Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Do ċuir Iehosaṗat an eagluis; 12 agus an riġeaċd a norduġaḋ.

1 Agus do ríoġuiḋ Iehosaṗat a ṁac iona ait, agus do neartuiġ sé é feín a naġaiḋ Israel.

2 Agus do ċuir sé neart daoine a ccaiṫreaċaiḃ daingne Iúdah uile, agus do ċuir sé díonlungṗort a ḃfearann Iúdah, agus a ccaiṫreaċaiḃ Eṗraim, noċ do ġaḃ Asa a aṫair.

3 Agus do ḃí an TIĠEARNA le Iehosaṗat, do ḃríġ gur ṡiuḃuil sé a ccéidṡlíġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus nar íarr sé‐ċum Baalim;

4 Aċt do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA Día a aṫar, agus do ṡiuḃail sé iona aiṫeantuiḃ, agus ní do reír ġníoṁa Israel.

5 Uimesin do ḋaingniḋ an TIĠEARNA an rioġaċt iona láiṁ; agus ṫug Iúdah uile tioḋluice ċum Iehosaṗat; agus do ḃí saiḋḃrios agus onóir aige go lór.

6 Agus do ḃí a ċroiḋe ar na ṫógḃail suás a sliġṫiḃ an TIĠEARNA: tuilleaṁ fós do ċuir sé na háité árda agus na garraín as Iúdah.

7 ¶ Mar an ccéadna air an ttreas bliaḋuin dá ríġe do ċuir sé teaċta a ccionn a ṗrionnsaḋ, eaḋon go Ben‐hail, agus go Hobadiah, agus go Seċariah, agus go Netaneel, agus go Micaiah, do ṫeagasc a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah.

8 Agus do ċuir sé Leḃítiġ leó, eaḋon Semaiah, agus Netaniah, agus Sebadiah, agus Asahel, agus Semiramot, agus Iehonatan, agus Adoniiah, agus Tobiiah, agus Tob‐adoniiah, Leḃitiġ; agus maille riú Elisama agus Iehoram, sagairt.

9 Agus do ṫeagaisceadar ann Iúdah, agus do ḃí leaḃar dliġe an TIĠEARNA aca, agus do ċúadar timċioll ar feaḋ ċaiṫreaċ Iúdah, agus do ṫeagaisceadar an pobal.

10 ¶ Agus do ṫuit eagla an TIĠEARNA air uile rioġaċtuiḃ na ccríoċ do ḃí timċioll Iúdah, ionnus naċ dearnadar cogaḋ a naġaiḋ Iehosaṗat.

11 Ṫugadar fós cuid do na Ṗilistiniḃ tioḋluice ċum Iehosaṗat, agus cíos airgid; agus ṫugadar na Harábianuiġ tréada ċuige, seaċd míle agus seaċd ccéad reiṫe, agus seaċd míle agus seaċd cceúd poc.

12 ¶ Agus dfás Iehosaṗat mór go haḋḃal; agus do ċuir sé suás ann Iúdah caisléin, agus caiṫreaċa stóir.

13 Agus do ḃí iomad gnoṫuiġeaḋ aige a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah: agus luċd coguiḋ, daoine neartṁara gaisgeaṁla, ann Ierusalem.

14 Agus is íadso a nuiḃre do reír ṫiġe a naiṫreaḋ: do Iúdah, caíptíniġ mílteaḋ; Adnah an té buḋ oirḋearca, agus daoine cumasaċa a ngaisceaḋ na ḟoċair trí ċeád míle.

15 Agus na ḋiaiġsin do ḃí Iehohanan an caiptin, agus na ḟoċair sin ḋá ċéad agus ceiṫre fiṫċid míle.

16 Agus na ḋiaiġ sin Amasiah ṁac Siċri, noċ dofráil é feín go toileaṁuil don TIĠEARNA; agus maille ris ḋá ċéad míle fear láidir beóḋa.

17 Agus do Ḃeniamin; Eliada fear cumasaċ a ccróḋaċd, agus maille ris daoine armṫa re boġa agus re sgéiṫ ḋa ċéad míle.

18 Agus na ḋiaiġ sin do ḃí Iehosabad, agus maille ris sin céud agus ceiṫre fiṫċid míle reíġ gléasta ċum an ċogaiḋ.

19 Do ḃádar so ag feiṫioṁ air an ríġ, taoḃ amúiġ don druing do ċuir an ríġ a ccaiṫreaċuiḃ daingue air feaḋ Iúdah uile.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan