II Croinicliḃ 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Peacaḋ Asa. 10 A ḟearg re Hanani. 12 A éaslainte agus a ḃás. 1 Annsa seiseaḋ bliaḋuin déag ar ḟiṫċid do ríġe Asa, ṫáinic Baasa ríġ Israel súas a naġaiḋ Iudah, agus do ċuir sé Ramah súas, ar ċor naċ léigfeaḋ sé aonduine do ṫeaċt a steaċ nó ḋul amaċ go Hása ríġ Iúdah. 2 Annsin ṫug Asa airgiod agus ór amaċ as ionnṁusuiḃ ḟiġe an TIĠEARNA agus as tiġ an ríġ, agus do ċuir sé go Benhadad ríġ na Síria, do ḃí na ċoṁnuiġ ann Damascus, ġa ráḋ, 3 Atá ceangal eadrumsa agus tusa, mar do ḃí eidir maṫairse agus haṫair: féaċ, do ċuir mé ċugad airgiod agus ór; imṫiġ, bris do ṡíoṫċaín re Baasa ríġ Israel, ċor go nimeoċaḋ sé uaimse. 4 Agus déist Benhadad ris an ríġ Asa, agus do ċuir sé caiptíniġ a ṡlóiġ a naġaiḋ ċaiṫreaċa Israel; agus do ḃuaileadar Iion, agus Dan, agus Abelmaim, agus uile ċaiṫreaċa stóir Naṗtali. 5 Agus tárla, a núair do ċuala Baasa sin, gur éiriġ sé do ċur Ramah súas, agus gur scuir sé ḋa obair. 6 Annsin rug an ríġ Asa Iúdah uile leis; agus rugadar leó cloċa Ramah, agus a haḋmad, le a raiḃ Baasa ġa cur súas; agus do ċuir se Geba agus Mispah súas leó. 7 ¶ Agus annsa namsin ṫáinic Hanani an féuċadoír mar a raiḃ Asa ríġ Iudah, agus a duḃairt sé ris, Do ḃríġ gur ċuir tú do ḋóiġ a ríġ na Síria, agus naċ ann do ṪIĠEARNA Día do ċuir tú do ḋóiġ, uimesin do imṫiġ slúaġ ríġ na Síria as do láiṁ. 8 Naċ ar ṁór slúaġ na Netiópeaċ agus na Lubimeaċ, maille ré mórán carbad agus marcṡlúaġ? giḋeaḋ, do ḃríġ gur ṫaoḃ tusa ris an TTIĠEARNA, ṫug sé ann do láiṁ íad. 9 Oír riṫid súile an TTIĠEARNA ċuige agus úaḋ ar feaḋ an doṁuin úile, dá ḟoillsiuġaḋ feín láidir do ṫaoḃ na druinge a mbía a ccroiḋe iomlán da ṫaoḃ. Annso do rinne tusa go leaṁ: uimesin ó so amaċ biaiḋ cogaḋ ort. 10 Ann sin do ḃí fearg air Asa ris an ḃféuċadóir, agus do ċuir sé a ttiġ príosúin é; óir do ḃí sé air cuṫaċ ris dá ḃríġ so. Agus do ḃrúiġ Asa drong don ṗobal fa namsin féin. 11 ¶ Agus, féuċ, gníoṁa Asa, tosaċ agus deiġionaċ, ataíd ċeana scrioḃṫa a leaḃar ríoġ Iúdah agus Israel. 12 Agus do ġaḃ enslainte Asa iona ċosuiḃ an naoṁaḋ bliaḋuin déag ar ḟiṫċid da ríġe, nó go raiḃ a easláinte anṁór: giḋeaḋ iona ṫinneas níor íarr sé an TIĠEARNA, aċd na leaġa. 13 ¶ Agus do ċoduil sé a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus déug sé annsa naonṁaḋ bliaḋuin agus dá fiṫċiod dá ríġe. 14 Agus do aḋlaiceadar é iona ṫúama feín, noċ do rinne sé ḋó feín a ccaṫruiġ Ḋáiḃi, agus do ċuireadar é annsa leabuiḋ do ḃí lán do ḋeaġḃoluiḋiḃ agus do ṁórán sórt spíosraḋ ar na ngleús dealaḋuin an ṗotecari: agus do rinneadar loscaḋ roṁór ar a ṡon. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society