Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Do ṫoirmiosg Día cogaḋ ré Hisrael. 13 Na sagairt agus na daoine maiṫe le Rehoboam.

1 Agus an tan ṫáinic Rehoboam go Hierusalem, do ċruinniġ sé do ṫiġ Iúdah agus Beniamin céad agus ceiṫre fiṫċid míle do ḋaóiniḃ toġṫa, noċ do ḃí na luċd coguiḋ, do ṫroid a naġuiḋ Israel, ċor go ttiuḃraḋ an rioġaċd a rís do Rehoboam.

2 Aċt ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Semaiah óglaċ Dé, ḋa ráḋ,

3 Laḃair re Rehoboam ṁac Solaiṁ, ríġ Iúdah, agus ré a ḃfuil Disrael ann Iúdah agus re Beniamin, ġá raḋ,

4 Is marso a deir an TIĠEARNA, Ní raċtáoi súas, agus ní mó ṫroidfiḋe a naġaiḋ ḃur ndearḃráiṫreaċ: filleaḋ gaċ áon aguiḃ dá ṫiġ: óir is misi do rinne an níse. Agus do uṁluiġeadarsan do ḃríaṫruiḃ an TIĠEARNA, agus dfilleadar ó ḋul a naġaiḋ Ieroboam.

5 ¶ Agus do ċoṁnuiġ Rehoboam ann Ierusalem, agus do rinne sé caiṫreaċa dídin ann Iúdah.

6 Do rinne sé Bet‐lehem, agus Etam, agus Tecoa,

7 Agus Bet‐sur, agus Soċo, agus Adullam,

8 Agus Gát, agus Maressa, agus Siṗ,

9 Agus Adoram, agus Laċis, agus Asecah,

10 Agus Sórah, agus Aiialon, agus Hébron, noċ atá ann Iúdah agus a Mbeniamin caiṫreaċa daingne.

11 Agus do ḋaingniḋ sé na caisléin láidre, agus do ċuir se caiptíniġ ionta, agus stór biḋ, agus ola agus fíona.

12 Agus ann gaċ aon ċaṫruiġ fá leiṫ do ċuir sé scíaṫa agus gaeṫe, agus do rinne sé ro láidir íad, ar mbeiṫ do Iúdah agus do Ḃeniamin ḋá ṫáoiḃ.

13 ¶ Agus ṫangadar na sagairt agus na Leḃítiġ do ḃí ann Israel uile ċuige a ccóstuiḃ uile.

14 Oír dfagḃadar na Lebítiġ a mbailte beaga agus a sealḃ, agus ṫangadar go Iúdah agus Hierusalem: óir do ṫeilg Ieroboam agus a ṁic amaċ íad ó ḋéanaṁ oifige an tsagairt don TIĠEARNA:

15 Agus do órduiġ sé sagairt dó féin annsna háitiḃ árda, agus do na díaḃluiḃ, agus do na láoġuiḃ do rinne sé féin.

16 Agus na ndiaiġ sin as uile ṫreaḃuiḃ Israel an méid do ṡocruiḋ á ccroiḋṫe díarruiḋ an TIĠEARNA Día Israel ṫangadar go Hierusalem, díoḋbuirt don TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.

17 Marsin do neartuiġeadar rioġaċd Iúdah, agus do rinneadar Rehoboam mac Soluiṁ láidir, trí blíaḋna: óir do ṡiuḃluiġeadar trí blíaḋna a sliġe Ḋaiḃi agus Ṡoluiṁ.

18 ¶ Agus ṫug Rehoboam ċuige na mnáoi Mahalat inġean Ierimot ṁic Ḋáiḃi, agus Abihail inġean Eliab ṁic Iesse;

19 Noċ rug clann dó; Ieus, agus Semariah, agus Saham.

20 Agus na diáiġ sin ṫug sé Maaċah inġean Absolom; noċ rug Abiiah ḋó, agus Attaí, agus Sisa, agus Selomit.

21 Agus do ġráḋuiġ Rehoboam Maaċah inġean Absolom ós cionn a ḃan uile agus a leannána: (óir ṫug sé oċt mná déag, agus trí fiṫċid leannán;) agus rugaḋ oċt mic ḟiṫċíod ḋó agus tri fiṫċid inġean.

22 Agus do rinne Rehoboam úaċdarán do Abiiah ṁac Maaċah, do ríaġlaḋ a measc a ḋearḃráiṫreaċ: óir do ṡáoil sé ríġ do ḋeanaṁ ḋe.

23 Agus do rinne sé go críonna, agus do scáoil sé a ċlann uile air ḟeaḋ ċríoċ Iúdah agus Ḃeniamin, da gaċ áon ċaṫruiġ ḋaingin: agus do ċuir sé lónn go lór leó. Agus do ḃí dúil a niomad ban aige.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan