Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Aiṫriġe agus leusuġaḋ Iehosaṗat tar éís a imḋeargaḋ ón ḟáiġ.

1 Agus dfill Iehosaṗat ríġ Iudah da ṫiġ a síoṫċain go Ierusalem.

2 Agus do ċúaiḋ Iehu ṁac Hanani an féaċadóir amaċ na ċoinne, agus a duḃairt sé ris an ríġ Iehosaṗat, Ar ċóir ḋuitsi congnaṁ ris a nduine neiṁḋiaḋa, agus gráḋ do ṫaḃairt don luċd ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA? uimesin atá fearg riot ó laṫair an TIĠEARNA.

3 Ṫairis sin fríṫ neiṫe maiṫe ionnad, mar do scriós tú na garraín as an ttír, agus gur uṁluiġ tú do ċroiḋe díarruiḋ Dé.

4 ¶ Agus do rinne Iehosaṗat coṁnuiġ ann Ierusalem: agus do ċuáiḋ sé amaċ a rís ar feaḋ an ṗobail ó Ḃeerseba go slíaḃ Eṗraim, agus ṫug sé ar a nais íad ċum an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.

5 ¶ Agus do ċuir sé breiṫeaṁuin annsa tír ar feaḋ caiṫreaċ daingean Iúdah uile, ó ċaṫruiġ go caṫruiġ,

6 Agus a duḃairt sé ris na breiṫeaṁnuiḃ, Tugaiḋ da ḃur naire cred do ḋéantaoi: oír ní do ḋuine ḃéarṫaoí breaṫ, aċd don TIĠEARNA, noċ atá maille riḃ annsa ḃreiṫeaṁnus.

7 Anois uimesin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ; tugaiḋ dá ḃur naire agus déanaiḋ é: oír ní ḃfuil éaigceart ar biṫ ann ar TTIĠEARNA Díane, nó meas air ṗearsannuiḃ, nó glacaḋ ċuṁṫaċ.

8 ¶ Do ċuir fos Iehosaṗat ann Ierusalem do na Leḃitiḃ, agus do na sagartuiḃ, agus do ṫoġa aiṫreaċ Israel, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis an TIĠEARNA, agus do réiteaċ imreasuin, a nuáir do ḟillidís go Ierusalem.

9 Agus do ċuir sé dúalaċ orra, ḋá ráḋ, Marso do ḋéantaoi a núaṁan an TIĠEARNA, go hionnruic, agus le croiḋe iomlán.

10 Agus giḋ bé ar biṫ cúis ṫiucfas ċugaiḃ ó ḃur ndearḃráiṫriḃ ċóṁnuiġeas iona ccaiṫreaċaiḃ, eidir ḟuil agus ḟuil, idir ḋliġeaḋ agus aiṫne, reaċda agus ḃreiṫeaṁnusa, do ḃéarṫaoi fuagra ḋóiḃ gan aindllġeaḋ do ḋéanaṁ a naġaiḋ an TIĠEARNA, as a ttiucfaḋ dioġaltas oruiḃ, agus air ḃur ndearḃráiṫriḃ: déunuiḋ so, agus ní ḋéantuiḋ aindliġeaḋ.

11 Agus, féuċuiḋ, atá Amariah an tárdsagart ós ḃur ccionn a nuile ċúiseannuiḃ an TIĠEARNA; agus Sebadiah ṁac Ismael riaġluiḋeóir ṫiġe Iúdah, ar son uile ċúiseann an ríġ: béid na Leḃitiġ fós na noifigeaċaiḃ re ḃur naġaiḋ. Déanuiḋ go curata, agus biaiḋ an TIĠEARNA maille ris an ṁaiṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan