II Croinicliḃ 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Tré ḃriaṫraiḃ Asariah an faiġ, 8 do ċuir Asa na hioḋail as an tír. 12 Agus rinne cunraḋ re Día. 1 Agus ṫáinic Spiorad Dé ar Asariah ṁac Oded: 2 Agus do ċúaiḋ sé amaċ a ccoinne Asa, agus a duḃairt ris, Eistiġ riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Ḃeniamin; Atá an TIĠEARNA maille riḃ, an feaḋ ḃéiṫi maille ris; agus má íarṫaoi é, atá se ar faġáil agaiḃ; aċt ma ṫréigṫí é, tréigfiḋ sé siḃ. 3 Anois do ḃí Israel ré haimsir ḟada gan an Día fíre, agus gan sagart teaguisg, agus gan dliġeaḋ. 4 Aċt a núair dfilleadar iona mbúaiḋreaḋ air an TTIĠEARNA Día Israel, agus díarradar é, do fúaradar é. 5 Agus annsna haimsearuiḃ sin ní raiḃ síoṫċáin ar biṫ ag an tí do raċaḋ amaċ, nó ag an tí do ṫiucfaḋ a steaċ, aċt búaiḋearṫa móra air gaċ uile áitreaḃaċ na ccríoċ. 6 Agus do ḃí tír ḋá milleaḋ ag tír oile, agus caṫair ag caṫair oile: óir do ḃuáiḋir Día iad lé gaċ uile aindeise. 7 Biṫí laídir air a naḋḃarsin, agus ná bídís ḃur láṁa lag: óir do ġeaḃṫáoi lúaċ ḃur sáoṫair. 8 ¶ Agus an tan do ċúala Asa na briaṫrasó, agus tairġire Oded an fáiġ, do ġaḃ meanma é, agus do ṫeilg sé seaċad na hioḋail aḋḟuaṫṁara as críċ Iúdah agus Ḃeniamin uile, agus as na caiṫreacaiḃ do ġaḃ se do ṡlíaḃ Eṗraim, agus do aṫnúaġuiḋ sé altóir an TIĠEARNA, do ḃí roiṁe poirse an TIĠEARNA. 9 Agus do ċruinniġ sé Iúdah agus Beniamin uile, agus coiṁiġṫiġ maille riú as Eṗraim agus Manasseh, agus as Símeon: óir do ḟilleadar mórán Disrael air, a núair do ċonncadar go raiḃ a ṪIĠEARNA Día leis. 10 Marsin do ċruinniġeadar iad féin a ccionn a ċéile ann Ierusalem an treas mí, annsa ċúigeaḋ bliaḋain déag do ríoġaċt Asa. 11 Agus dofráladar don TIĠEARNA fá namsin féin, do na creaċuiḃ ṫugadar leó, seaċd ccéad daṁ agus seaċd míle cáora. 12 Agus do rinneadar cunnraḋ an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ díarruiḋ le na nuile ċroiḋe agus le na nuile anam; 13 Iondus giḋ bé naċ íarrfaḋ an TIĠEARNA Día Israel go ccuirfiḋe ċum báis é, má beag nó mór, má fear nó bean é. 14 Agus ṫugadar mionna don TIĠEARNA do ġuṫ árdṁór, agus lé gaír, agus le stocaiḃ, agus le coirnetiḃ. 15 Agus do lúaṫġáir Iúdah uile leis na mionnuiḃsin: óir do ṁionnuiġeadar le na nuile croiḋe, agus díarradar é le na ttoil iomlain; agus fúaradar é: agus ṫug an TIĠEARNA socraċt ḋóiḃ timċioll fa ccuáirt. 16 ¶ Agus mar an ccéadna Maaċah maṫair Asa an ríġ, do aṫruiġ sé í ó ḃeiṫ na bainríoġain, do ḃríġ go ndéaruuiḋ sí íoṁáiġe a ngarrán: agus do ġeárr Asa síos a híoṁáiġ, agus do ṁionḃrúiġ í, agus do loisg sé í ag sruṫ Cedron. 17 Aċt níor cuireaḋ na háite árda ar ccúl ann Israel: giḋeaḋ do ḃí croiḋe Asa iomlán ar feaḋ a ṡáoġail. 18 ¶ Agus ṫug sé go tiġ Dé na neiṫe do ċoisrig a aṫair, agus na neiṫe do ċoisrig sé féin, airgiod, agus ór, agus soiġṫiġe. 19 Agus ní raiḃ cogaḋ ní buḋ mó go nuige an cúigeaḋ blíaḋuin ar ṫríoċad do rioġaċt Asa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society