II Croinicliḃ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Deasuġaḋ arson ṫogḃala an teampuill. 1 Agus do ṫionnsguin Solaṁ tiġ do ḋéanaṁ dainm an TIĠEARNA, agus tiġ ḋá rioġaċd. 2 Agus do áiriṁ Solaṁ amaċ trí fiṫċid agus deiċ míle fear diomċar úalaċ, agus ceiṫre fiṫċid míle doibriuġaḋ annsa tslíaḃ, agus trí ṁíle agus sé ċead dféaċuin ós a ccionn. 3 ¶ Agus do ċuir Solaṁ (teaċda) go Húram ríġ Tíor, ġa ráḋ, Mar do rinne tú re maṫair Dáiḃi, agus gur ċuir tú cedair ċuige do ḋéanaṁ tiġe ḋó iona ndéanaḋ sé coṁnuiġe, déana marsin riomsa. 4 Féuċ, atáim ag deanaṁ tiġe dainm mo ṪIĠEARNA Dé, da ċoisreagaḋ ḋó, agus do losgaḋ túise déaġḃolaiḋ dá laṫair, agus don narán taisbéanta laeṫeaṁuil, agus do na hofráluiḃ loisge maidin agus tráṫnóna, annsna sabboidiḃ, agus annsna reéiḃ núaḋa, agus a ḃféastuiġiḃ sollamanta ar TTIĠEARNA Dé. Atá so dúalaċ air Israel go bráṫ. 5 Agus an tiġ atáim do ḋéanaṁ buḋ mór é: óir is mór ar Ndía ós cionn gaċ uile ḋée. 6 Aċt cía ḟéadas tiġ do ḋéanaṁ ḋó, ó naċ féidir lé neaṁ agus re neaṁ na neaṁ a roċduin ionta? cía misi air a naḋḃarsin, as a ndéanuinn tiġ ḋó, aċd aṁáin íoḋburṫa do losgaḋ as a ċoinne? 7 Cuir ċugam anois nimesin duine glic a noibriuġaḋ a nór, agus a nairgiod, agus a bprás, agus a níarann, agus a bpurpuir, agus a ndearg, agus a ngorm, agus agá mbía eólus a ngreannaḋ a ḃfoċair na ndáoine nglic atá agamsa ann Iúdah agus ann Ierusalem, noċ do ṡolaṫair Dáiḃi maṫair. 8 Cuir ċugam mar an gceadna croinn ċédair, croinn ġiuṁuis, agus croinn Algam, as Lebanon: (óir is fios daṁ gurab éolgaċ do ṡearḃḟoġantuiġiḋse air aḋmad do ġearraḋ a Lebanon); agus, féuċ, béid mo ṁuinntirse a ḃfoċair do ṁuinntire, 9 Eaḋon dullṁuġaḋ aḋmúid ḋaṁsa go lór; óir an tiġ atáim ar tí do ċur súas buḋ iongantaċ a ṁéid. 10 Agus, féaċ, do ḃéara mé dot ṁuinntir, na géarrṫóiriġe ġéarrfus aḋmad, fiṫċe míle miosúr do ċruiṫneaċd ḃuáilte, agus fiṫċe míle miosúr éorna, agus fiṫċe míle soiṫeaċ fíona, agus fiṫċe míle soiṫeaċ ola. 11 ¶ Ann sin do ḟreagair Húram ríġ Tíor a scríḃinn, noċ do ċuir sé go Solaṁ, Do ḃríġ gur bionṁuin leis an TTIĠEARNA a ḋaóine, do rinne sé ríġ ḋíotsa ós a ccionn. 12 A duḃairt Húram fós, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ do rinne neaṁ agus talaṁ, noċ ṫug mac glic do Ḋáiḃi ríġ, lán do ċríonnaċd agus do ṫuigsin, noċ do ċuirfeaḋ tiġ súas don TIĠEARNA, agus tiġ ḋá rioġaċd. 13 Agus anois do ċuir misi ċugad duine glic, tuigsionaċ, do ṁuinntir maṫar Huram, 14 Mac mná dinġeanuiḃ Dan, agus duine do Ṫíor a aṫair, glic a noibriuġaḋ a nór, agus a nairgiod, a bprás, a níarann, a ccloiċ, agus a naḋmad, a bpurpuir, a ngorm, agus a linéadaċ ḟínéulta, agus a ndearg; agus mar an gcéadna do ġreannaḋ gaċ éantsóirt oibre greanta, agus do ḃreiṫ éoluis air gaċ uile stuáim da ccuirfiġṫear ċuige, maille re do ḋaóiniḃ gliocasa, agus re daoiniḃ glioca mo ṪIĠEARNA Dáiḃi haṫair. 15 Anois ar a naḋḃarsin an ċruiṫneaċd, agus a néorna, a nola, agus an fíon, air ar laḃair mo ṫiġearna, cuireaḋ sé úaḋ íad ċum a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ: 16 Agus géarrfuimne aḋmad as Lebanon, an ṁéid ḃus uireasbuiḋ ort: agus béaram linn na sláoduiḃ íad air an ḃfairge go Ioppa, agus béara túsa as sin go Hierusalem íad, 17 ¶ Agus do áiriṁ Solaṁ a raiḃ do ċoiṁiṫeaċuiḃ a ttír Israel, do réir na nuiḃreaċ lear áiriṁ Dáiḃi a aṫair íad; agus do fríṫ ḋíoḃ céud agus cáogad míle agus trí ṁíle agus sé ċéad. 18 Agus do ċuir sé trí fiṫċid agus deiċ míle ḋíoḃ diomċar úalaċ, agus ceiṫre fiṫċid míle doibriuġaḋ san tslíaḃ, agus trí ṁíle agus sé ċéud ós ccionn dá mbrostaḋ iona nobair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society