Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Croinicliḃ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Do fuair Solaṁ ó Ḋia, 7 gliocas 13 neart agus saiḋḃrios.

1 Agus do neartuiġeaḋ Solaṁ ṁac Dáiḃi iona rioġaċd, agus do ḃí a ṪIĠEARNA Día maille ris, agus do ṁéuduiġ sé é go hiomarcaċ.

2 Ann sin do laḃair Solaṁ re Hisrael uíle, re caíptíneaḋ na mílteaḋ agus na ccéad, agus ris na breiṫeambnuiḃ, agus re gaċ áon úaċdaran ann Israel uile, re ceannuiḃ na naiṫreaċ.

3 Mar sin do ċuáiḋ Solaṁ, agus an coṁċruinniuġaḋ uile iona ḟoċair, don náit áird do ḃi ann Gibeon; óir is annsin do ḃí tabernacuil ċoṁċruinniġ Dé, noċ do rinne Maóise searḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA ann sa ḃfásaċ.

4 Aċt ṫug Dáiḃi airc Dé ó Ċiriatiarim súas gus a náit do ullṁaiġ Dáiḃi roimpe: óir do ċuir sé lóistín na ṡeasaṁ ḋi ann Ierusalem.

5 Tuilleaṁ fós do ċuir sé, an altóir ṗráis, do rinne Besaleel ṁac Uri, ṁic Hur, as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA: agus do ġuiḋ Solaṁ agus an coṁċruinniuġaḋ aice.

6 Agus do ċuáiḋ Solaṁ súas annsin gus a naltóir ṗráis a laṫair an TIĠEARNA, noċ do ḃí ag tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus dofráil sé míle íoḋbuirt loisge uirre.

7 ¶ Annsa noiḋċe sin dfoillsiġ Día é féin do Ṡolaṁ, agus a duḃairt sé ris, Iarr cred ḃéarus me ḋuit.

8 Agus a duḃairt Solaṁ ré Día, Do ṫaisbéin tú grása móra dom aṫair Dáiḃí, agus do ċuir tú misi do ríġe iona áit.

9 Anois, a ṪIĠEARNA Día, coiṁlíontar do ġeallaḋ dom aṫair Dáiḃi: óir do rinne tú riġ ḋíomsa air ṗobal coiṁlíonṁar re luáiṫreaḋ na talṁan.

10 Taḃair ḋaṁ anois eagna agus éolus, lé a raċa mé amaċ agus le a ttiucta mé a steaċ roiṁe an bpobalsa: óir cía dá ttig breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobal, atá coṁmórsa?

11 Agus a duḃairt Día re Solaṁ, Do ḃríġ go raiḃ so ann do ċroiḋe, agus nár íarr tú saiḋḃrios, maóin, nó onóir, no bás do náṁad, agus fós nár íarr tú sáoġal fada; aċd gur íarr tú eagna agus eólus ḋuit féin, go maḋ féidir leaċd breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ ar mo ṗobalsa, ós cionn a ndéarna mé ríġ ḋíot:

12 Do háontuiġeaḋ eagna agus éolus duit; agus do ḃéara mé saiḋḃrios duit, agus maóin, agus onóir, á leiṫéid naċ ḃfúair aon do na ríġṫiḃ do ḃí roṁad, agus naċ ḃfuiġe éanduine ad diáiġ a leiṫéid.

13 ¶ Ann sin ṫáinic Solaṁ ó náit áird do ḃí ann Gibeon go Hierusalem, ó laṫair ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus do ḃí na ríġ ós cionn Israel.

14 Agus do ċruinniġ Solaṁ carbuid agus marcṡlúaġ: agus do ḃí míle agus ceiṫre ċéad carbad aige, agus ḋá ṁíle ḋéag marcaċ, noċ do ṡuiḋiġ se a ccaiṫreaċaiḃ na ccarbad, a ḃfoċair an ríġ ann Ierusalem.

15 Agus ṫug an ríġ airgiod agus ór ann Ierusalem mar ċloċa, agus do rinne croinn cédair ann aṁuil croinn sicomoir noċ atá san ġleann air líonṁaireaċd.

16 Agus tugaḋ eiċ ċum Soluiṁ as an Négipt, agus snáṫ lín: do ġlacaidís ceannuiġṫe an ríġ an snáṫ ar a lúaċ.

17 Agus ṫugadar súas agus rugaḋ amaċ as an Négipt carbad air ċeann ṡé ċéad secel airgid, agus eaċ ar ċeann ċéad agus ċáogad: agus marsin ṫugadar léo eaċraiḋ do ríoġuiḃ na Hittiteaċ uile, agus do ríoġuiḃ na Síria, le na láiṁsion.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan