Iehoram ar néirġe súas a ríoġaċt a aṫar, do ḋaingniḋ sé é féin, agus do ṁarḃ sé a ḋearḃráiṫreaċ uile leis an ccloiḋeaṁ, agus fós mórán do ṗrionnsaḋuiḃ Israel.

5 ¶ Do ḃí Iehoram ḋá ḃliaḋuin déag agus fiṫċe daois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí sé na ríġ oċt mbliaḋna ann Ierusalem.

6 Agus do ṡiuḃail sé a sliġe ríoġ Israel, aṁuil do rinne tiġ Ahab: óir do ḃí inġean Ahab aige na mnaoi: agus do rinne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.

7 Aċt ċeana niór ḃáill leis an TTIĠEARNA tiġ Ḋáiḃi do scrios, do ḃríġ an ċunnarṫa do rinne sé re Dáiḃi, agus mar do ġeall sé solus do ṫaḃairt dó agus dá ṁacaiḃ go bráṫ.

8 ¶ Ann a laéṫiḃsion déirġeadar na Hedomítiġ ó ḃeíṫ fa ríaġuil Iúdah, agus do rinneadar ríġ ḋóiḃ féin.

9 Ann sin do ċúaiḋ Iehoram amaċ le na ṗrionnsaḋuiḃ, agus a ċarbuid uile leis: agus déiriġ sé san noiḋċe, agus do ḃuail sé na Hédomitiġ do ṫáinic na ṫimċioll, agus caiptíniġ na ccarbad.

10 Mar sin do ċúadar na Hedomitiġ ó ḃeiṫ fáoi laiṁ Iúdah gus a niuġ. Annsa nam ċéadna fós do ḟill Libnah ó ḃeiṫ fáoi na láiṁ; do ḃríġ gur ṫréig sé an TIĠEARNA Día a aiṫreaḋ.

11 Tuilleaṁ fós do rinne sé aite árda a sléiḃtiḃ Iúdah, agus ṫug sé air ṁuinntir Ierusalem stríopaċus do ḋeanaṁ, agus do ċoiṁéigniḋ sé Iúdah ċuige sin.

12 ¶ Agus ṫáinic scríḃinn ċuige ó Elias an fáiġ, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA Día haṫar Dáiḃi, Do ḃríġ nar ṡiuḃail tú a sliġṫiḃ Iehosaṗat haṫar, ná a sliġṫiḃ Asa ríġ Iudah,

13 Aċt gur ṡiuḃail tú a sliġe ríġ Israel, agus gur ċuir tú dfíaċaiḃ air Iúdah agus air áitreaḃaċaiḃ Ierusalem dul le stríopaċus, aṁuil stríopaċus ṫíġe Ahab, agus mar an ccéadna mar do ṁarḃ tú do ḋearḃráiṫre do ṫiġ haṫar, do ḃí ní buḋ feárr ná ṫú féin:

14 Féuċ, buailfiḋ an TIĠEARNA do ḋaoine lé pláiġ ṁóir, agus do ċlann, agus do ṁná, agus de ṁaóin uile:

15 Agus do ġeaḃa tú easlainte do ṫinneas hinneaḋ, nó go ttuite hionaṫar amaċ do ḃríġ an tinnis lá ar lá.

16 ¶ Tuilleaṁ oile, do ċorruiġ an TIĠEARNA súas a naġaiḋ Iehoram spiorad na Bṗilistíneaċ, agus na Narabianaċ, do ḃí láiṁ ris na Hetiópianaċaiḃ:

17 Agus ṫangadar súas go Iúdah, agus do ḃriseadar a steaċ innte, agus rugadar leo a nuile ṁaoin noċ do fríṫ a ttiġ an ríġ, agus a ṁic, agus a ṁná mar an ccéadna; ionnus nar fagḃaḋ aonṁac aige, aċt Iehoahas, an té dob óige dá ṁacaiḃ.

18 ¶ Agus na ḋiaiġ so uile do ḃúail an TIĠEARNA é féin iona inniġiḃ le heasláinte ḋóleiġis.

19 Agus tárla, a ccionn aṫaiḋ, tar éis ḋá ḃliaḋan, gur ṫuit a ṁionaċ as do ḃríġ a ṫinnis: mar sin fúair sé bás deasláintiḃ géara. Agus ní ḋéarnadar a ḋaoine losgaḋ ar biṫ ar a ṡon, do nós loisge a aiṫreaḋ.

20 Do buḋ ḋá ḃliaḋuín déag ar ḟiṫċid a aois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ an Ierusalem oċt mbliaḋna, agus dimṫiġ sé gan íarruiḋ air. Aċt ċeana do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃí, giḋeaḋ ní a ttúamaiḃ na ríoġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan