II Croinicliḃ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Rug Abiiah búaiḋ ar Ieroboam. 14 Do ḃríġ a‐ṁuiniġinn a Ndía. 1 Anois annsa noċdṁaḋ blíaḋain déag don ríġ Ieroboam do ṫosuiġ Abiiah a ríġe ós cionn Iúdah. 2 Do ḃi sé na ríġ trí blíaḋua ann Ierusalem. (Do bé fós ainm a ṁaṫar Micaiah inġean Uriel ó Ġibéa.) Agus do ḃí cogaḋ eidir Abiiah agus Ieroboam. 3 Agus do ċuir Abiiah an caṫ a nórduġaḋ lé slúaġ do ḋáoiniḃ curata a ccogaḋ, eaḋon ceiṫre ċéad mile fear toġṫa: do ċuir Ieroboam mar an ccéadna an caṫ a nórduġaḋ na aġuiḋsion le hoċd ccéad míle fear toġṫa, do ḋáoiniḃ neartṁara a ngaisgiḋ. 4 ¶ Agus do ṡeas Abiiah ar sliaḃ Semaraim, noċ atá a slíaḃ Eṗraim, agus a duḃairt, Eistse riomsa, a Ieroboam, agus a Israel uile; 5 Naċ ar ċóir ḋaóiḃsi a ḟios do ḃeiṫ aguiḃ go ttug an TIĠEARNA Día Israel an rioġaċd ós cionn Israel do Ḋáiḃi ċoiḋċe, eaḋon dó feín agus dá ṁacaiḃ re cunnraḋ saluinn? 6 Ṫairis sin déiriġ Ieroboam ṁac Nébat, serḃiseaċ Ṡoluiṁ ṁic Dáiḃi súas, agus do ċúaiḋ a ccogaḋ a naġaiḋ a ṫiġearaa. 7 Agus do cruinniġeaḋ ċuigesion dáoine díoṁáoine, clann Ḃélial, agus do neartuiġeadar íad féin a naġaiḋ Rehoboam ṁic Soluiṁ, a nuaír do ḃí Rehoboam óg agus bogċroiḋṫeaċ, agus nar ḟéad cur na naġaiḋ. 8 Agus anois sáoiltí seasaṁ a naġaiḋ rioġaċda an TIĠEARNA a láṁuiḃ ṁac Ḋáiḃi; agus atáṫaói roṁórán dáoine, agus atá agaiḃ láoiġ órḋa, noċ do rinne Ieroboam ḋáoiḃ mar ḋée. 9 Naċ ar ṫeilgeaḃair amaċ sagairt an TIĠEARNA, mic Aaron, agus na Leḃitiġ, agus do rinneaḃair ḋáoiḃ féin sagairt do reír ṁoḋa ċinneaḋaċ ċríoċ oile? iondus giḋ bé ar ḃiṫ ṫiucfus dá ċoisreagaḋ féin lé bulóig agus lé seaċd reiṫe, go ḃféadann an té sin ḃeiṫ na ṡagart ḋóiḃ sin naċ bfuil na ndéeiḃ. 10 Aċt air ar soinne, is é an TIĠEARNA ar Ndía, agus níor ṫréigeamar é; agus isíad mic Aáron na sagairt, noċ do níḋ miniostralaċd don TIĠEARNA, agus na Leḃitiġ ag feiṫioṁ ar a nobair feín: 11 Agus loisgid síad don TIĠEARNA gaċa maidin agus gaċ tráṫnóna íoḋbarṫa loisge agus túis ḋeaġḃoluiġ: órdúiġid mar an gcéadna an tarán taisbeánta air an mbórd ḃfíorġlan; agus an coinnleóir óir gun a ṡoillsiḃ, do lasaḋ gaċa traṫnóna: óir coiṁéadmaóid úalaċ ar TTIĠEARNA Dé; aċ do ṫréigeaḃairse é. 12 Agus, féuċuiḋ, atá Día féin linne mar ċaiptin oruinn, agus a ṡagairt ag fuáimniġ re stocuiḃ dfógra briste oruiḃse. O a ċlann Israel, ná troidiġ a naġaiḋ an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ; óir ní éireoċuiḋ se liḃ. 13 ¶ Aċt ṫug Ieroboam fa deara luiḋeaċán do ṫeaċd timċioll fa na ccúl: marsin do ḃádar as coinne Iúdah, agus an ċealg leaṫ a ccúil. 14 Agus an tan dféaċ Iúdah na ndiáiġ, féaċ, do ḃí an caṫ rompa agus na ndiáiġ: agus do ġoireadar air an TTIĠEARNA, agus do ṡéideadar na sagairt na stuic. 15 Annsin do léigeadar fir Iúdah gáir: agus mar do ġáireadar fir Iúdah, tárla, gur ḃúail Día Ieroboam agus Israel uile roiṁe Abiiah agus roiṁe Iúdah. 16 Agus do ṫeiṫeadar clann Israel roiṁe Iúdah: agus do ṡeaċuid Día iona láiṁ íad. 17 Agus do ṁarḃ Abiiah agus a ṗobal íad le hár mór: ionnus gur ṫuit síos marḃ Disrael cúig ċéad míle fear toġṫa. 18 Marso do cuíreaḋ fáoi ċlann Israel fan namsin, agus rugadar clann Iúdah búaiḋ, do ḃríġ gur ṡeasadar air an TTIĠEARNA Día a naiṫreaḋ. 19 Agus do lean Abiiah a ndiáiġ Ieroboam, agus do ḃean caiṫreaċa ḋe, Bet‐el gun a bailtiḃ, agus Iessanah gun a bailtiḃ, agus Eṗraim gun a bailtiḃ. 20 Ní mó rug Ieroboam neart a rís a laéṫiḃ Abiiah: agus do ḃúail an TIĠEARNA é, agus déug sé. 21 ¶ Aċd dfás Abiiah cuṁaċdaċ, agus do ṗós sé ceiṫre mná déug, agus rugaḋ ḋá ṁac agus fiṫċe, agus sé hinġeana déag ḋó. 22 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Abiiah, agus a ṡliġṫe, agus a raiḋte, atáid síad scríoḃṫa a stair Iddo an fáiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society