Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Ata maoiḋeaṁ um eolus, úṁla agus ġraḋ Dé, bunaiteaċ; maóiḋeaṁ um aoinní oile mealltaċ.

1 Oh, naċ uisgeaḋa mo ċeann, agus naċ tobar déur mo ṡúile, ċor go nguilfinn do ló agus doíḋċe ar son marḃ inġine mo ḋaóine!

2 Oh naċ ḃfuil agum annsa ḃfásaċ ionad cóṁnuiḋe luċt turuis; ċor go ḃfúigfinn mo ḋaoine, agus go nimeoċuinn úaṫa! óir is aḋaltrannuiġ íad uile, agus oireaċdas daóine meaḃlaċ.

3 Agus cláonuid síad a tteanga aṁuil a mbóġa ċum bréag: aċt ní ḃfuílid síad cróḋa ar son na fírinne ar an talaṁ; óir tíaġaid ar a naġaiḋ ó ólc go holc, agus ní feas dóiḃ misi, a deir an TIĠEARNA.

4 Tugaiḋse aire gaċ áon aguiḃ dá ċoṁarsoin, agus ná táoḃuiḋ re háoindearḃraiṫir ar biṫ: óir meallfuiḋ gaċ uile ḋearḃraṫair, agus siúḃoluiḋ gaċ áonċoṁarsa lé scannlaċaiḃ.

5 Agus meallfuid síad gaċ áon aca a ċoṁarsa, agus ní laiḃeoruid a nfírinne: do ṁúineadar dá tteangaiḋ bréaga do ráḋ, agus do ċoiriodar íad féin lé déanaṁ égceirt.

6 Atá háitreaḃ a lár na ceilge; díultuid misi daiṫniuġaḋ tré ṁeallaḋ, a deir an TIĠEARNA.

7 Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, leagfa mé íad, agus dearḃoċa mé íad; óir cred ḋéanas mé ar son inġine mo ḋaóine?

8 Atá a tteanga aṁuil soiġead caite amaċ; a deir sí cluáin: laḃruiḋ duine go síoṫċánta ré na ċoṁarsoin lé na ḃéul, aċt iona ċroiḋe cuiriḋ sé luiḋeaċán air.

9 ¶ Naċ ccuáirteoċa misi íad uime so? a deir an TIĠEARNA: naċ biáiḋ manam cúiteaċ ré na leiṫéid so do ċineaḋ?

10 Ar na sléiḃtiḃ tóigfiod súas golġáir agus gúḃa, agus ar son áitreaḃṫaċa a nfásuiġ caóineaḋ, do ḃríġ go ḃfuilid loisge, iondus naċ féidir dáon gaḃáil ṫársa, agus naċ ccluinid gúṫ na háirnéisi; do ṫeiṫ araon éunlaiṫ a naiéir agus an beaṫaċ; atáid ar nimṫeaċt.

11 Agus do ḋéana mé Ierusalem na cárnuiḃ, agus na húaṁuiġ ḋragún; agus do ḋéana mé caiṫreaċa Iúdah uáigneaċ, gan áitreaḃṫaċ.

12 ¶ Cía hé an duine críonna, do ṫuigfioḋ so? agus re ar laḃair béul an TIĠEARNA, ċor go ḃfoillseoċaḋ é, cred ar son a milltear an tír agus a loiscṫear í aṁuil fásaċ, naċ ḃféadann neaċ gaḃáil ṫríd?

13 Agus a deir an TIĠEARNA, Do ḃríġ gur ṫréigiodar mo ḋliġeaḋ noċ do ċuir mé as a ccoinne, agus nar úṁluiġeadar dom ġúṫ, agus naċ ar ṡiúḃluiġeadar ann;

14 Aċt gur ṡiuḃluiġeadar do réir smuáintiġṫe a ccroiḋe féin, agus a ndiáiġ Ḃaalim, noċ do ṁúin a naiṫre ḋóiḃ:

15 Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, biaṫfa mé íad, eaḋon an pobalso, le mormónta, agus do ḃéara mé uisge domblais ḋóiḃ ré a ól.

16 Sreaṫnoċa mé íad mar an ceéadna a measc na ngeinteaḋ, noċ nar ḃfeas dóiḃ féin ná dá naiṫriḃ: agus cuirfiḋ mé cloiḋeaṁ na ndiáiġ, nó go scriosfa mé íad.

17 ¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Measuiḋ, agus goiriḋ ar ṁnáiḃ caóinte, ċor go ttiucfuid síad; agus cuiriḋ fios ar ṁnáiḃ éolaċa, ċor go ttiucfuid siad:

18 Agus déindís deiṫnios, agus tógaidís caóineáḋ súas dúinn, go silid ar súile síos lé déoruiḃ, agus go lingid forrḋuḃa ar súl amaċ lé huisgeaḋuiḃ.

19 Oír do ċlos gúṫ caóinte amaċ as Sion, Ciondus atámaoid sladṫa! atámaoid air ar ndíoṫuġaḋ go mór, do ḃríġ gur ṫréigeamar an tír, do ḃríġ gur ṫeilgeadar ar náite amaċ sinn.

20 Giḋeaḋ éistiġ re gúṫ an TIĠEARNA, siḃsi a ṁná, agus glacaḋ ḃur cclúas focal a ḃéil, agus múiniġ cáoineaḋ dá ḃur ninġeanuiḃ, agus gaċ áon dá ċoṁarsoin núallġúḃa.

21 Oír ṫáinic an bás súas ċum ar ḃfuinnéog, agus do ċuáiḋ sé a steaċ ann ar bpálásuiḃ, do ġearraḋ na cloinne amaċ ón tsráid, agus na ndaóine óg ó na sráidiḃ.

22 Laḃair, Is marso a deir an TIĠEARNA, Eaḋon tuitfid cuirp na ndaóine aṁuil aóileaċ ar aġaiḋ an ṁaċaire, agus mar an ndornán a ndiáiġ an ḃúanniġe, agus ní crúinneoċuiḋ áon íad.

23 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:

24 Aċt an tí do ḋéanas glóir, glóruiġeaḋ annso, go ttuigionn sé agus go naiṫniġionn sé misi, gur mé an TIĠEARNA ċleaċtas cinéul gráḋaċ, breiṫeaṁnus, agus fíréantaċd, annsa talaṁ: óir is annsna neiṫiḃsi ḋúiliġim a deir an TIĠEARNA.

25 ¶ Féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona smaiċteoċa misi a nuile ṫimċillġéarrṫa maille ris an neiṁṫimċillġéarrṫa;

26 Egipt, agus Iúdah, agus Edom, clann Ammon, agus Móab, agus a núile ḋúine da ḃfuil annsna brúaċuiḃ imċíana, áitreaḃas annsa ḃfásaċ: óir atáid na cineaḋaċa uile neiṁṫimċillġéarrṫa, agus tiġ Israel uile gan tímċillġearraḋ annsa ccroiḋe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan