II Croinicliḃ 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Tug Asa an pobal go Día ar ais. 6 Ċuir se caiṫreaċa Iudah súas. 12 Agus ḃúail sé na Hetiópiġ. 1 Marsin do ċoduil Abiiah a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus daḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃí: agus do ríoġuiḋ Asa a ṁac iona aít. Iona laéṫiḃ do ḃí an tír súaiṁneaċ deiċ mblíaḋna. 2 Agus do rinne Asa an ní fa maiṫ agus fa ceart a raḋarc a ṪIĠEARNA Dé: 3 Oír do ṫeilg sé seaċad altóra na ndée ccoiṁiṫeaċ, agus na haite árda agus do ḃris sé síos na híoṁáiġé, agus do ġearr síos na garráin: 4 Agus do aiṫin sé do Iúdah an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ díarruiḋ, agus a ḋliġeaḋ agus a aiṫéanta do ċoiṁead. 5 Már an ccéadna do rug sé as caiṫreaċaiḃ Iúdah uile na háite árda agus na híoṁáiġe: agus do ḃí an rioġaċd socair dá laṫair. 6 ¶ Agus do ċuir sé caiṫreaċa daingne súas ann Iúdah: óir do ḃí ciúnas ag an ttír, agus ní raiḃ cogaḋ ar biṫ annsna blíaḋnuiḃ sin; do ḃríġ go ttug an TIĠEARNA suáiṁneas dó. 7 Uimesin a duḃairt sé ré Iúdah, Cuiriom na caiṫreaċa súas, agus déanam ballaḋa na ttimċioll, agus tuir, geataḋa, agus barraḋa, an feaḋ ḃías an fearann fós air ar ccor fein; do ḃríġ gur íarramar ar TTIĠEARNA Día, do ġuiḋeamar é, agus ṫug sé socraċd ḋúinn da gaċ uile ṫaoiḃ. Marsin do rinneadar fairgnioṁ agus do ċuádar air a naġaiḋ. 8 ¶ Agus do ḃí slúaġ daóine ag Asa do iomċraḋ targáid agus gaéṫe, as Iúdah trí ċéad míle; agus as Beniamin, diomċraḋ sciaṫa agus do ṫairngeaḋ boġa, ḋa ċéad agus céiṫre fiṫċid míle: do buḋ fir árraċda ċróḋa íadso uile. 9 ¶ Agus ṫáinic Serah an Tetiopeaċ amaċ na naġaiḋ lé slúaġ míle do ṁíltiḃ, agus trí ċéad carbad; agus ṫáinic sé go Maressah. 10 Ann sin do ċuáiḋ Asa amaċ na aġaiḋ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a ngleann Seṗátah ag Maressah. 11 Agus déiġ Asa air A ṪIĠEARNA Día, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, as beag agadsa caḃair do ṫaḃairt, ceaċtar acá lé móran, nó luċd gan neart: taḃair ḋúinne caḃair, a ṪIĠEARNA ar Ndía; óir is ort ċuirmid sinn féin, agus an ṫainmsi ṫeiġmid á naġaiḋ a niomudse. O a ṪIĠEARNA, is tú ar Ndía; ná beireaḋ duine búaiḋ órt. 12 Annsin do ḃúail an TIĠEARNA na Hetiópiġ roiṁe Asa, agus roiṁe Iúdah; agus do ṫeiṫiodar na Hetiópiġ. 13 Agus do lean Asa agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċair íad go Gérar: agus do cláoiḋeaḋ na Hétiópiġ, ionnus nar ḟeádadar íad féin do ṫárṫáil; óir do marḃaḋ íad a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ṡlóiġ; agus rugadar roṁóran éadála leó. 14 Agus do ḃúaileadar na caiṫreaċa uile fa ccúairt timċioll Ġérar; óir ṫáinic eagla an TIĠEARNA orra: agus do airgeadar na caiṫreaċa uile; óir do ḃí iomarcuiġ éadala ionnta. 15 Do ḃúaileadar mar an ccéadna na búailteaċa áirnéise, agus rugadar leó iomarcuiġ cáoraċ agus cáṁall, agus dfilleadar go Hierusalem. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society